1 / 12

9. Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile

9. Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile. Ceisteanna : Cá raibh Liam agus a chairde? Cén rang a bhí ar siúl acu? Cad a bhí ar siúl acu? Cén sórt cócaireachta a bhí ar siúl acu?. Freagraí :. Bhí Liam agus a chairde ar scoil Bhí siad sa rang eacnamaíocht bhaile Bhí siad ag cócaireacht

booth
Télécharger la présentation

9. Tine sa Seomra Eacnamaíocht Bhaile

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. 9. Tine saSeomraEacnamaíochtBhaile Ceisteanna: Cá raibh Liam agus a chairde? Cén rang a bhí ar siúl acu? Cad a bhí ar siúl acu? Cén sórt cócaireachta a bhí ar siúl acu? Freagraí: Bhí Liam agus a chairde ar scoil Bhí siad sa rang eacnamaíocht bhaile Bhí siad ag cócaireacht Bhí siad ag friochadh Foghraíocht: eacnamaíocht bhaile cócaireacht ag friochadh frying Friotal: ag friochadh

  2. Ceisteanna: Cad a chuir Liam ar an bhfriochtán? Cad a tharla? Cad a dúirt an múinteoir? Freagraí: Chuir Liam a lán ola ar an bhfriochtán Chuaigh an friochtán trí thine Dúirt an múinteoir le gach duine dul amach Foghraíocht: friochtán ola frying pan friochtán Friotal:

  3. Ceisteanna: Cad a bhí ar an mballa? Cad a rinne an múinteoir? Cad a tharla ansin? Freagraí: Bhí aláram dóiteáin ar an mballa Bhris an múinteoir an gloine agus bhruigh sí an cnaipe Bhuail an t-aláram tríd an scoil Foghraíocht: aláram dóiteáin bhruigh cnaipe

  4. Ceisteanna: Cad a dúírt an múinteoir thar an gcallaire? Cá ndeachaigh na daltaí? Cá raibh an t-ionad tionóil? Cén bhliain a bhí os comhair an múinteoir eacnamaíocht bhaile? Cad a rinne na múinteoirí? Freagraí: Dúirt an múinteoir le gach duine dul amach (go mall) Chuaigh na daltaí go dtí an t-ionad tionóil Bhí sé amuigh sa chlós Sheas an tríú bliain os a comhair Ghlaoigh na múinteoirí an rolla Foghraíocht: an t-ionad tionóil assembly area ionad tionóil Friotal:

  5. Ceisteanna: Cá ndeachaigh beirt mhúinteoir? Cad a bhí acu? Cad a rinne siad? Freagraí: Chuaigh beirt mhúinteoir isteach sa seomra eacnamaíocht bhaile Bhí múchtóir dóiteáin acu Mhúch siad an tine Foghraíocht: múchtóir dóiteáin mhúch

  6. Ceisteanna: Cá ndeachaigh na daltaí? Cad a d’iarr an múinteoir eacnamaíocht bhaile? Cén ceacht a d’fhoghlaim na daltaí ón tine? Freagraí: Chuaigh na daltaí isteach sna seomraí arís D’iarr sí cén ceacht ar fhoghlaim siad as D’fhoghlaim siad go raibh orthu bheith aireach agus ullamh i gcónaí Foghraíocht: aireach ullamh alert prepared Friotal: aireach ; ullamh

  7. 9. Tine saSeomraEacnamaíochtBhaile Bhí Liam agus a chairde ar scoil Bhí siad sa seomra eacnamaíocht bhaile Bhí siad ag cócaireacht sa rang Chuir Liam an friochtán ar an sorn

  8. Chuir Liam a lán ola ar an bhfriochtán faraor Go tobann chuaigh an friochtán trí thine Bhí lasracha an-ard ón bhfiochtán Baineadh geit as Liam bocht Ghlaoigh an múinteoir ar gach duine dul amach

  9. Bhí aláram dóiteáin ar an mballa Bhris an múinteoir an gloine Bhruigh sí an cnaipe don aláram Bhuail an t-aláram go callanach tríd an scoil

  10. Ghlaoigh an príomhoide ar gach duine thar an gcallaire chun dul amach Dúirt sé leo dul go cúramach agus go mall, gan rith Chuaigh gach duine amach go dtí an t-ionad tionóil sa chlós Sheas na daltaí ar fad i línte Sheas an rang tríú bliain os comhair an múinteoir eacnamaíocht bhaile Ghlaoigh na múinteoirí na rollaí ansin

  11. Chuaigh beirt mhúinteoir isteach sa seomra eacnamaíocht bhaile Bhí múchtóirí dóíteáin acu Mhúch siad an tine gan mhoill Bhí deatach gach áit / Bhí an chistin dubh le deatach

  12. Faoi dheireadh bhí gach duine ábalta dul ar ais go dtí na seomraí ranga D’iarr an múinteoir eacnamaíocht bhaile ar an rang ar fhoghlaim siad ceacht as an tine D’fhoghlaim siad go raibh orthu bheith aireach agus ullamh i gcónaí Buíochas le Dia ní raibh aon duine gortaithe

More Related