1 / 6

In am Íosa

Bunaithe ar Beo go Deo 3 : Téarma 1, Ceacht 7 Téacs an Mhúinteora lgh. 63-73 Cad atá fúm a dhéanamh? Cabhrú leis na páistí aithne a chur ar Íosa na staire a d’fhás aníos, a mhair agus a d’oibrigh taobh istigh de chultúr na nGiúdach. Cén fath?

aulii
Télécharger la présentation

In am Íosa

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Bunaithe ar Beo go Deo 3: Téarma 1, Ceacht 7 Téacs an Mhúinteora lgh. 63-73 Cad atá fúm a dhéanamh? Cabhrú leis na páistí aithne a chur ar Íosa na staire a d’fhás aníos, a mhair agus a d’oibrigh taobh istigh de chultúr na nGiúdach. Cén fath? Le go bhfoghlaimeoidh na páisti faoin gcomhthéacs stairiúil agus cultúrtha inar mhair Íosa agus teacht ar bhuntuiscint ar an Ionchollú dá bharr. In am Íosa

  2. D’fhás Íosa i mbaile beag darbh ainm Nazarat. Ní raibh aon leictreachas ann ag an am sin. Ní raibh teilifís nó ríomhaire nó gluaisteán ar bith ann! Bhíodh asail ag cuid de na daoine agus bhíodh capaill ag cuid de na daoine a bhí saibhir.

  3. Ní raibh na tithe cosúil leis na tithe atá againn inniu. Ní raibh simléar acu agus bhíodh an díon ar aon leibhéal! Ní bhíodh ach seomra amháin roinnte ina dhá leath sna tithe. Uaireanta bhíodh na daoine ina gcónaí ar thaobh amháin den seomra agus na hainmhithe ina gcónaí ar an taobh eile!

  4. Choinníodh na feirmeoirí agus na hiascairí a gcuid uirlisí ar an díon. (Sa phictiúr i leabhar na bpáisti, tá tál i láimh Íosa.)

  5. Chuireadh na mná na héadaí ar an díon chun triomú faoin ngrian. Nuair a bhíodh sé an-te, chodlaíodh na fir amuigh ar an díon. Bhíodh an staighre taobh amuigh den teach agus théadh na daoine suas staighre go dti an díon. Dhéanadh na mná an chócaireacht san oigheann a bhíodh taobh amuigh den teach freisin.

More Related