250 likes | 587 Vues
Próisis agus Patrún chóstaí agus tírghnéithe a ghabhann leo. Gearr cheisteanna. Tonnta. Borruisce - Swash : Nuair a bhriseann an tonn, is é a thugtar ar an uisce a shreabhann suas an trá ná Borruisce.
E N D
Próisis agus Patrún chóstaí agus tírghnéithe a ghabhann leo Gearr cheisteanna
Tonnta • Borruisce- Swash: Nuair a bhriseann an tonn, is é a thugtar ar an uisce a shreabhann suas an trá ná Borruisce. • Cúlchaise- Backwash: Bogann an Borruisce dríodar suas an trá. Is é a thugtar ar an uisce a shreabhann ar ais i dtreo na farraige ná an chúlchaise. Tarraingíonn an chúlchaise ábhar ón trá ar ais i dtreo na farraige. • Réim na toinne- Wave Range/Fetch: A thugtar ar fhad a thaistealaíonn an tonn san fharraige oscailte. • Tonn-athraonadh- Wave Refraction: a thugtar ar an bpróiseas leana gcasann tonnta agus lena n-athraíonn siad a dtreo agus iad ag déanamh ar an gcladach
Tonnta Tógála • Tonnta leibhéalta agus íseal • Tá an bhorruisce níos láidre ná an chúlchaise • Fágtar níos mó ábhair ar an trá na scuabtar ar ais chun na farraige. • Maothaíonn (soaks) cuid den uisce síos isteach sa ghaineamh. • De ghnáth tarlaíonn siad i rith an tsamhraidh
Tonnta Scriosacha • Fuinneamh Mór • Bristear go tapa iad • Déanann siad níos mó creimeadh ná sil-leagan. • Tá an chúlchaise níos láidre ná an bhorruisce agus baintear ábhar den trá dá bhrí sin. • Fágann níos mó tapa gan maothaíonn (soaks) uisce síos isteach sa ghaineamh. • De ghnáth tarlaíonn siad i rith an gheimhridh
Próisis an chreimthe • Gníomhú Hiodrálach- Hydraulic Action • Comhdhlúthú- Compression • Scríobhchaitheamh- Abrasion • Cnaí- Attrition • Tuaslagadh- Solution
Gníomhú Hiodrálach- • Is é atá sa ghníomhú hiodrálach ná fórsa na dtonnta agus iad ag bualadh go láidir agus go tréan an chósta. • Is éifeachtaí a bhíonn an gníomhú hiodrálach nuair a bhíonn plánaí cisealúcháin (bedding plane), siúntaí (joints)agus laigí (weaknesses) sna carraigeacha. Déantar scoilteanna a leathnú agus bristear ábhar a bhíonn ar lúsáilte.
Comhdhlúthú • Má bhíonn aer sáinnithe (stranded) ag na tonnta i bplánaí cisealúcháin agus i ngága (cracks) sna carraigeacha, déantar an t-aer sin a chomhdhlúthú(compressed). • Nuair a chúlaíonn na tonnta, leathnaíonn (expands) an t-aer go tapa. • Cuireann sé sin brú breise ar na carraigeacha agus tosaíonn na carraigeacha ag briseadh.
Scríobhchaitheamh • Nuair atá bolláin, méaróga agus gaineamh a theilgean(thrown) i gcoinne bhun an líne an chósta, tá na carraigeacha an chósta caite síos.
Cnaí- • Tarlaíonn seo nuair a bhuailtear mionphíosaí carraige i gcoinne a chéile go dtí go mbíonn cruth mín cruinn orthu (are rounded)
Tuaslagadh • Tarlaíonn seo nuair a bhíonn mianraí i gcarraigeacha atá measctha suas le uisce agus tuaslagadh siad agus in am tosaíonn an charraig ag briseadh suas.
Téann na nithe seo a leanas i bhfeidhm ar an ráta ag a dtarlaíonn creimeadh • Neart na toinne: Is féidir le suas le 25 tona (tonnes) de fórsa ar gach meadar cearnach a bheith ag tonnta stoirme • Cruth an imeallbhoird (shape of coastline) – Díríonn tonn-athraonadh formhór an fhuinneamh ar na rosanna (headlands) ar chósta aimhrialta (irregular) • Caitheamh an Chladaigh le fána: (Slope of Shore)- ar fánaí ísle (gentle slopes) briseann na tonnta píosa níos faide amach ón urthrá (offshore) agus cailleann siad go leor dá gcuid fuinnimh sula mbuaileann siad an t-imeallbhord. • Seasmhacht agus Déanamh na carraige: (Resistance and structure of rock). Is tapa a tharlaíonn creimeadh cósta nuair a bhíonn carraig frithsheasmhacht (resistant) ina luí ar charraig bhog mar shampla nuair a bhíonn gaineamhchloch ina luí ar sceall nó ar láibchloch.
Tírghnéithe de thoradh ar an gcreimeadh • Aillte Farraige agus cláir thonnghearrtha(Sea Cliffs and wave cut platforms) • Bánna agus rosanna(Bays and headlands) • Pluaiseanna mara, stuanna mara agus staca farraige (sea caves, sea arches and sea stacks) • Poll Séideáin (Blow Holes) • Aircín/Góilín (Inlets/Geos)
Obair le déanamh A) Déan próifíl le haghaidh tírghnéithe creimeadh eile: 1)Bánna, Rosanna, 2)Pluaiseanna Mara, stuanna Mara agus stáca farraige. (Lt.119-124) B)Déan ceisteanna 1 & 2 & 5 ar leathnaigh 135-136.
Próisis an iompair • Bogann gníomhú na dtonnta dríodar síos agus suas an trá le borruisce agus cúlchaise. • Bogtar dríodar ar feadh an chladaigh freisin- Síobadh feadh cladaigh (longshore drift).
Próisis Sil-leagan • Sil-leagan- Deposition • Síobadh feadh cladaigh – Longshore Drift • Tonnta tógála- Constructive Waves • Tonn-athraonadh – Wave Refraction • Dríodrú – Sedimentation
Sil-leagan • Méid an ábhair a shil-leagann an tonn ar bealach isteach ná an méid a scuabann an chúlchaise léi, de réir a chéile cruthaítear tírghnéithe as an ábhar a bhíonn fágtha ina diaidh aici.
Síobadh feadh cladaigh • Gluaiseacht tornáil d'ábhar ar feadh chósta. Tógann sé suas barraí, goba gainimh agus murlaigh agus mar thoradh ar an bhforbairt riasca goirt. (A zig-zag movement of material along a shore. It builds up bars, spits and lagoons and leads to the development of salt marshes.)
Tírghnéithe de thoradh ar shil-leagan • Tránna • Goba Gainimh agus tambalónna • Murlaigh agus Riasca Goirt
Obair Bhaile • Déan próifíl le haghaidh tírghnéithe sil-leagan eile: • Goba Gainimh agus tambalónna • Murlaigh agus Riasca Goirt • Déan ceisteanna 3 & 4 ar leathnaigh 135-136.