1 / 32

Mé Féin agus mo Chlann

Mé Féin agus mo Chlann. Níl sna ceisteanna agus sna freagraí san aonad seo ach cabhair duit ar an topaic. Ní gá go mbeadh na ceisteanna mar an gcéanna sa scrúdú ar chor ar bith, ach ba cheart go mbeadh an topaic réidh agat. An Clár. Cad is ainm duit? Cad é do shloinne? Cén aois tú?

tommy
Télécharger la présentation

Mé Féin agus mo Chlann

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Mé Féin agus mo Chlann Níl sna ceisteanna agus sna freagraí san aonad seo ach cabhair duit ar an topaic. Ní gá go mbeadh na ceisteanna mar an gcéanna sa scrúdú ar chor ar bith, ach ba cheart go mbeadh an topaic réidh agat. www.isfeidirleat.ie

  2. An Clár • Cad is ainm duit? • Cad é do shloinne? • Cén aois tú? • Cad é do dháta breithe? • Cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat? • Cad is ainm dóibh? • Cén aois iad? • Cad a dhéanann do dheartháireacha agus do dheirfiúracha? www.isfeidirleat.ie

  3. An Clár • An tusa an duine is óige sa chlann? • An buntáiste é sin? • Cé hé an duine is sine sa chlann? • An réitíonn tú go maith le do chlann? • Céard a dhéanann sibh le chéile? • Cad faoina mbíonn sibh ag argóint Dá cheist ghinearálta a chiallaíonn an rud céanna • Inis dom faoi do chlann. • Déan cur síos ar do chlann. www.isfeidirleat.ie

  4. 1.Cad is ainm duit? Samplaí • Seán is ainm dom. • Aoife is ainm dom. • Ciara Ní Shé is ainm dom • Pól Ó Muirí is ainm dom. • Is mise Máire. • Pádraig an t-ainm atá orm. www.isfeidirleat.ie

  5. 2. Cad é do shloinne? Samplaí • Is é Ó Briain mo shloinne. • Is é Ní Bhriain mo shloinne. • Is é Ó Muirí mo shloinne. • Is é Ní Mhuirí mo shloinne. • Is é Mac Eoin mo shloinne. • Is é Nic Eoin mo shloinne. www.isfeidirleat.ie

  6. 3. Cén aois tú? Na hAoiseanna www.isfeidirleat.ie

  7. 3. Cén aois tú? Samplaí • Táim sé bliana déag d’aois. • Táim seacht mbliana déag d’aois. • Táim ocht mbliana déag d’aois • Táim naoi mbliana déag d’aois. • Táim fiche bliain d’aois. • Táim trí bliana is fiche d’aois. • Táim ceithre bliana is tríocha d’aois. www.isfeidirleat.ie

  8. 4. Cad é do dháta breithe? Na Dátaí www.isfeidirleat.ie

  9. 4. Cad é do dháta breithe? Míonna na bliana www.isfeidirleat.ie

  10. 4. Cad é do dháta breithe? Samplaí • Rugadh mé ar an gcéad lá de mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain míle naoi gcéad nócha is a dó. • Rugadh mé ar an ochtú lá de mhí Feabhra sa bhliain míle naoi gcéad nócha is a trí. • Rugadh mé ar an aonú lá déag de mhí an Mheithimh sa bhliain míle naoi gcéad nócha is a ceathair. • Rugadh mé ar an gcúigiú lá is fiche de mhí na Samhna sa bhliain míle naoi gcéad nócha is a cúig. www.isfeidirleat.ie

  11. 5. Cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat? Ag comhaireamh daoine www.isfeidirleat.ie

  12. 5. Cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat? Samplaí • Níl aon deartháir ná deirfiúr agam. Is páiste aonair mé. • Tá beirt deartháireacha agus beirt deirfiúracha agam. • Tá triúr deirfiúracha agam agus níl aon deartháir agam. • Tá deartháir amháin agam agus tá cúigear deirfiúracha agam. www.isfeidirleat.ie

  13. 6. Cad is ainm dóibh? Samplaí • Seán is ainm do mo dheartháir./ Seán is ainm dó. • Ciara is ainm do mo dheirfiúr./ Ciara is ainm di. • Seán agus Ciara is ainm dóibh. • Seán, Ciara, Dónal agus Máire is ainm dóibh. www.isfeidirleat.ie

  14. 7. Cén aois iad? Na hAoiseanna www.isfeidirleat.ie

  15. 7. Cén aois iad? Sampla A • Is í Áine an duine is sine sa chlann. Tá sí dhá bhliain is scór d’aois agus is é mo dheartháir óg, Seán, an duine is óige sa chlann. Tá sé ocht mbliana d’aois. Sampla B • Is cúpla iad Pádraig agus Máire. Tá siadsan sé bliana is fiche d’aois. Tá Dónaill trí bliana is fiche d’aois agus tá Lisa cúig bliana déag d’aois. www.isfeidirleat.ie

  16. 8. Céard a dhéanann do dheartháireacha agus do dheirfiúracha? Ranganna bunscoile www.isfeidirleat.ie

  17. 8. Céard a dhéanann do dheartháireacha agus do dheirfiúracha? Ranganna meánscoile www.isfeidirleat.ie

  18. 8. Céard a dhéanann do dheartháireacha agus do dheirfiúracha? Coláistí éagsúla www.isfeidirleat.ie

  19. 8. Céard a dhéanann do dheartháireacha agus do dheirfiúracha? Cúrsaí éagsúla www.isfeidirleat.ie

  20. 8. Céard a dhéanann do dheartháireacha agus do dheirfiúracha? Sampla A Tá mo dheartháir óg Seán ag freastal ar an mbunscoil áitiúil. Tá sé i rang a sé faoi láthair. Beidh a chóineartú ar siúl níos déanaí i mbliana. Beidh orm airgead a thabhairt dó. Tá sé ag tnúth le teacht isteach sa scoil seo an bhliain seo chugainn. Tá mo dheirfiúr, Áine sa dara bliain san ollscoil. Tá sí ag freastal ar Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Tá céim ealaíne á déanamh aici. Tá eacnamaíocht agus tíreolaíocht á staidéar aici. www.isfeidirleat.ie

  21. 8. Céard a dhéanann do dheartháireacha agus do dheirfiúracha? Sampla B Tá mo dheirfiúr Clíona ag freastal ar an gclochar sa bhaile seo. Tá an Teastas Sóisearach á dhéanamh aici i mbliana. Bliain dhúthrachtach atá amach roimh an mbeirt againn mar sin. Mar a deir an seanfhocal ‘Ní fhaightear saill gan saothar’. Is dócha go bhfuil brú ar mo mham i mbliana leis an mbeirt againn ag staidéar. Faraor, bhí ar mo dheartháir Seán dul ar imirce go dtí an Astráil. Is leictreoir é agus bhí sé dífhostaithe ar feadh sé mhí. Ag an deireadh d’éirigh sé bréan den chúlú eacnamaíochta agus bheartaigh sé ar dhul thar lear i lorg oibre. Tá post faighte aige san Astráil thiar anois buíochas le Dia. www.isfeidirleat.ie

  22. 9. An tusa an duine is óige sa chlann? Áit sa chlann www.isfeidirleat.ie

  23. 9. An tusa an duine is óige sa chlann? Samplaí • Is mise an duine is óige sa chlann. • Ní mise an duine is óige sa chlann. Is mise an dara duine is óige sa chlann. Is é Pól an duine is óige sa chlann. Tá sé cúig bliana déag d’aois. • Ní mise an duine is óige sa chlann. Is mise an duine is sine sa chlann. Taitníonn sé sin go mór liom mar ní bhíonn éinne do mo bhulaí. • Ní mise an duine is óige sa chlann. Táim i lár na clainne. Is í Deirdre an duine is óige sa chlann. www.isfeidirleat.ie

  24. 10. An buntáiste é sin? Sampla A Is buntáiste é a bheith an duine is sine sa chlann. Tá a lán saoirse agam nach bhfuil ag mo dheartháireacha óga. Tá cead agam fanacht thar oíche i dteach mo charad. Sin rud nach bhfuil ceadaithe ag na páistí eile sa chlann go dtí seo. Sampla B Is buntáiste é a bheith an duine is óige sa chlann. D’fhéadfá a rá go bhfuilim millte. Faighim go leor bronntanas ag am Nollag. Bíonn níos mó saoirse agam ná mar a bhí ag mo dheirfiúracha nuair a bhí siadsan ar chomhaois liomsa. www.isfeidirleat.ie

  25. 11. Cé hé an duine is sine sa chlann? Sampla A Is é mo dheartháir Pól an duine is sine sa chlann. Tá sé___________________________ d’aois. Is mac léinn é agus tá sé ag freastal ar Choláiste na Tríonóide. Tá céim dhlí á déanamh aige. Sampla B Is í mo dheirfiúr Mháire an duine is óige sa chlann. Tá sí_______________________________ d’aois. Tá sí pósta agus tá triúr páiste aici. Is aoibhinn liom a páistí mar tá siad an-ghreannmhar. Is athair baistí mé do mo neacht óg darb ainm Ciara. www.isfeidirleat.ie

  26. 12. An réitíonn tú go maith le do chlann? Sampla A • Mar is eol duit, agus chomh cinnte is tánn tú beo, bíonn fadhbanna i ngach clann. Ní haon eisceacht muid sa bhaile sa chomhthéacs sin. Anois is arís bíonn argóintí againn le chéile ach chun a bheith fírinneach, ach réitímid go maith le chéile formhór an ama. Sampla B • Réitím go maith le mo dheartháir ach is oth liom a rá leat nach réitím go maith le mo dheirfiúr. Bíonn a hiompar i gcónaí do mo chrá agus ag dó na geirbe agam. Tá sí millte amach is amach. www.isfeidirleat.ie

  27. 13. Céard a dhéanann sibh le chéile? Na briathra www.isfeidirleat.ie

  28. 13. Céard a dhéanann sibh le chéile? Freagra samplach • Is iomaí rud a dhéanaim le mo chlann. Is minic a théimid chun féachaint ar chluichí peile agus iománaíochta le chéile. Féachaimid ar an teilifís le chéile. Faraor, uaireanta cruthaíonn sé seo teannas eadrainn mar is breá liom cláir spóirt ach ní thaitníonn siad chomh mór le mo dheirfiúr óg. Má tá fadbbanna againn nach maith linn roinnt lenár dtuismitheoirí cabhraímid lena chéile chun iad a réiteach. Mar a deir an seanfhocal ‘sa bhaile atá an gaol’ www.isfeidirleat.ie

  29. 14. Cad faoi a mbíonn sibh ag argóint Foclóir www.isfeidirleat.ie

  30. 14. Cad faoina mbíonn sibh ag argóint? Freagra samplach Bhuel níl deireadh leis an liosta i ndáiríre. Deirtear go bhfuil mé féin chomh foighneach le Iób ach anois is arís bíonn argóintí againn le chéile.Is breá liom cláir spóirt ach is fearr le mo dheirfiúr na sobalchláir agus is iomaí uair a bhíonn teannas eadrainn dá bharr, go háirithe nuair a bhíonn cluiche sacair ar siúl nuair a bhíonn Fair City ar siúl mar shampla.Tá an phearsantacht chéanna ag mo dheirfiúr is atá agam, agus mar thoradh air sin is minic a bhímid in adharca a chéile faoi go leor cúrsaí. www.isfeidirleat.ie

  31. 15. Inis dom faoi do chlann. Freagra samplach Tá deartháir agus deirfiúr amháin agam. Dónal agus Máire is ainm dóibh. Is é Dónal an duine is sine sa chlann. Tá sé bliain is fiche d’aois. Tá sé sa cheathrú bliain in Institiúid Teicneolaíochta Ceatharlach. Tá céim innealtóireachta á déanamh aige. Tuigeann sé staid na heacnamaíochta faoi láthair agus ceapaim go mbeadh sé sásta dul thar lear ar thóir oibre amach anseo. Is í Máire an duine is óige sa chlann. Tá sí sa dara bliain sa chlochar áitiúil. Is peata í sa chlann. Tá sí millte. Dá bhfeicfeá an méid bronntanas a fhaigheann sí ag am Nollag. Bím ar deargbhuile léi, mar ní fhaighim ach leath an méid. Deirtear go mbíonn sé sin nádúrtha do dhuine atá i lár na clainne. Réitím go maith le mo dheartháir agus le mo dheirfiúr formhór an ama. Tá súil agam go bhfeabhsóidh an eacnamaíocht amach anseo mar níor mhaith liom go rachadh mo dheartháir thar lear mar réitímid an-mhaith le chéile www.isfeidirleat.ie

  32. 16 Déan cur síos ar do chann. Freagra samplach Tá beirt deartháireacha agus deirfiúr amháin agam. Pól agus Conchúr is ainm do mo dheartháireacha agus Neasa is ainm do mo dheirfiúr. Is í Neasa an duine is sine sa chlann. Réitímid go maith le chéile. Roinnimid éadaí agus labhraímid faoi bhuachaillí. Is mise an dara duine is sine sa chlann. Táimid gar go leor in aois. Níl ach bliain amháin eadrainn. Tá sí ag freastal ar an ngairmscoil áitiúil. Tá cúrsa iar-Ardteistiméireachta á dhéanamh aici i gcúrsa faisin. Tá sí ag baint an-taitneamh as. Is cúpla iad mo dheartháireacha. Tá siad deich mbliana d’aois.Níl siad comhionann ach tá siad cosúil lena chéile ó thaobh béasaí de. Tá an bheirt acu chomh dána le muca. Ligeann mo mham cead dóibh a rogha rud a dhéanamh. Tá súil agam nach mbeidh aiféala uirthi amach anseo. www.isfeidirleat.ie

More Related