1 / 31

Cothú Dea-Iompair

An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile. Cothú Dea-Iompair. An Cód Iompair. An gá atá le Cód Iompair Athrú béime Smacht → Iompar Athrú cultúir. Cothú Iompar Dearfach. Struchtúr Intuarthacht Comhsheasmhacht sa chur chuige Bainistiú teann ach cothrom

prue
Télécharger la présentation

Cothú Dea-Iompair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An Tionscnamh um Pleanáil Fhorbartha Scoile Cothú Dea-Iompair

  2. An Cód Iompair • An gá atá le Cód Iompair • Athrú béime • Smacht → Iompar • Athrú cultúir

  3. Cothú Iompar Dearfach • Struchtúr • Intuarthacht • Comhsheasmhacht sa chur chuige • Bainistiú teann ach cothrom • Foinse: Mary Keane, SNTI Rialacha agus Gnáthaimh

  4. Céard atá i gceist le hIompar? • Is é a chiallaíonn iompar ná rud ar bith a dhéanann duine atá inbhreathnaithe • Ní mór iompar a fhoghlaim agus mar sin ní mór é a mhúineadh • Is féidir le gach duine iompar nua a fhoghlaim • Tá seans níos mó ann go bhfeicfear iompar a mbíonn luaíocht air an athuair • Ní tharlaíonn iompar i bhfolús, - bíonn sé i gcomhthéacs cúinsí áirithe agus bíonn tionchar ag rudaí a thiteann amach roimhe agus ina dhiaidh air • Foinse: South Eastern Education Library Board 2006

  5. Tá gá le straitéis • Tuigtear anois nach féidir ceisteanna iompair a réiteach trí leasú polasaithe smachta amháin • Ni mór díríú ar an iompar mar chuid de straitéis níos leithne i dtreo feabhsú scoile – cur chuige uile-scoile • Mary Keane, SNTI

  6. Polasaí i leith iompair • “The discipline policy of a school must have reach beyond the immediate demands of ensuring an orderly environment. It should contribute to the overall development of the young person as a responsible member of a democratic society.” • School Matters, 2006 (Caib. 8)

  7. Pobal na Scoile Luachanna Misean An Bord Bainistíochta Ceannaireacht & Foireann na Scoile Sainspiorad Tuismitheoirí Daltaí Cód Iompair Cultúr agus Éiteas Creatlach Reachtach Soláthar lasmuigh den láthair Gníomhaíochtaí Seach-churaclaim Fís Cumarsáid Soláthar ar an láthair Éisteacht School Matters, 2006

  8. An ceangal idir litearthacht agus drochiompar • Tá fadhbanna litearthachta aitheanta mar eochairthoisc i ndrochiompar daltaí • Léiríonn taighde go bhfuil seans láidir ann go mbeadh éifeacht an-dearfach ag straitéisí a dhíríonn ar an litearthacht go luath i saol an dalta ar iompar agus ar ghnóthachtáil • Ní athraíonn iompar thar oíche. Ní mór na straitéisí a chinntear a leanúint tríd go seasta ar feadh 6 seachtaine ar a laghad

  9. Smacht – Fadhbanna & Réitigh • Tá tosca áirithe ann a bhíonn mar bhonn leis an dísmacht ag 3 leibhéal : • Dalta – easpa tuisceana ag daltaí maidir le céard go díreach atá i gceist le hiompar cuí – Cód Iompair : ról san fhorbairt • Múinteoir – easpa scileanna cuí i leith bainistiú ranga, meanma íseal, fuarchúis – Cód Iompair – luaíochtaí & píonóis • Eagrúchán – easpa straitéisí sa scoil féin ó thaobh déileáil le daltaí trioblóideacha ar bhonn laethúil – Cód Iompair – atmaisféar a spreagann iompar cuí

  10. An dóigh lena spreagadh: Féinmheas –ról OSPS, córas tréadchúraim, gníomhaíocht seach-churaclaim srl. Iompar a athrú –spreag daltaí le freagracht a ghlacadh, bíodh an curaclam ag teacht le cumas an dalta, béim ar chur chuige dearfach Plé agus aontú -ról Chomhairle na nDaltaí i gCód Iompair na Scoile Luaíochtaí & píonóis –aitheantas a thabhairt d’athrú i dtreo iompar dearfach Iompar cuí a chinntiú sa seomra ranga –cóid aontaithe a bheith ann, an cur chuige céanna ag gach duine i leith cur i bhfeidhm Ról an Mhúinteora – ullmhú ceachtanna, modheolaíochtaí, cinnteacht ó thaobh chur i bhfeidhm na gcód aontaithe Ról na bainistíochta –atmaisféar ordúil foghlama a chruthú, agus tacaíocht i gcomhthéacs na gcód aontaithe Smacht Dearfach - Teoiric

  11. Smacht Dearfach - Mórcheisteanna • Mórcheisteanna a bhaineann le Smacht Dearfach: • Misean, fís, aidhmeanna na scoile, & polasaithe eile - naisc • Páirtithe – cé a bheadh páirteach agus cathain • Ionchais – tábhacht le soiléire • Forbairt foirne – modheolaíocht teagaisc, obair foirne, eile? • Forbairt daltaí – féinmheas, brú piarghrúpa, eile? • Rialacha – iad a bheith scríofa ar dhóigh dhearfach • Éide – ról do dhaltaí? • Tinreamh – rannpháirtíocht agus poncúlacht san áireamh

  12. Smacht – Teoiric - 1 • Feidhmeanna Cuimsíonn sé seo raon feidhme leathan ó ghnáthbhainistiú seomra ranga in atmaisféar ordúil cuí go múnlú agus forbairt carachtair na ndaltaí i leith luachanna ó thaobh measa, macántachta, cúirtéise, freagrachta, spioradáltachta… • Ní mór a aontú cé air a bhfuil an cúram i leith smachta • Na múinteoirí mar phroifisiúnaithe uathrialacha • Cur chuige uile-scoile a bhfuil sé mar aidhm aige atmaisféar ordúil a chruthú i scoileanna An dá cheann? Eile?

  13. Smacht – Teoiric - 2 • Na saghsanna dísmachta is coitianta – cur isteach leanúnach/rialta ar an rang – dalta ag labhairt as ord, ag cur amú ama, ag cur isteach ar an rang/ar dhalta eile, ag iarraidh aird a tharraingt air féin, easpa cúraim, easpa poncúlachta, gan na leabhair/na hábhair chuí, srl. • Cuireann a leithéid seo d’iompar am amú. Cuireann sé strus ar mhúinteoirí agus traochann sé iad • Tá gá le cur chuige comhoibritheach i leith smachta sa scoil le béim ar chomhsheasmhacht, iompar dearfach agus luaíocht ar dhea-iompar

  14. Treoirlínte an BNLO:Impleachtaí do Mhúinteoirí • ‘Seo é an nós imeachta a bhí againn riamh’ – imithe • Ní féidir iad seo a dhéanamh • Dalta a chur taobh amuigh den doras • An seomra ranga a fhágáil gan duine cuí i bhfeighil an ranga • Fionraí nó díbirt a éileamh • Leithscéal a éileamh mar choinníoll ar ghlacadh le dalta isteach sa rang

  15. Treoir ón SNTI: Pionóis/Nósanna Imeachta • Láithreach agus scoite • Ordlathas cuí – i gcomhréir leis an iompar • Cothrom • Comhsheasmhach • In oiriúint le haghaidh freastal ar riachtanais an duine áirithe a bhfuil siad dírithe air

  16. Ceardlann • Féach na treoracha ar an mbileog eolais

  17. Ábhair Bhreise

  18. Acht Oideachais (Leas) 2000 Taifid Tinrimh na Scoile (an riail 20 lá) Straitéisí i leith Tinrimh Beartas Iontrála Cód Iompair (ag am cláraithe) Díbirt Bord Náisiúnta Leasa Oideachais (BNLO)

  19. Straitéisí i leith Tinrimh • ‘Ráiteas straitéisí agus beartas chun an fhoghlaim a chur chun cinn agus tinreamh a spreagadh’ • Ba cheart go gcuimseodh straitéisí: Luaíocht ar dhea-thinreamh Luathaithint deacrachtaí/daltaí i mbaol Naisc níos láidre leis an mbaile a chothú Naisc le gníomhaireachtaí agus le scoileanna eile Cinntiú go bhfreastalaíonn an curaclam ar riachtanais… Forbairt clár chun rannpháirtíocht daltaí i saol na scoile a spreagadh Comhordú le scoileanna/le heagraíochtaí eile

  20. An tAcht Oideachais (Leas) 2000 • Alt 23, Fo-alt (2): • (2) Sonrófar na nithe seo a leanas i gcód iompair— • (a) na caighdeáin iompair a bheidh á n-iarraidh ar gach dalta atá ag freastal ar an scoil • (b) na bearta a fhéadfar a dhéanamh nuair a dhéanfaidh dalta neamhaird de na caighdeáin sin nó nuair a dhiúltóidh sé dóibh • (c) na nósanna imeachta a bheidh le leanúint sula bhféadfar dalta a chur ar fionraí nó a dhíbirt as an scoil lena mbaineann

  21. Cur Chuige • Coisctheach • Uilechuimsitheach • Forbairt agus múnlú an duine iomláin • Cur chuige uile-scoile • Cuidiú agus tacú leis an obair scoile atá idir lámha • Breithiúnas proifisiúnta agus freagracht

  22. Cód Iompair a Fhorbairt, BNLO, 2008Struchtúr na dTreoirlínte • 1 Réamheolas maidir leis na Treoirlínte • 2 Iniúchadh agus athbhreithniú ar an gcód iompair • 3,4 Prionsabail atá mar bhonn le cód éifeachtach • 5-9 Cód a fhorbairt a chuirfidh ar chumas na scoile iompar a bhainistiú go héifeachtach: • caighdeáin a leagan síos • freagairt d’iompar míchuí • iompar dearfach a chur chun cinn • 11,12 Fionraithe agus díbirtí

  23. Bunphrionsabail • Céard iad na bunphrionsabail atá mar bhonn le cód iompair éifeachtach?

  24. An Bonn atá le Cód Éifeachtach 3. Bunphrionsabail • Soiléire a sholáthar • A dhearbhú go mbaineann tábhacht le hiompar gach uile dhuine • Díriú ar dhea-iompar a chur chun cinn • Cothromaíocht a aimsiú i leith riachtanas • Aithint go bhfuil cúrsaí caidrimh ríthábhachtach • Fócas ar an bhfreagracht phearsanta • Cothroime agus cothromas a chinntiú

  25. 3. Bunphrionsabail (ar lean) • Comhionannas a chur chun cinn • Leochaileacht ó thaobh oideachais de a aithint • Freastal ar leas na ndaltaí • Freastal ar leas na foirne • Sábháilteacht agus saoirse ó bhagairt a chothú • Treoirlínte (lth. 22)

  26. Tá dlúthbhaint ag an bhfoghlaim, ag caidrimh agus ag iompar lena chéile • Tá brí le hiompar. Tá feidhm leis agus spriocanna ag baint leis, ach b’fhéidir nach mbeadh na spriocanna seo furasta le haithint • Is féidir iompar a fhoghlaim. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis athrú • Tarlaíonn iompar taobh istigh de chomhthéacs áirithe agus i ndáil le daoine eile. Is bunús do thuiscint a • fháil ar an iompar, an comhthéacs a thuiscint • A ndéanann múinteoirí, daoine fásta eile agus daltaí ach go háirithe, mar fhreagairt ar iompar a gcomhdhaltaí, tá ríthábhacht ag baint leis ó thaobh an tionchair a bhíonn aige ar na roghanna a dhéanann daltaí maidir lena gcuid iompair. • Tá dlúthbhaint ag teagasc agus foghlaim éifeachtach le dea-iompar

  27. 6. Caighdeáin iompair a leagan síos • Sraith caighdeán i leith iompair a fhorbairt don scoil • Pobal na scoile a thabhairt isteach sa díospóireacht faoi chaighdeáin • Na daltaí a bheith páirteach i bhforbairt rialacha scoile agus rialacha don seomra ranga • Na caighdeáin a shamhaltú nó a léiriú • Na daltaí a theagasc maidir leis na caighdeáin agus leis an gcaoi le bheith dílis do na caighdeáin sin • Bealaí a bheith ann lena chinntiú go bhfuil tuiscint ag daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu ar an iompar a bhfuiltear ag súil leis uathu • Treoirlínte (lth. 36-39)

  28. 8. Freagairt ar iompar míchuí • Polasaí a fhorbairt ar an dóigh a n-úsáidfear píonóis chun cuidiú leis na daltaí iompar míchuí a athrú • Sraith straitéisí comhaontaithe a bheith ann le haghaidh idirghabháil dhearfach chun cuidiú le daltaí iompar míchuí a athrú • Go ndéanfaí róil agus freagrachtaí maidir le hiompar a shainmhíniú go soiléir do bhaill foirne agus go gcuirfí na róil seo in iúl go forleathan • Bealach caighdeánaithe a aontú chun taifead a choimeád ar ábhar a bhaineann le hiompar daltaí • Treoirlínte (lth. 55)

  29. 10. Fionraithe agus Díbirtí • Go bhfuil polasaí agus nósanna imeachta ar úsáid díbeartha nó fionraí ann atá ceadaithe ag an mBord Bainistíochta, agus ag teacht leis na Treoirlínte seo, agus le ceanglais ar bith eile sa bhreis mar atá leagtha síos ag an bPátrún • A chinntiú go gcuirtear an polasaí in iúl go forleathan • Dea-chleachtais a fhorbairt agus a thaifeadadh maidir le húsáid díbeartha • Gnáthaimh chóra a bheith ann le haghaidh imscrúdaithe agus cinnteoireachta • Gnáthaimh a bheith ann le tuismitheoirí a chur ar an eolas maidir lena gceart achomhairc • Go mbeidh córas ann le haghaidh athbhreithnithe ag an mBord Bainistíochta ar úsáid díbeartha sa scoil • Treoirlínte (lth. 66-90)

  30. Gnáthaimh chóra i gcás Píonóis Throma • Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an píonós i gcomhréir leis an gcion • An ceart le héisteacht – is gá go mbeadh an dalta agus na tuismitheoirí go hiomlán ar an eolas agus deis freagartha tugtha dóibh sula ndéantar cinneadh • Neamhchlaontacht sa chinnteoir – níor cheart go mbeadh ionadaí na dtuismitheoirí i láthair agus píonós á bheartú dá mhac • Neamhchlaontacht sa chóras cinnteoireachta – imscrúdaíonn agus tuairiscíonn ball foirne más féidir. An Príomhoide saor chun cinneadh neamhchlaonta a dhéanamh

  31. Críoch • An bhfuil an t-údarás tarmligthe ag an mBord Bainistíochta don Phríomhoide dalta a chur ar fionraí de réir Treoirlínte an BNLO? • www.newb.ie • www.sdpi.ie

More Related