1 / 9

An tOireachtas Réamhobair

An tOireachtas Réamhobair. I gceann tamaill beidh tú ag éisteacht le dalta a bhuaigh an chéad áit sa chomórtas scéalaíochta san Oireachtas in 2012. Roimhe sin, pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat. Cén rud é Oireachtas na Gaeilge?

carrington
Télécharger la présentation

An tOireachtas Réamhobair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An tOireachtas Réamhobair I gceann tamaill beidh tú ag éisteacht le dalta a bhuaigh an chéad áit sa chomórtas scéalaíochta san Oireachtas in 2012. Roimhe sin, pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat. • Cén rud é Oireachtas na Gaeilge? • An féidir leat a rá cad iad na comórtais éagsúla a bhíonn ag an Oireachtas? • An ndéanann tú aon chaitheamh aimsire ‘Gaelach’ tú féin i.e. damhsa, ceol a sheinm, amhránaíocht, scéalaíocht agus araile? • Cá mbíonn an tOireachtas ar siúl? • An raibh tú riamh ag an Oireachtas? Má bhí, déan cur síos ar an am a chaith tú ann.

  2. An tOireachtas Éisteacht Éist le Seán Ó Móráin ag cur síos ar an Oireachtas agus freagair na ceisteanna seo. • Cén comórtas ar ghlac Seán páirt ann anuraidh? • Conas a d’éirigh leis? • Cén t-ullmhúchán a rinne sé roimh an gcomórtas? • Cén fáth nár bhraith sé ró-neirbhíseach ag an gcomórtas? • An bhfuil sé i gceist ag Seán páirt a ghlacadh i gcomórtas Oireachtais amach anseo? Cén áit? Cathain? • An mbeidh aon deacrachtaí aige le canúint Dhún an nGall, an ndeir sé?

  3. An tOireachtas Iarphlé 1 Ar thug tú faoi deara Seán ag rá “Bhí sé agam ansin.” Sin slí an-nádúrtha chun “Bhí sé ar eolas agam” a rá. Má theastaíonn uait ceist a chur ar dhuine “Do you know ...?” abair “An bhfuil ... agat?” Cuir Gaeilge ar na frásaí seo: • Do you know that song? • I don’t know that one at all. • Do you speak French? Ná déan dearmad gur leagan eile ar fad a bhíonn ag teastáil más ag caint ar dhaoine atá tú seachas eolas/rud: • An bhfuil aithne agat ar Sheán? • Níl aithne agam ar Nóra. Níor bhuail mé riamh léi.

  4. An tOireachtas Iarphlé 2 • Earráid chomónta! • San agallamh, dúirt Seán ‘i mbliana’. Sin an tslí cheart chun ‘this year’ a rá. Ach is minic a chloisfeá foghlaimeoirí Gaeilge ag rá *‘an bhliain seo’. Tá sé sin mícheart! Bí cúramach an earráid sin a sheachaint. • Bain triail as na cleachtaí seo: • Slí eile chun anuraidh a rá (bí cúramach leis an litriú): _____________ • An Ghaeilge atá ar ‘next year’: _____________

  5. An tOireachtas Léamh 1 Léigh an t-alt seo os ard leis an duine in aice leat. Ceiliúradh atá san Oireachtas ar gach aon cheann de na healaíona traidisiúnta – amhránaíocht, ceol, rince, litríocht, scéalaíocht, rince aonair ar an sean-nós, drámaíocht, scoraíocht, dreas cainte agus na fís-ealaíona ina measc. Déantar an ceiliúradh sin ag tráthanna éagsúla den bhliain trí imeachtaí, ócáidí agus comórtais a reáchtáil. Is iad seo a leanas na hócáidí bliantúla a reáchtálann an tOireachtas – Léacht an Oireachtais, Comórtais Liteartha an Oireachtais, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Oireachtas na Samhna agus Scléip na hÓige. Tugann an tOireachtas tacaíocht do cheoltóirí, do rinceoirí, do chumadóirí, do scríbhneoirí, d’iriseoirí agus do scéalaithe agus faigheann siad siúd, a n–éiríonn leo sárchaighdeán a bhaint amach ina réimsí éagsúla saothair trí mheán na Gaeilge, aitheantas ón Oireachtas. Is é Oireachtas na Samhna mórócáid bhliantúil an Oireachtais, agus go deimhin mórfhéile bhliantúil na nGael, ag a ndéantar ceiliúradh ar na healaíona dúchasacha éagsúla. Féile chomhaimseartha í, dírithe ar rannpháirtíocht leathan phobail, ina reáchtáiltear comórtais ardáin sna healaíona traidisiúnta mar aon le rogha leathan d’imeachtaí sainspéise do dhaoine fásta agus do dhaoine óga. Féile shiúlach í féile an Oireachtais, a théann trasna na tíre, bliain i ndiaidh bliana, ag mealladh na sluaite léi agus ag cruthú Gaeltacht nádúrtha ar feadh thréimhse na féile pé áit in Éirinn a lonnaíonn sí mar gur trí mheán na Gaeilge a reáchtáiltear

  6. An tOireachtas Léamh 2 gach uile ghné den fhéile. Is iad na comórtais ardáin croílár na féile, ag mealladh óg agus aosta as gach cearn den tír, agus cuid acu ón gcoigríoch, le bheith rannpháirteach sa cheiliúradh, le casadh le máistrí na n-ealaíona éagsúla agus le cairdis nua a chruthú agus a chothú. Cé go bhfuil na comórtais tábhachtach iontu féin is de bharr na rannpháirtíochta san fhéile agus spleodar na hócáide a fhilleann daoine arís agus arís eile ar Oireachtas na Samhna, agus is iad na hócáidí sóisialta eile – na seisiúin cheoil agus amhránaíochta, na seoltaí leabhar agus dlúthdhioscaí, na seimineáir, na léachtaí, na taispeántais agus na hócáidí ealaíon eile a spreagann an dílseacht seo sa lucht leanúna. Féile do dhaoine óga is ea Scléip na hÓige, a reáchtáiltear gach bliain le linn Oireachtas na Samhna. Is clár leathan imeachtaí sóisialta agus spóirt – foirmiúil agus neamhfhoirmiúil – í Scléip na hÓige ina n-eagraítear cluichí, comórtais, ceardlanna, céilí, dioscó agus seó draíochta. Tá an fhéile seo dírithe go hiomlán ar an óige, ag cur deiseanna sóisialta, cuideachta, spóirt agus foghlama ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge, ag cur le raon úsáidte na Gaeilge i measc na n-óg agus ag cothú deiseanna taitneamhacha cuí le heolas maidir le hoidhreacht chultúrtha agus ealaíne na hÉireann a thabhairt dóibh. Is i nGaeilge a reáchtáiltear imeachtaí uile Scléip na hÓige, agus déanann siad freastal ar bhaill chlubanna óige. Freastalaíonn baill as eagraíochtaí óige Ógras, Feachtas, Spleodar, Cumann na bhFiann, Óige na Gaeltachta agus eile ar imeachtaí Scléip na hÓige.

  7. An tOireachtas Iarphlé 3 Bíodh cóip den alt atá léite agat os do chomhair amach agus tabhair faoi na tascanna seo: • Cuir líne faoi aon fhocal san alt nach bhfuil tú 100% cinnte faoina bhrí. • Cuir líne faoi aon abairt nach bhfuil tú 100% cinnte faoina brí. • Bí ag obair leis an duine in aice leat agus cabhraígí le chéile leis na deacrachtaí atá agaibh. Bainigí triail as na straitéisí seo a leanas: • Mura bhfuil tú cinnte faoi bhrí fhocail, féadfaidh tú na rudaí seo • a leanas a dhéanamh: • Léigh an cúpla abairt atá timpeall ar an bhfocal. An gcabhraíonn an comhthéacs leat buille faoi thuairim a thabhairt faoi bhrí an fhocail? • Murar féidir leat buille faoi thuairim a thabhairt, fiafraigh de do mhúinteoir nó féach san fhoclóir. • Mura bhfuil tú cinnte faoi bhrí abairte, bain triail as an tseift seo: • Abair an abairt amach os ard ag cur béime sna háiteanna cearta. An bhfuil sé níos soiléire anois? Bain triail as. Má theipeann oraibh, cuirigí ceist ar an múinteoir.

  8. An tOireachtas Iarphlé 4 An bhfuil cuimhne mhaith agat? Gan féachaint siar ar do nótaí, scríobh amach na focail nua atá foghlamtha agat ón alt ar an Oireachtas. • ________________________________ • ________________________________ • ________________________________ • ________________________________ • ________________________________ • ________________________________ • ________________________________ • ________________________________ • ________________________________ • ________________________________

  9. An tOireachtas Iarphlé 5 Féach ar na físeáin seo ar rince ar an sean-nós a tógadh ag an Oireachtas agus freagair na ceisteanna seo: • An bhfuil ranganna rince ar an sean-nós ar fáil i do cheantar féin? • An bhfaca tú riamh rince na scuab? An bhfuil a fhios agat cad é? • Dá mbeifeá le cur síos a dhéanamh d’eachtrannach ar cad is rince ar an sean-nós ann, cad a déarfá mar gheall air? • Cén difríochtaí a fheiceann tusa idir rince ar an sean-nós agus ‘gnáth’ rince Gaelach?

More Related