1 / 7

Brú Sóisialta Réamhphlé 1

Brú Sóisialta Réamhphlé 1. Bí ag obair leis na daoine i do ghrúpa agus féachaigí ar na fíricí seo thíos. Ansin pléigí na ceisteanna ar an gcéad sleamhnán eile.

Télécharger la présentation

Brú Sóisialta Réamhphlé 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Brú Sóisialta Réamhphlé 1 • Bí ag obair leis na daoine i do ghrúpa agus féachaigí ar na fíricí seo thíos. Ansin pléigí na ceisteanna ar an gcéad sleamhnán eile. • Tá na fíricí bunaithe ar shuirbhé a rinneadh sna Stáit Aontaithe faoin tionchar atá ag na gréasáin shóisialta ar chaidrimh i saol déagóirí. • Baineann 80% de dhéagóirí (idir 13 bliana – 17 mbliana) úsáid as suíomhanna na meán sóisialta. • Deir 34% de chailíní agus 16% de bhuachaillí go dtagann siad trasna iompar gáirsiúil, iompar nach maith leo, ar líne. • Admhaíonn 46% de dhéagóirí go bhfuil tionchar ag nósanna na suíomhanna sóisialta ar aon chaidreamh grá a bhíonn acu, is é sin go mbíonn daoine ag súil le nósanna áirithe i gcaidreamh toisc na nósanna a chruthaítear anois ar líne. • Léiríonn gach duine anois cad a dhéanann siad lena ngrá geal ar líne agus tá brú áirithe ag baint leis sin. • Ní chuireann daoine ach grianghraif dheasa dóibh féin agus eolas maith fúthu féin in airde ar na suíomhanna sóisialta agus cuireann sé sin brú ar dhaoine a bheith inchurtha le daoine eile.

  2. Brú Sóisialta Réamhphlé 2 Anois pléigí na ceisteanna seo le chéile: An gceapann sibh go mbaineann 80% de dhéagóirí in Éirinn úsáid as na meáin shóisialta? Ar chuir aon duine teachtaireacht gháirsiúil chugat riamh? Cad a rinne tú faoi? Cén fáth a mbíonn níos mó fadhbanna ag cailíní ná buachaillí le mí-iompar ar líne, dar libh? An gceapann sibh go nochtann déagóirí an iomarca eolais phearsanta faoi ghrá agus faoi chaidrimh ar na suíomhanna sóisialta? Mínígí. An gceapann sibh go mbíonn níos mó brú ar dhéagóirí anois a bheith dathúil, tanaí nó cibé rud é ná mar a bhí fadó toisc na meáin shóisialta? Cén fáth?

  3. Brú Sóisialta Réamhphlé 3 Beidh tú ag éisteacht le buachaill as Conamara ar ball ag labhairt faoin tslí nach gcuireann cúrsaí teicneolaíochta isteach nó amach ar a shaol. An féidir amhlaidh a rá fút féin? Freagair na ceisteanna céanna, a cuireadh ar an mbuachaill, fút féin. Pléigh cad a bhí ag an duine in aice leat ansin. Cé mhéad ama a chaitheann tú ar an idirlíon i gcaitheamh na seachtaine? An bhfuil cuntas Facebook agat? Cad a cheapann tú faoi? An bhfuil scéalta faoi chúrsaí bulaíochta cloiste agat? Conas a bhraitheann tú nuair a fhágann tú an fón póca sa bhaile? An mbíonn tú i dteagmháil le do chairde mórán trí théacsanna nó trí ríomhphoist? An mbaineann na múinteoirí mórán úsáide as an teicneolaíocht sa seomra ranga? An mbaineann tú úsáid as an ríomhaire chun obair bhaile a dhéanamh?

  4. Brú Sóisialta Éisteacht 1 Anois, éist le Mícheál ag caint faoi chúrsaí teicneolaíochta. Cad a deir sé faoi na nithe seo a leanas: Ag scimeáil ar an idirlíon Facebook An bhulaíocht An guthán póca Téacsanna agus teachtaireachtaí ríomhphoist Teicneolaíocht sa seomra ranga Teicneolaíocht agus obair bhaile

  5. Brú Sóisialta Éisteacht 2 Canúint, foghraíocht agus béim… Éist leis an mír arís. Cén chanúint atá aige? Cad iad comharthaí na canúna sin? An féidir leat aon ní a rá faoin mbéim a chuireann sé ar fhocail áirithe? An bhfuil sé sin éagsúil ó do chanúint féin? Conas? An raibh sé deacair duit é a thuiscint? Cén fáth? Rithim na cainte agus an ghramadach… Éist leis an mír arís. An féidir freagraí gonta (yes / no) a thabhairt sa Ghaeilge? Mínigh. Cad iad na freagraí gonta a thug Mícheál ar na ceisteanna seo: Cén úsáid a bhaineann tú as? An bhfuil? An mbíonn tú? An mbaineann tú úsáid as?

  6. Brú Sóisialta Iarphlé 1 Léigh na ceisteanna agus cuir fíor nó bréagach sa cholún tú féin, ansin labhair le beirt eile sa rang agus cuir na ceisteanna céanna orthusan. Cuir fíor nó bréagach sna colúin faoi na daoine sin. An mothaíonn tú gur cheart duit ‘is maith’ a chur le gach rud nua a chuireann do chairde ar Facebook? An mothaíonn tú ciontach mura gcuireann tú grianghraif nua ar do leathanach Facebook nó mura mbíonn do stádas suas chun dáta? An gcuireann sé isteach ort nuair a chuireann duine d’ainm le grianghraf gránna duit agus nuair is féidir le gach duine é a fheiceáil? An mbíonn tú róleisciúil corruair freagraí a thabhairt ar théacsanna? An mbíonn amanna ann nuair a fheiceann tú ainm duine éigin ag cur scairt ort ar do ghuthán póca agus déanann tú neamhaird de?

  7. Brú Sóisialta Iarphlé 2 Toghchán Piarbhrú Obamania Déan féin agus an duine in aice leat na ceachtanna seo le chéile: A. Scríobhaigí síos sainmhíniú ar na téarmaí - Toghchán Piarbhrú Obamania Breacaigí síos cúig shlí ar chabhraigh na meáin shóisialta le Barack Obama an toghchán a bhuachan. Breacaigí síos cúig chúis ar cheart do thuairimí duine faoi thoghchán a bheith príobháideach, agus cúig chúis nár cheart. Cuir Gaeilge ar na póstaeir

More Related