1 / 6

Cé leis a labhraíonn tú Gaeilge?

An Ghaeilge & mé féin Réamhobair. Cé leis a labhraíonn tú Gaeilge? Cuir in aice leis na daoine a leanas a labhraíonn tú Gaeilge leo, agus cuir in aice leis na daoine nach labhraíonn tú Gaeilge leo. Mo thuismitheoirí Mo dheirfiúracha & mo dheartháireacha Mo mhúinteoirí

talon
Télécharger la présentation

Cé leis a labhraíonn tú Gaeilge?

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Ghaeilge & mé féinRéamhobair Cé leis a labhraíonn tú Gaeilge? Cuir in aice leis na daoine a leanas a labhraíonn tú Gaeilge leo, agus cuir in aice leis na daoine nach labhraíonn tú Gaeilge leo. Mo thuismitheoirí Mo dheirfiúracha & mo dheartháireacha Mo mhúinteoirí Mo chairde ar scoil Mo chomharsana Na daoine a oibríonn sna siopaí áitiúla Mo chol ceathracha Cad atá ag an duine in aice leat?

  2. An Ghaeilge & mé féinÉisteacht 1 Éist le Ciarán ag caint agus freagair na ceisteanna seo: Cé leis a labhraíonn Ciarán Gaeilge? Cad a deir sé faoi Ghaeilge na ndaoine a thagann isteach sa teach tábhairne? Cad a deir sé faoi Ghaeilge a sheantuismitheoirí agus a thuismitheoirí? Cad a deir sé faoi na canúintí eile? An bhfuil sé bródúil as a bheith in ann Gaeilge a labhairt?

  3. An Ghaeilge & mé féinÉisteacht 2 Éist le hEoin ag caint agus freagair na ceisteanna seo: Cé leis a labhraíonn Ciarán Gaeilge? Cad a deir sé faoi Ghaeilge a thuismitheoirí? Cad a deir sé faoi na canúintí eile? An mbuaileann sé le daoine ó Ghaeltachtaí eile agus an dtuigeann sé iad? Cad a deir sé faoi na hábhair scoile ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge?

  4. An Ghaeilge & mé féinIarobair1 Féach ar an léarscáil agus scríobh isteach na canúintí atá coitianta sna ceantair éagsúla. CU: Canúint Uladh CC: Canúint Chonnachta CM: Canúint na Mumhan An labhraítear Gaeilge i dTuaisceart Éireann? Cén chanúint atá acu? Scríobh isteach na canúintí ar an scála thíos maidir le cé chomh deacair is atá siad, i do thuairim féin. Éasca Deacair

  5. An Ghaeilge & mé féinIarobair 2 Féach ar na slite seo chun how are you? a rá sna canúintí éagsúla. Cén chanúint lena mbaineann siad? Cén chaoi a bhfuil tú? Conas atá tú? Cad é mar atá tú? Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: Cén fáth a bhfuil leagan difriúil den bhriathar ‘tá’ sna samplaí? Déan liosta de nathanna cainte nó focail atá ar eolas agaibh ó na canúintí eile.

  6. An Ghaeilge & mé féinIarobair 3 Dúirt Ciarán go raibh sé an-bhródúil as Gaeilge a bheith aige. An bhfuil tú féin bródúil as Gaeilge a bheith agat? Thug Ciarán sampla d’am nuair a bhí sé an-bhródúil as Gaeilge a bheith aige – an cuimhin leat é? An féidir leat féin smaoineamh ar eachtra nó am nuair a bhí tú an-bhródúil as Gaeilge a bheith agat?

More Related