1 / 5

Comhfhocail

Comhfhocail . An séimhiú mar ‘ghliú’ Nuair a nasctar dhá fhocal le chéile sa Ghaeilge chun focal nua a dhéanamh, go minic bíonn séimhiú ag teastáil chun iad a ‘cheangal’ dá chéile. Mar shampla: Comh + focail: comh fh ocail Sean + máthair: sean mh áthair Oll + margadh: oll mh argadh.

bonnie
Télécharger la présentation

Comhfhocail

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Comhfhocail An séimhiú mar ‘ghliú’ Nuair a nasctar dhá fhocal le chéile sa Ghaeilge chun focal nua a dhéanamh, go minic bíonn séimhiú ag teastáil chun iad a ‘cheangal’ dá chéile. Mar shampla: Comh + focail: comhfhocail Sean + máthair: seanmháthair Oll + margadh: ollmhargadh

  2. Comhfhocail Cleachtadh Nasc na focail seo le chéile chun focal nua a chruthú agus abair cad is brí leis na focail a bheidh cumtha agat. • Comh + brón: ___________________ • Máthair + teanga: ___________________ • Geal + gáireach: ___________________ • Ríomh + post: ___________________ • Aois + grúpa: ___________________ • Mí + tuiscint: ___________________ • Gnáth + caite: ___________________ • Gnáth + saol: ___________________ • Dá + teangach: ___________________ • Tré + dearcach: ___________________

  3. Comhfhocail Ná déan dearmad nach féidir séimhiú a chur ar litreacha áirithe – l, n, r – ná ar ghutaí - agus sin an fáth nach bhfuil séimhiú in úsáid sna comhfhocail seo: Cóipleabhar (cóip + leabhar) Comhréir (comh + réir) Comhnascadh (comh + nascadh) Gariníon (gar + iníon)

  4. Comhfhocail Tá cúis amháin eile ann nach mbeadh séimhiú á úsáid mar ‘ghliú’ idir focail agus an chúis sin ná na ‘dentals’. Is éard atá i gceist leis na ‘dentals’ ná na litreacha: d, n, t, l, s An riail ná – má chríochnaíonn focal amháin le dental agus má thosaíonn an chéad fhocal eile le dental ní féidir séimhiú a chur ar an dara ceann! Aimsigh na dentals sna comhfhocail seo: • Ardteist • Mionteanga • Indíreach • Seanduine • Ilteangach An féidir leat smaoineamh ar shamplaí eile?

  5. Comhfhocail Bí cúramach... Nuair a chloiseann daoine an riail faoi na dentals den chéad uair ceapann siad gurb í an riail ná nach féidir séimhiú a chur ar na litreacha ‘d, n, t, l, s’. Ach ní hí sin an riail! An riail ná: “Má tá dhá cheann de na litreacha d, n, t, l, s, díreach i ndiaidh a chéile, ní féidir séimhiú a chur ar an dara ceann.” e.g. Ardteist

More Related