1 / 9

Sraith 18

Sraith 18. Suíomh idirlíon Éadaí scoile Fón póca Siopa ceoil Os comhair Ag rince/damhsa Gradam An Ghaeltacht Turas Deireadh seachaine Raidió agus teilifís na meáin chumarsáide. Ciorcal cainte An trá ag imirt eitpheile cois trá/farraige Céilí Ag smaoineamh ag plé

awena
Télécharger la présentation

Sraith 18

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Sraith 18

  2. Suíomh idirlíon Éadaí scoile Fón póca Siopa ceoil Os comhair Ag rince/damhsa Gradam An Ghaeltacht Turas Deireadh seachaine Raidió agus teilifís na meáin chumarsáide Ciorcal cainte An trá ag imirt eitpheile cois trá/farraige Céilí Ag smaoineamh ag plé Ag labhairt as Gaeilge Cheap siad go raibh dualgas acu an Ghaeilge a chur chun cinn Tírghrá Gaeilge a chur chun cinn Gaeilge a neartú Foclóir

  3. Pictiúr 1 • Tá an sraith seo bunaithe ar An Ghaeilge-seoid luachmhar agus cuid dár gcultúr. • Bhí Niamh agus Liam ag siúl ar an mbóthar agus chonaic siad Siopa Ceoil. • Bhí siad brodúil nuair a chonaic siad fógra sa siopa as Gaeilge. • Chonaic siad a lán uirlisí traidisiúnta san fhuinneog. • Bheartaigh siad an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil.

  4. Pictiúr 2 • Sa dara phictiúr bheartaigh Niamh agus Liam taighde a dhéanamh ar an nGaeilge. • D’eagraigh siad turas chun na Gaeltachata agus chuir siad fógra ar facebook faoi. • D’oibrigh siad go dian ach bhí sceitimíní orthu. • Chaith siad cúpla uair ar líne ag déanamh taighde agus bhí áthas orthu ar deireadh.

  5. Pictiúr 3 • Sa phictiúr seo feicimid gach duine ar an turas chuig an Ghaeltacht. • Phléigh siad imeachtaí Ghaeilge. Bhí siad ag smaoineamh faoi na rudaí difriúla bainte le Gaeilge. Chaith siad an deireadh seachtaine ag damhsa ag an gcéilí. Bhain siad taitneamh as an gceol. Ansin d’imir siad cluiche eitpheile ar an trá. Bhí an ghrian ag spalpadh anuas orthu.

  6. Pictiúr 4 • Sa phictiúr seo feicimid na daltaí ag am lóin sa chiorcal cainte sa Ghaeilge. • Bhí na daltaí ag caint agus ag comhrá as Gaeilge le chéile. • Bhí beirt chailíní agus triúr buachaillí le chéile sa seomra. • Chaith siad go léir an éide scoile. • Bhí áthas orthu mar bhí siad ag tógaint sos ón obair scoile.

  7. Pictiúr 5 I bpictiúr a cúig tá buachaill ag éisteacht le podchraoladh ar raidió na gaeltachta. Bhí a chluasán ina chluasa aige agus d’éist se leis an raidió ar a fhón póca. D’fhéach na buachaillí ar TG4 ar an teilifís. D’fhoghlaim siad foclóir Gaeilge ón gclár. Labhair siad lena chairde gur fiú dóibh féachaint ar TG4.

  8. Pictiúr 6 Sa phictiúr deireanach bhí Liam agus Niamh ag labhairt leis an bpríomhoide. Bhuaigh siad gradam ón scoil mar rinne siad sár-iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn agus a neartú sa scoil agus sa cheantar. Bhí an príomhoide gléasta go proifisiúnta. Chaith na daltaí éadaí scoile. Bhí gach duine sásta agus brodúil.

  9. Ceisteanna • Cén teanga a bhíá labhairt acu? • Cén sort siopa a chonaic Niamh agus Liam. • Cá ndeachaigh siad ar turas • Cén sórt imeachtaí a rinne siad sa Ghaeltacht? • Cén sórt aimsire a bhí ann? • Cad a bhuaigh siad ar deireadh? • Cén bealach teilifíse atá ar an scaileán I bpictiúr 5?

More Related