1 / 44

Scannán

Cáca Milis. Scannán. le Brian Lynch. Tagann bean óg i gcarr go dtí stáisiún le seanbhean bhacach chráite…. ..crá, crá, crá.. Cá bhfuil sí?... crá, crá, crá…. Tiocfaidh sí.. ..ní mór dom imeacht!. Catherine is ainm di agus níl sí pioc sásta….

eron
Télécharger la présentation

Scannán

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Cáca Milis Scannán le Brian Lynch

  2. Tagann bean óg i gcarr go dtí stáisiún le seanbhean bhacach chráite… ..crá, crá, crá.. Cá bhfuil sí?... crá, crá, crá…. Tiocfaidh sí.. ..ní mór dom imeacht!

  3. Catherine is ainm di agus níl sí pioc sásta… ..crá, crá, crá.. Caithfidh mise imeacht!... crá, crá, crá…. Ní féidir! Caithfidh tú fanacht!

  4. ..crá, crá, crá.. beidh tú sa bhaile le haghaidh tae?... crá, crá, crá…. Nach mbím i gcónaí?…

  5. Ní fada go dtagann an banaltra a bheidh ag tabhairt aire don mháthair mhíchumasaithe Catherine fad is a bheidh sí as baile.

  6. Togha! Feicfidh mé tráthnóna thú! Cén chaoi ‘bhfuil sí?

  7. Tá suaimhneas ar Catherine faoi dheireadh…

  8. agus tá sí ar tí a leabhar a léamh….

  9. …nuair a thagann fear dall isteach sa charráiste.. An bhfuil tú ag dul i bhfad?

  10. Níl fonn ar Catherine an fear a fhreagairt… ach freagraíonn as dea-bhéas… Cúpla stad eile.

  11. …baineann sé úsáid as ionanálaitheoir…

  12. …tógann an fear mála páipéir amach… Ar tháinig siad leis an chaife fós?

  13. Leanann Catherine ar aghaidh ag léamh… Níor tháinig..

  14. An bhféadfá dul síos agus cupán caife a fháil domsa… ní maith liom siúl ar an traein.

  15. Ní fhreagraíonn Catherine. Leanann sí ar aghaidh ag léamh a leabhair…

  16. Beidh cupán caife le mo cháca agam Cén dath atá ar mo cháca? Céard?

  17. Cén dath atá ar mo cháca? ..bándearg..

  18. Bíonn siad ag iarraidh bob a bhualadh orm uaireanta!

  19. Leanann an fear dall ag caint.. Bla, bla, bla..

  20. De réir dealraimh tá cónaí ar an fhear dall lena mháthair a bhfuil caravan aici cois trá. Insíonn sé do Catherine go bhfuil ceann de na cásanna is measa riamh den asthma air agus dá bhrí sin tugadh agallamh dó ar an raidió uair. Tá an fear dall saghas bródúil ar shlí aisteach as a asthma ainsealach.

  21. Ach níl suim dá laghad ag Catherine ina bhfuil le rá aige. Tá a shíorchaint ag cur isteach uirthi.

  22. Táim ag iarraidh mo leabhar a léamh…

  23. Ansin tosaíonn an dall ag maíomh as a eolas ar a bhfuil le feiceáil trí fhuinneog an charráiste. Cuir ceist ar bith orm! Céard?

  24. Cuir ceist orm faoi céard atá le feiceáil taobh amuigh den fhuinneog!

  25. Céard tá le feiceáil amach sa bhfuinneog?

  26. Déanann an fear cur síos cruinn ar a bhfuil le feiceáil taobh amuigh d’fhuinneog na traenach.

  27. Céard faoin loch? Loch? Cén loch? Tá loch mór millteach ann!

  28. Tagann míshuaimhneas agus imní ar an dall. Ní fhéadfadh sé bheith ceart! Níl Loch ann! Tá. Agus báid!

  29. …baineann sé úsáid as ionanálaitheoir arís…

  30. Ansin tagann freastalaí traenach le caife…

  31. Iarrann an dall ar Catherine an siúcra a chur ina chaife… ceithre cinn. Cuir an siúcra sa chaife dom. Tá sé deacair ormsa.

  32. Ní dhéanann Catherine ach féachaint air

  33. …filleann an dall ar ais ar théama an locha…. Ní thuigim.. loch mór? Millteach mór

  34. Ansin tosaíonn an fear dall ag ithe an cháca mhilis ar bhealach gránna déistineach…

  35. Tá an iomarca den cháca milis don dall…. mar sin tairgeann sé é a roinnt le Catherine…. Ar mhaith leat cuid de? Níor mhaith.

  36. Tugann Catherine faoi deara go bhfuil néal codlata ag teacht ar an dall… go tobann deir sí.. Tá péist ann! Céard? Feicim péist sa cháca.

  37. Tá uafás ar an dall agus tagann líonrith air… Ní féidir… níor bhlais mé aon rud… agus mé á ithe! Tá dealramh air… gur baineadh plaic as.

  38. Tagann taom ainsealach den asthma ar an dall. Péist.. Ní feidir! B’fhéidir nár ith sé ach cáca agus gur blas cáca a bhí air…

  39. Lorgaíonn an dall a ‘inhaler’ atá ar an mbord… Inhaler?!!

  40. ach tógann Catherine an ‘inhaler’ suas as aice an daill.

  41. Nuair is léir do Catherine nach bhfuil neart a thuilleadh ag an dall cuardach a dhéanamh, cuireann sí an ‘inhaler’ ar ais gar dá lámh arís.

  42. …fágann Catherine an traein gan trua gan taise…

  43. …fad is a fhaigheann an fear dall bás sa charráiste traenach.

  44. Críoch

More Related