1 / 14

Hansel agus Gretel

Hansel agus Gretel. Múinteoir Aisling. Bhí buachaill agus cailín ann fadó. Hansel agus Gretel ab ainm dóibh. Chuaigh siad ag siúl sa choill lá amháin. Chuaigh Mamaí agus Daidí ag siúl sa choill fosta.

forest
Télécharger la présentation

Hansel agus Gretel

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Hansel agus Gretel Múinteoir Aisling

  2. Bhí buachaill agus cailín ann fadó. Hansel agus Gretel ab ainm dóibh. Chuaigh siad ag siúl sa choill lá amháin. Chuaigh Mamaí agus Daidí ag siúl sa choill fosta.

  3. Ansin, chonaic Hansel agus Gretel teach álainn. Rith siad go dtí an teach. Ní fhaca Mamaí ná Daidí iad ag rith. Bhí an teach go hálainn. Bhí líreacáin, seacláid agus criospaí le feiceáil. “Ó yum, yum,” arsa Hansel agus Gretel le chéile.

  4. “Dia daoibh, fáilte romhaibh,” arsa an chailleach ghránna. “Tar isteach, tar isteach hí, hí, hí!” “Beidh líreacáin agaibh. Beidh seacláid agaibh. Beidh criospaí agaibh.” “Ó go raibh míle maith agat,” arsa Hansel. “Ó go raibh míle maith agat, “ arsa Gretel.

  5. D’amharc Gretel ar an teach déanta as milseáin. “ Ó,” arsa Gretel, “Tá ocras an domhain orm, ba bhrea liom líreacán nó rud éigin atá deas blásta!” “Mise fosta,” arsa Hansel.

  6. Go tobann, rug an chailleach ghránna ar Hansel agus chuir sí Hansel bocht isteach sa chiseán.

  7. Hansel bocht, bhí sé ag caoineadh agus ag caoineadh. “Lig amach mé! Lig amach mé!, tá eagla orm,” arsa Hansel. Ach bhí plean uafásach ag an chailleach ghranna!

  8. Cupla lá ina dhiaidh sin, tháinig an chailleach go dtí an ciseán. “Tabhair dom do mhéar,” a dúirt sí. Ach níor thug Hansel a mhéar di. Thug sé cnámh sicín di. “Níl tú ramhar!, Tá tú tanaí go foill !!! Caithfidh tú níos mó a ithe!!!” a bhéic an chailleach ghránna.

  9. Lá amháin, bhí ocras an domhain ar an chailleach. “Iosfaidh mé Hansel inniu,” ar sise. Réitigh sí an tábla. Fuair sí scian agus forc. Fuair sí salann agus piobar. Dhruid sí a súile. “Mmm Mmm,” arsa an chailleach ghránna.

  10. Chuir sí póta ar an tine. Chuala Gretel an chailleach agus go tobann, bhrúigh Gretel an chailleach agus thit sí sa phóta. “Lig amach mé. Lig amach mé,” arsa an chailleach. Bhí sí te. Bhí sí an-te.

  11. Rith na páistí abhaile go gasta. Bhí áthas an domhain orthu. Bhí Mamaí agus Daidí sásta iad a fheiceáil slán sábháilte.

  12. Bhí gach duine sásta Hansel agus Gretel a fheiceáil ar ais sa bhaile leis an teaghlach s’acu. Bhí cóisir mhór acu.

  13. “Ó, a Mhamaí, tá brón orainn! Fanfaidh muid in aice leat amach anseo agus ní labhróidh muid le strainséirí arís!!” “Buiochas le Dia,” arsa Mamaí agus Daidí le chéile!

  14. An Deireadh Gaelscoil Phádraig Naofa

More Related