1 / 7

Ag fágáil an bhaile Réamhobair 1

Ag fágáil an bhaile Réamhobair 1. Tá an seans ann go mbeidh tú ag fágáil an bhaile gan mhoill.

elda
Télécharger la présentation

Ag fágáil an bhaile Réamhobair 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Ag fágáil an bhaile Réamhobair 1 Tá an seans ann go mbeidh tú ag fágáil an bhaile gan mhoill. • Cad iad na gnéithe den saol nua a bhfuil tú ag súil leo? Cuir na pointí thíos in ord – ag cur uimhir a haon in aice leis an bpointe is mó a bhfuil tú ag súil leis; agus mar sin ar aghaidh. • - a bheith i bhfad ar shiúl ó mo theaghlach • - casadh le daoine nua • - dul amach san oíche nuair is mian liom • - mo rogha bia a ithe • - staidéar nó obair a dhéanamh ar rud a thaitníonn liom • - filleadh abhaile gach deireadh seachtaine • - smacht agam ar mo chuid airgid féin • - mo sheomra codlata a chóiriú i mo stíl féin • - dul go dtí an phictiúrlann i rith an lae • - casadh le daoine leis na suimeanna céanna • Cad a bhí ag an duine in aice leat?

  2. Ag fágáil an bhaile Réamhobair2 Ach ‘Is glas iad na cnoic i bhfad uainn’ An mbeidh aon ní ag cur imní ort agus tú leat féin sa saol mór? Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus déanaigí ransú smaointe ar na deacrachtaí a bhíonn ag daoine óga an chéad bhliain a fhágann siad an baile.

  3. Ag fágáil an bhaile Réamhobair3 Beidh tú ag éisteacht le dalta scoile, a bhfuil an ardteistiméireacht á déanamh aici i mbliana, ag labhairt faoin saol nua amach roimpi. Sula n-éisteann tú léi, freagair na ceisteanna seo leis an duine in aice leat. • Tá canúint Chonnachta ag Clíodhna. Breacaigí síos cúig ghné a chuireann an chanúint sin in iúl. • Scríobhaigí sainmhínithe don stór focal seo a bheidh le cloisteáil sa mhír: - rogha - neamhspleáchas - gaolta - Is ar éigean - gan stró - togha • Cén ghné den ghramadach atá sna samplaí seo a leanas? - mé féin - sise - a fheicimse

  4. Ag fágáil an bhaile Éisteacht • Éist le Clíodhna anois agus freagair na ceisteanna. • Cén ollscoil ar mhaith le Clíodhna freastal uirthi agus cad ba mhaith léi a dhéanamh ansin? • Cad é an rud is mó a bhfuil Clíodhna ag súil leis ina saol nua? • An mbeidh mórán daoine a bhfuil aithne aici orthu i mBaile Átha Cliath cheana? • Cad a chuireann imní uirthi faoin mbaile a fhágáil? • Cén fáth a mbeidh sí go maith ag tabhairt aire di féin?

  5. Ag fágáil an bhaile Iarobair1 • Féach ar an réamhrá seo ón alt Mo chéad bhliain ar an ollscoil le Johanna Ní Mhurchú ar www.beo.ie. Cuir líne faoi gach mothúchán a fheiceann tú ann. • An chéad bhliain ar an ollscoil – do na mílte daoine, bíonn meascán mothúchán i gceist lena linn. Tá a fhios agam féin gur mhothaigh mé iad go léir – eagla, neirbhíseacht, réamhaíocht. Ach den chuid ba mhó, bhí mé ag tnúth go mór leis an tréimhse nua, spreagúil sin i mo shaol. • Caithfidh mé a rá, áfach, nuair a bhí orm mo rudaí go léir a phacáil agus mo sheomra codlata sa bhaile a fhágáil, tháinig deora le mo shúile. Ach dá mbeadh a fhios agam cad a bhí i ndán dom, bheinn ag sileadh deora áthais! • Cé acu abairt atá ceart: Tá eagla orm nó Tá mé eagla? • Cén forainm réamhfhoclach a théann leis na mothúcháin seo? • Agus cad faoi na cinn seo? Tá níos mó ná forainm réamhfhoclach amháin ag teastáil!

  6. Ag fágáil an bhaile Cluiche Cad é an forainm réamhfhoclach ceart? -----------------------------------------------------------------------------

  7. Ag fágáil an bhaile Plé Seo iad na ceisteanna a chuir Siobhán ar Chlíodhna. Beidh tú féin agus an duine in aice leat ag cur na gceisteanna céanna ar a chéile anois. Caith tamall ag ullmhú do chuid freagraí sula bpléifidh sibh na ceisteanna le chéile. Cad atá sé i gceist agat a dhéanamh tar éis na hArdteiste? Agus cad iad na rudaí is mó a bhfuil tú ag súil leo i do shaol nua? An dóigh leat go mbeidh tú ag roinnt árasáin le cairde agus an bhfuil aithne agat ar dhuine ar bith atá ag bogadh go dtí an áit chéanna leat féin? Agus cad iad na rudaí is mó a chuireann imní ort faoin saol atá amach romhat, más ann dóibh ar chor ar bith? An mbeidh tú go maith ag coinneáil i dteagmháil le do mhuintir? An mbeidh tú go maith ag tabhairt aire duit féin nuair a fhágfaidh tú an baile? Agus beidh tú ábalta cúrsaí airgid agus mar sin a bhainistiú gan stró?

More Related