1 / 7

Bláth na hóige Réamhobair

Bláth na hóige Réamhobair. I gceann tamaill, beidh tú ag éisteacht le múinteoir ag cur síos ar an saghas duine a bhí ann nuair a bhí sé ina dhéagóir. Ach ar dtús féach ar an rann seo: Fiche bliain ag fás Fiche bliain faoi bhláth Fiche bliain ag meath

vivian
Télécharger la présentation

Bláth na hóige Réamhobair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Bláth na hóige Réamhobair I gceann tamaill, beidh tú ag éisteacht le múinteoir ag cur síos ar an saghas duine a bhí ann nuair a bhí sé ina dhéagóir. Ach ar dtús féach ar an rann seo: • Fiche bliain ag fás • Fiche bliain faoi bhláth • Fiche bliain ag meath • Agus fiche bliain gur cuma ann nó as. • Cén bhrí atá leis an seanrann thuas? • Pléigh líne ar líne é leis an duine in aice leat agus abraigí pé acu an aontaíonn sibh leis an teachtaireacht atá i ngach líne. Tugaigí cúiseanna le bhur bhfreagra.

  2. Bláth na hóige Éisteacht 1 Éist le Donncha Ó Céileachair ag rá cén saghas duine ba ea é agus é ina dhéagóir agus freagair na ceisteanna seo: • An bhfuil Donncha an-difriúil anois mar dhuine ná mar a bhí sé agus é ina dhéagóir? Tabhair samplaí chun tacú le do fhreagra. • Cad a deir sé faoi Bob Dylan agus na Rolling Stones? • An raibh gruaig fhada ar Dhonncha nuair a bhí sé ina dhéagóir? • Cén saghas stíl éadaí a bhí comónta ag an am? • Cad iad na rudaí a raibh spéis ag Donncha iontu ag an am (bhí póstaeir aige fúthu)? • Cén chomhairle saoil a bhí ag an bhfear i Londain do Dhonncha?

  3. Bláth na hóige Éisteacht 2 Éist le Donncha don dara babhta agus aimsigh an leagan Gaeilge a úsáideann sé ar na focail/frásaí seo: • cheery: ___________________ • ...as I was once: ___________________ • hope: ___________________ • the charts: ___________________ • a particular time period: ___________________ • we were really into them: ___________________ • design: ___________________ • revolutionary: ___________________ • we felt we could relate to them: ___________________ • there was no harm in it: ___________________

  4. Bláth na hóige Iarobair 1 Líon isteach na boscaí thíos le heolas a bhaineann leat féin agus le d’aoisghrúpa. An bhfuil sé deacair ort rudaí áirithe a rá as Gaeilge le cur sna boscaí thíos? Má tá, bígí ag obair orthu le chéile mar rang le treoir an mhúinteora.

  5. Bláth na hóige Iarobair 2 • Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: • An bhfuil cúrsaí faisin tábhachtach duitse? Cén fáth? • An bhfuil sé tábhachtach duit cá gceannaíonn tú do chuid éadaí nó an cuma leat cén lipéad atá orthu? • Deirtear go mbíonn a lán brú ar dhaoine óga ó thaobh íomhá choirp de. An síleann tú go mbraitheann tusa agus do chomhaoisigh an brú sin? • Cad as a dtagann an brú ó thaobh íomhá choirp de, i do thuairim féin? • An síleann tú gur cheart go mbeadh cosc ar irisí aerphéinteáil (airbrushing) a dhéanamh ar na mainicíní / réaltaí a bhíonn iontu? Cén fáth?

  6. Bláth na hóige Iarobair 3 • A: Féach ar na seanfhocail seo. Cén chiall a bhaineann tú astu? Agus cathain, dar leat, a d’úsáidfeá iad? • Ní féidir ceann críonna a chur ar cholainn óg. • Is í an chiall cheannaithe an chiall is fearr. • Is breá an ní an óige ach ní thagann sé faoi dhó. • Cuir síoda ar ghabhar ach is gabhar i gcónaí é. • Is maith an scáthán súil charad. • Maireann croí éadrom i bhfad. • B: Ó sheanfhocail go focail nua - an dtuigeann tú an • téarmaíocht thíos a bhaineann le haois? • Idirdhealú ar bhonn aoise • Aosoideachas • Teorainn aoise • Aois toilithe

  7. Bláth na hóige Scríobh • Scríobh litir chugat féin a léifidh tú nuair a bheidh tú sna tríochaidí. Sa litir bíodh comhairle agat duit féin ó thaobh dearcadh ar an saol de agus conas mar ba cheart duit bheith ag caitheamh do shaoil. Bíodh na rudaí seo i d’aigne agat agus tú á scríobh: • An saghas saoil a bheifeá ag súil a bheidh á chaitheamh agat agus tú sna tríochaidí. • Na rudaí atá bainte amach agat go dtí seo. • An saghas duine tú (tá súil agat!). • Frásaí úsáideacha: • Tá súil agam go... • Ná déan dearmad... • Pé rud a dhéanfaidh tú ná bí...

More Related