1 / 7

Bunscoil vs. Meánscoil

Bunscoil vs. Meánscoil. Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol sa bhunscoil agus an saol sa chéad bhliain sa mheánscoil. Sula n-éisteann tú leis, tabhair faoin gcleachtadh seo a leanas.

livi
Télécharger la présentation

Bunscoil vs. Meánscoil

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Bunscoil vs. Meánscoil Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol sa bhunscoil agus an saol sa chéad bhliain sa mheánscoil. Sula n-éisteann tú leis, tabhair faoin gcleachtadh seo a leanas...

  2. Bunscoil vs. Meánscoil réamhobair Cuir ar fáil a mhalairt de rud thíos... Sampla: níos mó / níos lú 1. níos fearr/ níos ...? 2. níos deacra/ níos ...? 3. níos faide / níos ...? 4. níos suimiúla / níos ...?

  3. Bunscoilvs. MeánscoilÉisteacht Éist le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, agus aimsigh freagraí na gceisteanna seo a leanas: • Cé mhéad duine a bhí i mbunscoil Phádraig, ar an iomlán? • Cé mhéad duine a bhí sa rang in éineacht leis sa bhunscoil? • Cé mhéad duine atá sa rang in éineacht leis sa mheánscoil anois? • Cad iad na rudaí a bhraitheann Pádraig uaidh ón mbunscoil? • Cad nach bhfuil cead ag an gcéad bhliain a dhéanamh fós? Cad a dhéanann Pádraig agus a chairde ina ionad?

  4. Bunscoil vs. Meánscoil Iarphlé 1 I do chás féin, an bhfuil na rudaí seo a leanas níos fearr nó níos measa sa mheánscoil ná mar a bhí sa bhunscoil? 1. cairde 2. múinteoirí 3. an t-atmaisféar sa scoil 4. na háiseanna atá sa scoil 5. an cleachtadh agus an spraoi An mbraitheann tú aon rud uait ón mbunscoil? Cad é? Braithim uaim... Ní bhraithim uaim...

  5. Bunscoil vs. Meánscoil Iarphlé2 Conas a deir tusa é? Bíonn difríochtaí sna canúintí go minic sa Ghaeilge. An bhfuil slite eile agatsa chun na rudaí seo a rá? “An babhta deireanach...” “Sin difríocht millteach ar fad..” “Sinne na leanaí óga atá sa scoil.” “Bíonn siad thíos faoin mbaile.” “Cluiche caide”

  6. Bunscoil vs. MeánscoilIarphlé3 Úsáideann Pádraig an focal ‘dheara’... agus é ag caint (mar a úsáideann gach cainteoir i gCorca Dhuibhne). Cén ról atá ag an bhfocal ‘dheara’ sa chaint? Do mhuintir na nGaeltachtaí eile agus na nGaelscoileanna: An bhfuil leagan eile den bhfocal ‘dheara’ i do chanúint áitiúil féin? Cad é?

  7. Bunscoil vs. MeánscoilIarphlé4 Earráid chomónta! Is minic a chloisfeá foghlaimeoirí Gaeilge ag rá ‘an dara bhliain’. Ta sé sin mícheart! Ceapann siad toisc go ndeirtear ‘an chéad bhliain’ gur cheart dóibh séimhiú a chur ann. Ní mar sin atá. Cad é an rud ceart, mar sin? Pléigh leis an duine in aice leat conas na rudaí seo a rá i gceart: First year Second year Third year Fourth year Fifth year Sixth year

More Related