1 / 3

Máine na Miocróib

Máine na Miocróib. Stafalacocas is ainm dom . Tá cruth ciorcal orm agus is maith liom cónaí i do shrón nó i d’ascaill! Má bhíonn cónaí orm ar do chraiceann, is féidir liom spotaí a thabhairt duit. Má éiríonn liom dul isteach i sruth na fola beidh tú an-tinn! Cén cineál miocróib mé?

nitsa
Télécharger la présentation

Máine na Miocróib

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Máine na Miocróib Stafalacocas is ainm dom. Tá cruth ciorcal orm agus is maith liom cónaí i do shrón nó i d’ascaill! Má bhíonn cónaí orm ar do chraiceann, is féidir liom spotaí a thabhairt duit. Má éiríonn liom dul isteach i sruth na fola beidh tú an-tinn! Cén cineál miocróib mé? Is _____________________é Stafalacocas: Lachtbhachaillín is ainm dom. Deireann daoine go bhfuil mé ‘cairdiúil’ mar go n-iompaím bainne go h-iógart! Nuair a itheann tú mé i iógart cuirim fúm i do phutóg agus cabhraím leat bia eile a dhíleá. Cén cineál miocróib mé? Is ______________________é Lachtbhachaillín BAICTÉAR BAICTÉAR

  2. Máine na Miocróib Deirmeaitifít is ainm dom agus is maith liom cónaí ar do chraiceann. Is breá liom áit tais mar idir méara na coise allasacha! Nuair a bhíonn cónaí orm ansin tagann borrphéist coise ar dhuine! Cén cineál miocróib mé? Is ____________________ iad Deirmeaitifít Fliú is ainm dom agus táim an-fhlaithiúil ar fad. Is breá liom tinnis cinn agus fiabhras a chur ar dhaoine. Scaipim go h-éasca ó dhuine go duine trí chasachtach agus sraothartach. Cén cineál miocróib mé? Is __________________é an Fliú VÍREAS FUNGAIS

  3. Máine na Miocróib Campalabaictéar is ainm dom. Tá cruth deas bíseach orm agus is maith liom cónaí i sicíní ach má éiríonn liom dul isteach i do bholg, beidh tú an-tinn – d’fhéadfainn buinneach a chur ort! Cén cineál miocróib mé? Is _______________________ é Campalabaictéar Peinicillium is ainm dom agus aimseoidh tú mé ag fás ar shean-oráistí agus ar arán stálaithe. Feiceann tú mé mar mhúscán orthu. Baineann an cine daonna úsáid asam chun antaibheathach ar a dtugtar Peinicillin a dhéanamh, rud a chuireann biseach orthu má bhíonn ionfhabhtú baictéarach orthu! Cén cineál miocróib mé? Is ____________________é Peinicillium BAICTÉAR FUNGAS

More Related