1 / 6

An Aimsir Láithreach 1

An Aimsir Láithreach 1. Féach ar an abairt ag bun an leathanaigh agus cuir líne faoi gach briathar atá san aimsir láithreach. Bí in ann a rá (1) cén pearsa atá i gceist agus (2) an bhfuil siad leathan nó caol! Féach: An chéad phearsa uatha aim / - im nó - aím / - ím (mé)

qabil
Télécharger la présentation

An Aimsir Láithreach 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Aimsir Láithreach 1 Féach ar an abairt ag bun an leathanaigh agus cuir líne faoi gach briathar atá san aimsir láithreach. Bí in ann a rá (1) cén pearsa atá i gceist agus (2) an bhfuil siad leathan nó caol! Féach: An chéad phearsa uatha aim / - im nó - aím / - ím (mé) An dara pearsa uatha ann / - eann nó - aíonn / - íonn (tú) An tríú pearsa uatha ann / - eann nó - aíonn / - íonn (sé, sí) An chéad phearsa iolra aimid / imid nó - aímid / - ímid (muid) An dara pearsa iolra ann / - eann nó - aíonn / - íonn (sibh) An tríú pearsa iolra ann / - eann nó - aíonn / - íonn (siad) Ceapaim go bhfuil an lá scoile níos faide i gCúba ná mar atá i dtíortha eile, tosaímid ar a hocht agus críochnaímid ar a ceathair a chlog, agus bíonn lón uair an chloig againn.

  2. An Aimsir Láithreach 2 Roghnaigh na deirí cearta ó leathanach 1 chun na briathra sna boscaí a scríobh amach i ngach pearsa. Bí cinnte: • Go roghnaíonn tú an deireadh oiriúnach don chéad agus don dara réimniú! • Nach ndéanann tú dearmad ar an riail ‘caol le caol agus leathan le leathan’!

  3. An Aimsir Láithreach Ceisteanna Cuir na focail agus na litreacha seo le chéile chun ceist a chumadh san aimsir láithreach: ceannaíonn lá An gach tú ceapaire g? __________________________________________________________ Féach ar an seicliosta thíos chun ceisteanna a chumadh san aimsir láithreach: • Tosaíonn an cheist le ‘An’. • Cuirtear urú ar an mbriathar tar éis ‘an’: ‘An dtiteann’. • Tagann an forainm díreach tar éis an bhriathair ‘An dtiteann tú?’ Cum ceisteanna leis na briathra seo anois: Ól Caith Bailigh Imigh

  4. An Aimsir Láithreach Freagraí An dtiteann sé go minic? Titeann / Ní thiteann. An ólann tú caife? Ólaim / Ní ólaim • Tugtar freagra leis an mbriathra céanna i gcónaí! • Úsáidtear ‘Ní’ chun an diúltach a chur in iúl. • Tagann séimhiú ar chonsan tar éis ‘Ní’ agus ní bhíonn aon athrú ar ghuta tar éis ‘Ní’.

  5. An Aimsir Láithreach Briathra Mírialta

  6. An Aimsir Láithreach Gníomhaíocht 1. Ithim ______________ don bhricfeasta. 2. Tagaim go dtí an scoil ________________. 3. Bíonn ________________ agam don lón. 4. Téim abhaile ar a __________________. 16.00 17.00 18.00 5. Féachaim ar _________________ tar éis na scoile. 6. Déanaim m’obair bhaile ar feadh ________________. uair an chloig dhá uair an chloig trí uair an chloig

More Related