1 / 41

Margaíocht na scoile lán-Ghaeilge. An tIdirchultúrachas agus an D átheangachas mar uirlisí margaíochta.

Margaíocht na scoile lán-Ghaeilge. An tIdirchultúrachas agus an D átheangachas mar uirlisí margaíochta. Kevin D e Barra Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Clár. Margaíocht Ghinearálta Modhanna Margaíochta Dátheangachas mar uirlis margaíochta

briallen
Télécharger la présentation

Margaíocht na scoile lán-Ghaeilge. An tIdirchultúrachas agus an D átheangachas mar uirlisí margaíochta.

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Margaíocht na scoile lán-Ghaeilge. An tIdirchultúrachas agus an Dátheangachas mar uirlisí margaíochta. Kevin De Barra Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

  2. Clár • Margaíocht Ghinearálta • Modhanna Margaíochta • Dátheangachas mar uirlis margaíochta • Idirchultúrachas mar uirlis margaíochta • Brandáil • Nuachtlitreacha

  3. Céard í margaíocht? • Is í margaíocht an próiseas a úsáidtear chun an domhan ina bhfeidhmímid a scrúdú – sé sin ár gcustaiméirí, ár n-iomaitheoirí, agus an tseirbhís atá á cur ar fáil againn.

  4. Céard í margaíocht? • Baineann margaíocht freisin le scrúdú a dhéanamh ar do chuid láidreachtaí agus do chuid laigí, chomh maith leis na deiseanna agus na bagairtí a bhaineann duit. • Caithfear bheith airdeallach i gcónaí ar na riachtanais atá ag do spriocmhargadh, agus an chaoi is fearr chun freastal a dhéanamh ar na riachtanais seo.

  5. Céard í margaíocht? • Baineann margaíocht le gach gné do shaol na scoile. • Ba cheart gach deis a thapú chun do scoil a chur chun cinn.

  6. An fiú bacadh le margaíocht? • Dul i bhfeidhm ar theagmhálacha nua • Lucht éisteachta nua a chothú • Teagmháil a athchothú le hiar-theagmhálacha • Tacaíocht an phobail a chothú • Idirdhealú brandála

  7. “Ní féidir liom margaíocht mhaith a dhéanamh ceal airgid” Ní gá airgead mór a chaitheamh chun margaíocht mhaith a dhéanamh agus torthaí ar ardchaighdeán a bhaint amach.

  8. 10 mBealach chun do scoil a chur chun cinn in aisce • Caint na nDaoine • Ríomhphost • Comharthaí • Colún – Céard atá ar siúl i do cheantar? • Nuachtlitreacha Áitiúla

  9. 10 mBealach chun do scoil a chur chun cinn in aisce • Nuachtáin (Náisiúnta agus Réigiúnda) • Raidió • Teilifís • Fógraí Seirbhísí Poiblí • Suíomhanna Idirlín

  10. Cumasc Margaíochta Traidisiúnta • Product - Táirge • Price - Praghas • Place - Áit • Promotion - Cur chun cinn • Packaging - Pacáistiú

  11. Cumasc Margaíochta do Sheirbhísí • Product - Táirge • Price - Praghas • Place - Áit • Promotion - Cur chun cinn • Process - Próiseas • People - Daoine • Physical Evidence - Fianaise Fhisiciúil

  12. Praghas Áit Táirge Cur chun cinn An Scolaíocht LánGhaeilge Próiseas Fianaise Fhisiciúil Daoine

  13. Oideachas Dátheangach • Go bunúsach, is oideachas trí dhá theanga atá i gceist, agus é mar aidhm go mbeadh dátheangaigh fheidhmeacha agus délitearthacha á gcruthú sa Ghaeilge agus sa Bhéarla roimh fhágáil na gaelscoile dóibh.

  14. An Dátheangachas mar Uirlis Margaíochta Buntáistí an Dátheangachais de réir taighde • Forbairt Chognaíoch • Solúbthacht intinne • Meabhraíocht Meitea-Theangeolaíoch • Goilliúnacht Chumarsáide • Neamhspleáchas Réim Radhairc

  15. Buntáistí an Dátheangachais • Cumarsáid a dhéanamh ar bhonn níos leithne. • Oscailteacht do litríocht, thraidisiúin agus smaointe difriúla. • Oscailteacht do chultúir eile. • Níos éasca teangacha eile a fhoghlaim. • Deiseanna fostaíochta níos leithne. • Ardchaighdeán oideachais a bhaint amach.

  16. Oideachas Idirchultúrtha • Céard é Oideachas Idirchultúrtha? - Oideachas is ea é a bhfuil meas aige ar normáltacht na hilghnéitheachta i ngnéithe uile de shaol an duine agus a dhéanann í a cheiliúradh agus a aithint. - Oideachas is ea é a chothaíonn comhionannas agus cearta daonna, a throideann i gcoinne na héagóra agus a chothaíonn na luachanna ar a dtógtar an comhionannas.

  17. An tIdirchultúrachas in Éirinn • Tá oideachas idirchultúrtha ann do gach dalta, is cuma cén eitneachas lena mbaineann siad. • Tá an t-oideachas idirchultúrtha ina ghné thábhachtach de thaithí oideachais gach dalta, bíodh an páiste ar scoil ina bhfuil ilghnéitheacht eitneach le sonrú, ar scoil atá mona-eitneach don chuid is mó, nó bíodh an páiste ag teacht ó chultúr atá ceannasach nó sa mhionlach.

  18. Buntáistí an Oideachais Idirchultúrtha • Spreagann sé fiosracht faoi éagsúlacht chultúrtha agus shóisialta. • Cuidíonn sé le samhlaíocht na ndaoine óga a fhorbairt trí éagsúlacht a normalú. • Cuidíonn sé le smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt trí chuidiú le daoine dearcadh ar a gcleachtais chultúrtha féin agus iad a cheistiú. • Cuidíonn sé le híogaireacht a fhorbairt sa dalta. • Cuidíonn sé le ciníochas a sheachaint.

  19. Eolas Tábhachtach faoin Idirchultúrachas • Foghraíocht cheart an ainm • A gcumais agus riachtanais teanga • Roinnt bunfhocal ina gcéad teanga, más féidir • A reiligiún, buntuiscint ar an mbealach ina gcleachtaíonn siad é • An bhfuil aon ábhar nach mbeidh an dalta sásta a roghnú

  20. An t-eolas ar cheart a bhailiú nuair a thagann dalta nua isteach sa scoil • Conas a deirtear ainmneacha an dalta agus a t(h)uismitheoirí i gceart? • Cén teanga(cha) atá ag an dalta, agus cén líofacht atá acu iontu? • Conas is féidir nathanna áirithe a rá i gcéad teanga an mhic léinn? • An bhfuil ábhair nach mbeidh á dtógáil ag an dalta agus cad a bheidh ar siúl acu ag na hamanna sin?

  21. An t-eolas ar cheart a bhailiú nuair a thagann mac léinn nua isteach sa scoil • An bhfuil aon chleachtais chultúrtha a d’fhéadfadh cur isteach ar idirghníomhaíocht sa seomra ranga? • An bhfuil gníomh ar bith, an eol duit, atá míbhéasach nó míchuí i gcultúr dúchais an dalta? • Conas a dhéanfar múineadh chultúr na scoile don dalta a láimhseáil? • Cén reiligiún atá ag an dalta, conas a chleachtaítear é, agus an bhfuil aon impleachtaí aige do phleanáil sheomra ranga? • An mbeidh nithe ar leith ar chóir a bheith ar an airdeall futhu: maidir le bia; seoda; éadach?

  22. Léiríonn pictiúr 1,000 focal.

  23. Brandáil • Is féidir le branda láidir pearsantacht na scoile a chur in iúl, trí luachanna, meon agus carachtar na scoile a chur os comhair an phobail. • Má fhorbraítear branda láidir trí na cainéil margaíochta ar fad atá ar fáil, cuirfidh sé sin le híomhá na scoile i measc an phobail.

  24. Brandáil • Teachtaireacht lárnach leanúnach • Má tá ábhair sheach-churaclaim á gcur ar fáil agaibh, ná fan in bhur dtost faoi! • Tapaigh gach deis!

  25. Ní mórán ama ná oibre a thógann sé Nuachtlitir ghairid snasta a chur le chéile.

  26. Feachtas Margaíochta • 1. Pleanáil • 2. Spriocanna a leagan amach • 3. An teachtaireacht a chur in iúl • 4. Feidhmiú • 5. Measúnú AISEOLAS

  27. 10 mBealach chun do scoil a chur chun cinn in aisce • Caint na nDaoine • Ríomhphost • Comharthaí • Colún – Céard atá ar siúl i do cheantar? • Nuachtlitreacha Áitiúla

  28. 10 mBealach chun do scoil a chur chun cinn in aisce • Nuachtáin (Náisiúnta agus Réigiúnda) • Raidió • Teilifís • Fógraí Seirbhísí Poiblí • Suíomhanna Idirlín

  29. Achoimre • Margaíocht Ghinearálta • Modhanna Margaíochta • Dátheangachas mar uirlis margaíochta • Idirchultúrachas mar uirlis margaíochta • Brandáil • Nuachtlitreacha

More Related