1 / 7

Mé féin & an Eoraip Réamhobair

Mé féin & an Eoraip Réamhobair. Bí ag obair leis an duine in aice leat, agus scríobhaigí isteach uimhir gach tíre san áit chuí ar an léarscáil.

atalo
Télécharger la présentation

Mé féin & an Eoraip Réamhobair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Mé féin & an Eoraip Réamhobair Bí ag obair leis an duine in aice leat, agus scríobhaigí isteach uimhir gach tíre san áit chuí ar an léarscáil. an Bheilg (1), an Bhulgáir (2), an Chipir (3), An Chróit (4), an Danmhairg (5), an Eastóin (6), an Fhionlainn (7), an Fhrainc (8), an Ghearmáin (9), An Ghréig (10), an Iodáil (11), an Ísiltír (12), an Laitvia (13), an Liotuáin (14), an Ostair (15), an Pholainn (16), an Phortaingéil (17), an Ríocht Aontaithe (18), an Rómáin (19), an Spáinn (20), an tSlóivéin (21), an tSlóvaic (22), an tSualainn (23), an Ungáir (24), Éire (25), Lucsamburg (26), Málta (27), Poblacht na Seice (28)

  2. Mé féin & an Eoraip Scríobh Roghnaigh cúig thír ón liosta thíos agus scríobh cúpla líne faoi gach ceann acu. Bain úsáid as na pictiúir ar an sleamhnán deireanach chun cuidiú leat. Mar shampla: Is í Búdaipeist príomhchathair na hUngáire. Tá an tír suite in oirthear na hEorpa. Tír chumannach a bhí inti idir an dara cogadh domhanda agus 1989. Níl aon chósta ag an Ungáir. Itear gúlais san Ungáir. an Bheilg (1), an Bhulgáir (2), an Chipir (3), An Chróit (4), an Danmhairg (5), an Eastóin (6), an Fhionlainn (7), an Fhrainc (8), an Ghearmáin (9), An Ghréig (10), an Iodáil (11), an Ísiltír (12), an Laitvia (13), an Liotuáin (14), an Ostair (15), an Pholainn (16), an Phortaingéil (17), an Ríocht Aontaithe (18), an Rómáin (19), an Spáinn (20), an tSlóivéin (21), an tSlóvaic (22), an tSualainn (23), an Ungáir (24), Éire (25), Lucsamburg (26), Málta (27), Poblacht na Seice (28)

  3. Mé féin & an Eoraip léamh 1 Féach ar na teidil seo thíos. An dtuigeann tú iad? Breac síos i do chóipleabhar iad. An céatadán déagóirí is aclaí sa domhan forbartha An céatadán déagóirí a mhí-úsáideann alcól sa domhan forbartha An líon déagóirí sa domhan forbartha a fhaigheann bás go foréigneach.

  4. Mé féin & an Eoraip léamh 2 Bí ag obair leis an duine in aice leat. Ceanglaígí na fíricí cearta leis na teidil chuí ón sleamhnán deireanach. Mura bhfuil sibh cinnte tugaigí buille faoi thuairim, ach bí in ann a rá cén fáth ar roghnaigh sibh amhlaidh. 1. Na Stáit Aontaithe: 30% Éire: 29% An Ostair: 28% An Íoslainn: 26% Málta: 21% An Eilvéis: 16% Lucsamburg: 13% An Fhrainc: 12% 2. Na Stáit Aontaithe: 35% Ceanada: 31% Poblacht na Seice: 28% An Ostair: 27% Éire: 27% An Bheilg: 24% An Fhionlainn: 24% An Íoslainn: 24% Iosrael: 24% An Ísiltír: 24% An Ríocht Aontaithe: 24% 3. Amach as 100,000 Na Stáit Aontaithe: 17 Iosrael: 4 An Eilvéis: 4 Ceanada: 3 Éire: 3 An Nua-Shéalainn: 3 An Eastóin: 2 An tSualainn: 2

  5. Mé féin & an Eoraip Plé • “Déagóirí ón Ríocht Aontaithe gafa i bhfáinne fí an aonteangachais” • Sin ceannteideal a bhí in alt sa Telegraph. Féach ar na pointí eile a bhí san alt: • Is iad na déagóirí is fearr a labhraíonn teanga iasachtach ná déagóirí ón tSualainn, ó Mhálta agus ón Ísiltír. • Is iad na déagóirí ón mBreatain na déagóirí is measa ó thaobh scríobh i dteanga iasachta de. • Bhí déagóirí ón bhFrainc nach mór chomh holc le déagóirí ón mBreatain i labhairt i dteanga iasachtach. • Cén fáth a bhfuil na Briotanaigh agus na Francaigh chomh holc ag labhairt teanga iasachta, dar leat? • An bhfuil déagóirí na hÉireann go maith ag labhairt teangacha dar leat? Cén fáth?

  6. Mé féin & an Eoraip Quiz 1 1. Cé mhéad tír atá san Aontas Eorpach? ⧠ 21 ⧠ 24 ⧠ 27 ⧠ 28 2. Cé mhéad réalta atá ar an mbrat Eorpach? ⧠ 5 ⧠ 12 ⧠ 28 ⧠ 29 3. Cé mhéad duine a chónaíonn sa AE? ⧠ 400 ⧠500 ⧠ 600 milliún 4. Cé mhéad tír ina bhfuil an euro in úsáid? ⧠ 15 ⧠ 24 ⧠ 17 5. Cé mhéad teanga oifigiúil a labhraítear san AE? ⧠ 17 ⧠ 20 ⧠ 24 ⧠ 27 6. Cad iad na sé thír a bhunaigh an AE? ⧠ An Bheilg, An Iodáil, An Ísiltír, an Fhrainc, an Ghearmáin, An Spáinn ⧠An Bheilg, An Ghearmáin, An Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg ⧠ An Bheilg, An Ghearmáin, An Fhrainc, an Iodáil, Málta, Lucsamburg 7. Cad í príomhchathair an AE (an chathair leis an líon is mó institiúidí de chuid an AE)? ⧠ Páras ⧠ An Bhruiséil ⧠ Strasbourg

  7. Mé féin & an Eoraip Quiz 2 8. Cén fonn ar a bhfuil amhrán náisiúnta an AE bunaithe? ⧠ An Naoú Siansa le Beethoven ⧠An Éagnairc le Mozart ⧠An Rapsóid Ghorm le Gershwin 9. Cad é mana an AE? ⧠ ‘Saoirse, ionannas, bráithreachas’ ⧠ ‘Aontaithe san éagsúlacht’ ⧠ ‘Dia agus mo chearta’ 10. Is oileán ceann de na tíortha thíos i lár na Meánmhara, cé acu ceann? ⧠ An Chipir ⧠ An Liotuáin ⧠ Málta

More Related