1 / 39

Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Naomh Bríd c. 453 – 525 A D. Críostaíocht. Págántacht. Cé gur shiombail den Chríostaíocht í Bríd anois, téann na scéalta fúithi siar go dtí aimsir na págántachta. Bandia págánach na torthúlachta, agus na filíochta ea ba í. Bhí an-bhaint aici freisin le huisce agus le leigheas galar.

jera
Télécharger la présentation

Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Naomh Brídc.453 – 525A D

  2. Críostaíocht Págántacht Cé gur shiombail den Chríostaíocht í Bríd anois, téann na scéalta fúithi siar go dtí aimsir na págántachta.

  3. Bandia págánach na torthúlachta, agus na filíochta ea ba í.

  4. Bhí an-bhaint aici freisin le huisce agus le leigheas galar. Ainmníodh a lán toibreacha in onóir Bríde.

  5. De réir traidisiúin ba iad Dubthach, fear uasal…. …agus Broicseach, sclábhaí a bhí ina dtuismitheoirí ag Bríd…

  6. Ciallaíonn an t-ainm Bríd ‘saighead lasánta’.

  7. Níor fhéad sí aon rud a ithe ach amháin bainne ó bhó na gcluas dearg a bhí tugtha di ag Draoi

  8. Lá amháin bhí Broicseach, máthair Bhríde amuigh ina carbad nuair thug sí faoi deara go raibh sí ar tí páiste a bhreith…

  9. Léim Broicseach dá carbad agus rith sí i dtreo a tí chun an páiste a bhreith….

  10. …ach sular éirigh léi dul isteach sa teach, rugadh a leanbh, Bríd, ar tháirseach an tí….

  11. Ciallaíonn sin go mbeadh baint ag Bríd le saol na críostaíochta(i. an teach/ séipéal) agus le saol na págántachta(i. an nádúr/ dúlra).

  12. Tá a lán scéalta faoi Bhríd ó aimsir na Críostaíochta.. De réir traidisiúin, chuaigh Bríd ar lorg píosa talún ó Rí Laighean i gcontae Chill Dara mar theastaigh uaithi clochar a thógáil.

  13. Dúirt an an taoiseach léi a clóca a chur síos agus aon talamh a bhí clúdaithe ag a clóca a thógáil

  14. Thosaigh an clóca ag fás agus ag fás agus tháinig eagla ar an Rí …faoi dheireadh dúirt sé le Bríd a raibh uaithi den talamh a thógáil dá clochar…

  15. fás an chlóca = fás líon na gcreidmheach Is cinnte gur scéal fáthchiallach é seo agus gurb ionann fás an chlóca agus fás an chreidimh sa tír

  16. Bhí an-ghrá ag Naomh Bríd do pháistí.

  17. Chuala sí go raibh amhais fhíochmhara ag ionsaí faoi shráidbhailte Laighean.

  18. Ár n-athair atá ar neamh go naofar d’ainm, go dtaga do ríocht… Théadh Naomh Bríd go dtí na sráidbhailte a bhíodh faoi ionsaí agus deireadh sí paidreacha ar son na bpáistí uile.

  19. Ár n-athair atá ar neamh go naofar d’ainm, go dtaga do ríocht… Fad is a bhíodh a paidreacha a rá ag Bríd ní bheadh na páistí le feiceáil. Ní stopadh Bríd lena paidreacha go dtí go mbíodh na hamhais go léir imithe. Sa tslí seo shábháladh sí na páistí óga ón bhás.

  20. Tá a lán scéalta draíochta maidir le Bríd… ..deirtear go raibh sí ábalta an níochán a chrochadh suas ar an tuar ceatha…

  21. Bail ó Dhia ort! Gurab amhlaidh duit, a Bhríd! ..deirtear freisin go raibh sí in ann labhairt leis na hainmhithe allta…

  22. ..fiú nuair nach raibh aon bhia sa teach bhí sé ar a cumas bord breá leis an mbéile is blasta a chur ar fáil i gcomhair cuairteoirí…

  23. ..agus tá creideamh fós ann i mbailte áirithe faoin tuath dá bhfágfá éadach nua gan smál amuigh ar sceach an oíche roimh lá Fhéile Bríde…

  24. ..tiocfaidh an Naomh i rith na hoíche agus beannóidh sí an t-éadach..

  25. ..dar le seanchas, bíonn cumhachtaí draíochta ag an éadach seo ar feadh bliana a bhronnfaidh sláinte, saibhreas agus saol sona ar an teaghlach go léir…

  26. Inniu….. ..ceiliúrann daoine lá Fhéile Bríde ar an gcéad lá de mhí na Feabhra...

  27. Téann creidmhigh gach bliain ar oilithreachtaí go toibreacha Bríde chun páidreacha a rá leis an Naomh….

  28. Téann líon mór síos go dtí Tobar Bríde i gContae an Chláir

  29. Téann siad timpeall an tobair naoi n-uaire

  30. Maidí siúil Carbhait agus ribíní Pictiúir agus cupáin Fágann daoine rudaí éagsúla ag an tobar….

  31. Maidí siúil Carbhait agus ribíní Pictiúir agus cupáin Bréagáin Bróga Fágann daoine rudaí éagsúla ag an tobar….

  32. Ólann siad an t-uisce beannaithe….

  33. Mar creideann siad go bhfuil…. …leigheas sa tobar …doras go domhan eile ann

  34. Cros Bhríde Bhí taoiseach págánach ag fáil bháis agus thug Bríd cuairt air. Shuigh sí taobh lena leaba agus thosaigh sí a rá páidreacha ar son an fhir bhreoite.

  35. Cros Bhríde Thóg Bríd roinnt luachra den urlár agus rinne sí cros astu.

  36. Cros Bhríde Cad é sin? D’oscail an fear tinn a shúile agus d’fhiafraigh sé de Bhríd cad ba chiall leis an chros…

  37. Cros Bhríde Mhínigh Bríd scéal faoi bhás Chríost ar an chros agus a aiséirí. Ansin bhaist sí an fear tinn sula bhfuair sé bás.

  38. Bás Bríde De réir staraithe áirithe bhí bean rialta stairiúil ann darbh ainm Bríd a fuair bás timpeall na bliana 525 A.D. De réir traidisiúin, tá Bríd, banéirleamh na hÉireann curtha in nDún Phádraig in aice le Naomh Pádraig

  39. Críoch

More Related