1 / 9

Ag cabhrú timpeall an tí

Ag cabhrú timpeall an tí. I gceann tamaill, beidh tú ag éisteacht le hÓigí Ó Sé ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag cur síos ar a bheith ag cabhrú sa bhaile. Sula n-éisteann tú leis, bain triail as an gcleachtadh seo. Ag cabhrú timpeall an tí Réamhobair.

Télécharger la présentation

Ag cabhrú timpeall an tí

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Ag cabhrú timpeall an tí I gceann tamaill, beidh tú ag éisteacht le hÓigí Ó Sé ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag cur síos ar a bheith ag cabhrú sa bhaile. Sula n-éisteann tú leis, bain triail as an gcleachtadh seo...

  2. Ag cabhrú timpeall an tíRéamhobair Conas a déarfá na rudaí seo as Gaeilge? Scríobh i do chóipleabhar iad agus bí cúramach leis an litriú! cleaning: ____________________ washing: ____________________ drying: ____________________ tidying: ____________________ polishing: ____________________ sweeping: ____________________ setting the table: ____________________ putting things away: ____________________ making the bed: ____________________ ironing: ____________________ organising: ____________________ preparing: ____________________ peeling (glasraí): ____________________ boiling: ____________________

  3. Ag cabhrú timpeall an tíÉisteacht Éist le hÓigí agus freagair na ceisteanna seo: Cén fáth a mbeadh cabhair ag teastáil ó thuismitheoirí Óigí sa bhaile? Cé chomh minic a chóiríonn Óigí a leaba? Cathain is mó a bhíonn Óigí ag cabhrú ar an bhfeirm? An maith leis obair feirme? Cén míbhuntáiste a bhaineann le bheith ag obair le caoirigh?

  4. Abair ar shlí eile é... Ag cabhrú timpeall an tíIarphlé1 Cén chanúint atá ag Óigí? Conas atá a fhios agat? Luaigh cúis amháin. Deir Óigí rudaí cosúil le ‘Bíonn na háraistí le glanadh agus le triomú.’ Cén focal eile atá agatsa ar ‘áraistí’? Agus an ceann seo? ‘...téann siad tríd na fallaí.’ Cén focal eile atá agatsa ar ‘fallaí’?

  5. Ag cabhrú timpeall an tíScríobh (a) Tarraing na boscaí thíos i do chóipleabhar agus líon iad le do chuid tuairimí féin. Ní gá go mbeadh taithí phearsanta agat ar an bhfeirmeoireacht chun é sin a dhéanamh. (b) An bhfuil peata agat sa bhaile? Má tá, déan cur síos air. Mura bhfuil, abair ar mhaith leat peata a bheith agat nó nár mhaith agus cén fáth? Scríobh do chuid tuairimí i do chóipleabhar.

  6. Ag cabhrú timpeall an tíLéamh Déagóirí boga! Féach an méid atá le rá ag déagóir Éireannach faoi thuras a thug sí ar theaghlach sa Fhrainc: “Chaith mé trí seachtaine le teaghlach thall sa Fhrainc an samhradh seo caite agus bhí siad an-deas ar fad. Bhí buachaill ceithre bliana déag ann agus cailín sé bliana déag. Rud amháin a chuir iontas orm ná é seo: Ní dhearna na déagóirí sa teach rud ar bith. Rinne an mháthair an chócaireacht ar fad agus ba é an t-athair a nigh na gréithe – ní thugadh na leanaí na plátaí ón mbord go dtí an doirteal fiú amháin. Shuídís siar mar a bheadh prionsa agus banphrionsa ann agus ní deirtí rud ar bith leo. Agus dá bhfeicfeá na seomraí leapa a bhí acu! Bhí siad bréan salach agus éadaí caite ar fud na háite. Ó, is ea, tar éis dóibh cith a thógáil chaithidís na tuáillí ar an urlár agus is í an mháthair a phiocadh suas ina ndiaidh iad. Tá beagán imní orm mar beidh siad ag teacht go dtí mo theach féin i gceann cúpla seachtain agus níl aon slí go gcuirfidh mo mháthair ná m’athair suas leis sin! Beidh siad ag iarraidh ar na Francaigh gach rud a dhéanamh!”

  7. Ag cabhrú timpeall an tíIarphlé3 Pléigh na ceisteanna seo a éiríonn as an bpíosa Déagóirí Boga: An bhfuil tusa cosúil leis na déagóirí Francacha a bhí sa phíosa atá díreach léite agat? Cén tslí? Cén saghas polasaí atá agaibhse sa bhaile maidir leis an obair tí? Cé a dhéanann na jabanna éagsúla timpeall an tí? An dóigh leatsa go bhfuil saol níos éasca ag déagóirí anois ná mar a bhíodh? Cén fáth? An dóigh leatsa go bhfuil sé ceart nó mícheart go ndéanfadh déagóirí méid áirithe obair tí? Cén fáth?

  8. Ag cabhrú timpeall an tíIarphlé4 Cé chomh cabhrach is atá tú? Do scór: 1-3 Fíor: Níl tú róchabhrach ar chor ar bith, ná níl? Tarraing amach an folús ghlantóir ó am go chéile nó cuimil éadach den bhord anois is arís. Ní mharóidh sé tú! 4-6 Fíor: Níl tú olc, is dócha. Níl tú go hiomlán gan úsáid! Foghlaim cúpla scil nua agus beidh tú ar fheabhas ar fad. 7-10 Fíor: Bhuel, ní bheidh aon fhadhb agatsa nuair a fhágfaidh tú an baile! Beidh gach duine ag iarraidh a bheith ina gcónaí leatsa. Abair le duine éigin braon tae a dhéanamh duit – tá sé tuillte agat!

  9. Ag cabhrú timpeall an tíIarphlé5 Cuir na frásaí beaga thíos in abairtí lena mbrí a léiriú. Thuas staighre Thíos staighre Suas an staighre Síos an staighre Anuas an staighre Aníos an staighre Seo nod chun cabhrú leat: Nuair a thosaíonn an focal le ‘t’ ní bhíonn aon ghluaiseacht i gceist (e.g. thuas). Nuair a thosaíonn an focal le ‘s’ tá an duine ag dul áit éigin (e.g. suas). Nuair a thosaíonn an focal le ‘a’ tá an duine ag teacht ó áit éigin (e.g. anuas).

More Related