1 / 21

Lá spraoi san Ardchathair

Lá spraoi san Ardchathair. Pictiúr a hAon. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon. Bhí na daoine anseo ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhí an triúr ag cur fáilte roimh an Spáinneach darb ainm Ana. Bhí áthas an domhain ar gach duine mar bhí siad ag smaoineamh ar an lá sa chathair.

tirzah
Télécharger la présentation

Lá spraoi san Ardchathair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Lá spraoi san Ardchathair www.isfeidirleat.ie

  2. Pictiúr a hAon www.isfeidirleat.ie

  3. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon • Bhí na daoine anseo ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. • Bhí an triúr ag cur fáilte roimh an Spáinneach darb ainm Ana. • Bhí áthas an domhain ar gach duine mar bhí siad ag smaoineamh ar an lá sa chathair. www.isfeidirleat.ie

  4. Forbairt foclóra ar Phictiúr a hAon • Bhí sé déanach san oíche nuair a shiúil Ana isteach trí na doirse slándála in Aerfort Bhaile Átha Cliath. • Bhí sí tagtha ar deireadh thiar thall. • Seans go raibh an triúr a bhí ann a rá ‘Is fearr déanach ná choíche’ • Bhí chuile dhuine ríméadach agus bhí an bheirt chailín, Ana agus Caitríona, ag tnúth go mór leis an lá mór san Ardchathair. www.isfeidirleat.ie

  5. Pictiúr a Dó www.isfeidirleat.ie

  6. Abairtí simplí do Phictiúr a Dó • Bhí Caitríona agus Ana ar thuras bus ar fud na cathrach. • Bhí siad ina suí ar an dara hurlár de bhus dúbailte. • Bhí siad ag dul síos Sráid Uí Chonaill. Bhí an spíce agus Ardoifig an Phoist le feiceáil sa chúlra. www.isfeidirleat.ie

  7. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Dó. • Lá breá tirim a bhí ann agus bhí Caitríona agus Ana ag dul timpeall na cathrach ar thuras bus. • Bhí siad ag baint taitnimh as na radhairc agus as an atmaisféar. • Bhí an iliomad struchtúr nua-aoiseach agus foirgneamh seanaimseartha le feiceáil ar Shráid Uí Chonaill. • Tóg mar shampla Ardoifig an Phoist agus an spíce. • Tógadh go leor grianghraif de na radhairc stairiúla. www.isfeidirleat.ie

  8. Pictiúr a Trí www.isfeidirleat.ie

  9. Abairtí simplí do Phictiúr a Trí • Chuaigh siad go dtí Coláiste na Tríonóide. • Thóg siad turas timpeall an choláiste. Bhí an leabhar Cheanannais agus an leabharlann le feiceáil ann. • D’ith siad sa bhialann. www.isfeidirleat.ie

  10. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Trí • Bhí slua mór sa phictiúr seo ag siúl timpeall Choláiste na Tríonóide. • Is dócha go raibh siad ag iarraidh cuairt a thabhairt ar an Leabhar Cheanannais agus ar an Leabharlann Fhada. • Tá clú agus cáil ar an Leabhar Cheanannais ar fud an domhain. • Bhí Ana stiúgtha leis an ocras i ndiaidh na leabharlainne agus ba í sin an chúis a ndeachaigh siad isteach sa bhialann. www.isfeidirleat.ie

  11. Pictiúr a Ceathair www.isfeidirleat.ie

  12. Abairtí simplí do Phictiúr a Ceathair • Thug an bheirt acu cuairt ar Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh. Chonaic siad a lán staire ann. • Ina dhiaidh sin chuaigh siad go dtí an Staid Aviva. Ansin, ar aghaidh leo go dtí Gairdín na nAinmhithe. • Tar éis é sin chuaigh siad ar aghaidh go dtí Caisleán Bhaile Átha Cliath. www.isfeidirleat.ie

  13. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Ceathair. • Thug an bheirt acu cuairt ar Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh. Bhí an áit lán le stair shuimiúil, spéisiúil an Chumainn Lúthchleas Gael. • Ar aghaidh leo ansin go dtí an Staid Aviva. Ba staid nua í a bhí díreach nuathógtha le háiseanna den chéad scoth. • Shiúil siad timpeall Ghairdín na nAinmhithe ina dhiaidh sin. Bhí bláthanna agus plandaí de gach saghas le feiceáil. • Ansin stop siad ag Ardeaglais Naomh Phádraig. www.isfeidirleat.ie

  14. Pictiúr a Cúig www.isfeidirleat.ie

  15. Abairtí simplí do Phictiúr a Cúig • Stop an bheirt bhan ag bialann darb ainm Burkes agus d’ith siad béile deas. • Bhí ocras agus tuirse orthu faoin am seo. Bhain siad taitneamh as a scíth a ligean. • I ndiaidh an bhéile lean siad ar aghaidh ag siopadóireacht ar Shráid Ghrafton. www.isfeidirleat.ie

  16. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Cúig • Bhí an bheirt bhan mharbh ar a gcosa agus spíonta amach nuair a shroich siad an bhialann. • Bhain siad an-taitneamh as an seans a scíth a ligean agus béile deas a bheith acu. • Bhí siad stiúgtha leis an ocras agus mar a deir an seanfhocal ‘is maith an t-anlann an t-ocras’. • Leanadh ar aghaidh leis an tsiopadóireacht i ndiaidh an bhéile ar Shráid Ghrafton. • Bhí siad millte leis an rogha fhairsing siopaí a bhí ar an tsráid sin. www.isfeidirleat.ie

  17. Pictiúr a Sé www.isfeidirleat.ie

  18. Abairtí simplí do Phictiúr a Sé • Bhí sé a cúig chun a hocht nuair a shroich na cailíní Amharclann na Mainistreach. • Bhí The Field le John B Keane ag tosú ar a hocht a chlog. • Cheannaigh siad na ticéid ag an Deasc Ticéad agus d’fhág siad na cótaí i Seomra na gCótaí. www.isfeidirleat.ie

  19. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Sé • Cuireadh deireadh leis an lá le cuairt a thabhairt ar Amharclann na Mainistreach. • Bhí sé cúig chun a hocht agus chuile sheans go raibh an dráma The Field le John B Keane le bheith ag tosú ar a hocht a chlog. • Ceannaíodh na ticéid ag an Deasc Ticéad agus fágadh na cótaí i Seomra na gCótaí. • Ba dheireadh síochánta suaimhneach é do lá scléipeach gníomhach. www.isfeidirleat.ie

  20. Ceisteanna www.isfeidirleat.ie

  21. Ceisteanna Samplacha • Meas tú cén chaoi a raibh Ana ag mothú nuair a tháinig sí tríd an doras ag an aerfort i bPictiúr a hAon? • Céard a bhí le feiceáil ar chúl Phictiúir a Dó? • Ainmnigh an dá staid ar thug siad cuairt orthu i bPictiúr a Ceathair? • Meas tú an raibh siad ag baint taitnimh as an mbéile i bPictiúr a Cúig? Cén fáth? • Céard a bhí ar siúl san Amharclann i bPictiúr a Sé? • Céard a bhí scríofa ar an dá chomhartha a bhí ar dheis i bPictiúr a Sé? www.isfeidirleat.ie

More Related