1 / 21

Obair dhian: torthaí maithe san Ardteistiméireacht

Obair dhian: torthaí maithe san Ardteistiméireacht. Pictiúr a hAon. Abairtí simplí do phictiúr a hAon. Bhí cruinniú ag Aoife in oifig an mhúinteora ghairmthreoraí. Bhí sé ar intinn ag Aoife ceimic a dhéanamh i nGaillimh. Bhí eolas ag teastáil uaithi.

aida
Télécharger la présentation

Obair dhian: torthaí maithe san Ardteistiméireacht

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Obair dhian: torthaí maithe san Ardteistiméireacht www.isfeidirleat.ie

  2. Pictiúr a hAon www.isfeidirleat.ie

  3. Abairtí simplí do phictiúr a hAon • Bhí cruinniú ag Aoife in oifig an mhúinteora ghairmthreoraí. • Bhí sé ar intinn ag Aoife ceimic a dhéanamh i nGaillimh. Bhí eolas ag teastáil uaithi. • Dúirt an múinteoir léi go mbeadh uirthi obair dhian a chur isteach mar bhí ceithre chéad phointe ag teastáil uaithi. www.isfeidirleat.ie

  4. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon • Bhí cruinniú ag Aoife leis an múinteoir gairmthreorach. • Dúirt sí leis an múinteoir go raibh eolas ag teastáil uaithi mar bhí sé ar intinn aici ceimic á déanamh i nGaillimh an bhliain i ndiaidh na hArdteistiméireachta. • Dúirt an múinteoir léi go mbeadh ceithre chéad phointe ag teastáil uaithi. • Bheadh obair na gcapall ag teastáil uaithi do phointí chomh hard leis sin. www.isfeidirleat.ie

  5. Pictiúr a Dó www.isfeidirleat.ie

  6. Abairtí simplí do Phictiúr a Dó • D’iarr Lisa ar Aoife ar mhaith léi dul ag siopadóireacht ar feadh tamaill an tráthnóna sin. • Dúirt Aoife léi go raibh brón uirthi mar bhí a lán obair bhaile le déanamh aici. • Ní raibh sí in ann dul. www.isfeidirleat.ie

  7. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Dó • Bhuail Aoife lena cara Lisa i ndiaidh scoile an lá sin. • D’iarr Lisa ar Aoife ar mhaith léi dul ag siopadóireacht an oíche sin. • Bhí comhairle an mhúinteora ghairmthreoraí fós ar intinn ag Aoife. • Dúirt sí le hAoife go raibh brón uirthi agus gur cheart di dul abhaile mar bhí a lán obair bhaile le déanamh aici. www.isfeidirleat.ie

  8. Pictiúr a Trí www.isfeidirleat.ie

  9. Abairtí simplí do phictiúr a Trí • Chuir Seán glao fóin ar Aoife. • Bhí sé ag iarraidh a fháil amach an raibh suim ag Aoife dul go dtí an phictiúrlann leis.Bhí an scannán ar siúl sa Savoy ar a hocht a chlog. • Dúirt Aoife go raibh brón uirthi mar bhí aiste fós le scríobh aici. www.isfeidirleat.ie

  10. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Trí • Chuir Seán glao fóin ar Aoife. Dúirt sé le hAoife go mbeadh scannán iontach ar siúl i bPictiúrlann an Savoy an oíche sin ar a hocht a chlog. • Cé go raibh suim ag Aoife dul ann dúirt sí go raibh brón uirthi le Seán. • Bheartaigh Aoife go mba cheart di an aiste sin a chríochnú • Smaoinigh sí ar an seanfhocal ‘an té a chuireann san earrach bainfidh sé san fhómhar’. www.isfeidirleat.ie

  11. Pictiúr a Ceathair www.isfeidirleat.ie

  12. Abairtí simplí do phictiúr a Ceathair • D’fhan Aoife ina seomra ag staidéar don deireadh seachtaine. • Bhí athair Aoife buartha fúithi. Cheap sé go raibh sos agus aer ag teastáil uaithi. • Cheap máthair Aoife gur cailín ciallmhar í. Ní raibh ann ach cúpla mí go dtí an Ardteistiméireacht dar léi. www.isfeidirleat.ie

  13. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Ceathair • D’fhan Aoife ina seomra ag obair go dícheallach don deireadh seachtaine. • B’annamh a thóg sí sos fiú. • Bhí athair Aoife buartha fúithi. Cheap sé go mbeadh sos agus aer úr ag teastáil óna iníon. • Cheap a máthair go mbeadh sí go breá. Ní raibh ach cúpla mí fágtha go dtí an Ardteistiméireacht agus ba chailín ciallmhar í Aoife dar léi. www.isfeidirleat.ie

  14. Pictiúr a Cúig www.isfeidirleat.ie

  15. Abairtí simplí do phictiúr a Cúig • Fuair Aoife ceithre chéad caoga pointe san Ardteistiméireacht. • Bhí sí ar mhuin na muice lena gráid. Bhí a teaghlach an-bhródúil aisti. • Bhí a torthaí iontach ar fad agus tuillte go maith aici. www.isfeidirleat.ie

  16. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Cúig • Tháinig lá na cinniúna ar deireadh thiar thall. • Bhí idir sceitimíní agus bhuairt ar Aoife nuair a bhí a torthaí á n-oscailt aici. • Bhí sí ar mhuin na muice nuair a fuair sí ceithre chéad caoga pointe. Ní raibh sí ag súil lena leithéid. • Dúirt mam go raibh sé iontach ar fad agus ba í an tuairim choitianta go raibh na gráid iontacha tuillte go maith aici. www.isfeidirleat.ie

  17. Pictiúr a Sé www.isfeidirleat.ie

  18. Abairtí simplí do Phictiúr a Sé • Fuair sí a rogha cúrsa. • Bhí clárú ar siúl an chéad mhaidin don eolaíocht. • Bhí sceitimíní uirthi go raibh sí ag déanamh eolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe ar dheireadh thiar thall. www.isfeidirleat.ie

  19. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Sé • Tháinig Mí Meán Fómhair go tapaidh agus ní raibh sé fada go raibh Aoife ag freastal ar a céad lá ag an ollscoil. • Bhí sí cineál neirbhíseach ag tosú amach ar an turas suimiúil spraíúil seo dá saol óg. • “Táim anseo ar deireadh” a smaoinigh sí léi féin. • Bhí uirthi clárú ar an gcéad mhaidin don chúrsa eolaíochta in Ollscoil na Gaillimhe. • ‘Tús maith leath na hoibre’ a bhí ag dul trína hintinn. www.isfeidirleat.ie

  20. Ceisteanna www.isfeidirleat.ie

  21. Ceisteanna Samplacha • Cén cúrsa a bhí ag teastáil ó Aoife sa chéad phictiúr? • Cén leithscéal a bhí ag Aoife i bPictiúr a Dó? • Cén cuireadh a fuair Aoife óna cara Seán i bPictiúr a Trí? • Céard a cheap athair Aoife faoin méid oibre a bhí á déanamh aici i bPictiúr a Ceathair? • Cé mhéad pointe a fuair Aoife i bPictiúr a Cúig? • Céard a bhí ar siúl ar an gcéad lá sa choláiste i bPictiúr a Sé? www.isfeidirleat.ie

More Related