1 / 9

Mé féin & scrúduithe Réamhobair 1

Mé féin & scrúduithe Réamhobair 1. Féach ar na focail thíos a bhaineann le scrúduithe. Bí ag obair leis an duine in aice leat agus (i) aimsígí brí na bhfocal agus; (ii) athscríobhaigí faoi na teidil chearta iad. Mé féin & scrúduithe Réamhobair 2.

alexis-frye
Télécharger la présentation

Mé féin & scrúduithe Réamhobair 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Mé féin & scrúduithe Réamhobair 1 Féach ar na focail thíos a bhaineann le scrúduithe. Bí ag obair leis an duine in aice leat agus (i) aimsígí brí na bhfocal agus; (ii) athscríobhaigí faoi na teidil chearta iad.

  2. Mé féin & scrúduithe Réamhobair 2 A. Cad fút féin? Breac síos conas a bhíonn tú féin ag tús scrúduithe: ____________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________ Cad a bhí ag an duine in aice leat? B. Féach ar an sliocht ón gclár Mr Bean faoi dhó. Breac síos na focail ar fad a ritheann leat agus tú ag féachaint air don dara uair. Bain úsáid as na focail ón sleamhnán deireanach. An raibh na focail chéanna ag an duine in aice leat?

  3. Mé féin & scrúduithe Réamhobair 3 Grúpa A: Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus breacaigí síos ocht mbuntáiste faoi scrúduithe. Scríobh síos faoi Buntáistí iad. Ansin, éistigí le tuairimí an ghrúpa eile agus breacaigí síos a dtuairimí faoi Míbhuntáistí. Grúpa B: Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus breacaigí síos ocht míbhuntáiste faoi scrúduithe. Scríobh síos faoi Míbhuntáistíiad. Ansin, éistigí le tuairimí an ghrúpa eile agus breacaigí síos a dtuairimí faoi Buntáistí. Buntáistí Míbhuntáistí

  4. Mé féin & scrúduithe Léamh 1 • Bí ag obair leis an duine in aice leat. Léigí cuid IV den scrúdú Gaeilge (ardleibhéal) ar an gcéad dá shleamhnán eile. Déanaigí na nithe seo a leanas agus sibh á léamh: • Léigí na treoracha ar fad ar dtús agus cuirigí líne faoi aon fhocal nach dtuigeann sibh. • Tugaigí buille faoi thuairim faoi chiall na bhfocal nár thuig sibh (sna treoracha). Pléigí na focail ansin leis an múinteoir agus leis an rang ina iomláine. • Léigí na ceisteanna anois, agus cuirigí líne faoi aon fhocal nach dtuigeann sibh. • Tugaigí buille faoi thuairim faoi chiall na bhfocal nár thuig sibh (sna ceisteanna). Pléigí na focail ansin leis an múinteoir agus leis an rang ina iomláine.

  5. Mé féin & scrúduithe Léamh 2 ROINN IV CEAPADÓIREACHT 50 MARC Scríobh freagraí ROINN IV i do fhreagarleabhar. Ceist 3. Freagair do rogha ceann amháin de A, B, C anseo thíos. (Ní gá níos mó ná leathanach go leith a scríobh.) AISTE nó ALT NUACHTÁIN/IRISE Scríobh ar do rogha ceann amháin díobh seo. (i) Séasúir na bliana anseo in Éirinn. (ii) Foireann sacair na hÉireann. (iii) Na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le bheith cáiliúil. (iv) Turas scoile a raibh mé air le déanaí. (v) Ócáid mhór phoiblí in Éirinn le gairid.

  6. Mé féin & scrúduithe Léamh 3 • B. SCÉAL nó EACHTRA • Freagair do rogha ceann amháin díobh seo: • (i) Ceap scéal a mbeadh an giota seo thíos oiriúnach mar thús leis: • “ ‘Is bulaíocht í sin. Tá mé chun rud éigin a dhéanamh faoi anois,’ arsa m’athair liom.” • (ii) Eachtra a tharla duit nuair a bhí tú ag dioscó le do chairde. • DÍOSPÓIREACHT • Maidir le do rogha ceann amháin de na rúin seo thíos, scríobh an chaint a dhéanfá i ndíospóireacht scoile ar son nó in aghaidh an rúin sin: • (i) ‘Bíonn laethanta saoire rófhada ag daltaí scoile sa samhradh.’ • (ii) ‘Ba cheart cosc a chur le húsáid an fhóin phóca in áiteanna poiblí.’

  7. Mé féin & scrúduithe Iarphlé 1 A. Roghnaigh an cheist a dhéanfá féin, agus breac síos cúig chúis ar roghnaigh tú é: __________________________________________ ____________________________________________________________________________________ __________________________________________ __________________________________________ B. Cén cheist a roghnaigh an duine in aice leat? Éist leis na cúiseanna ar roghnaigh sé/sí é agus breac síos ar a laghad difríocht amháin a bhí eadraibh: __________________________________________ __________________________________________ C. Breac síos na deacrachtaí is mó a bhíonn agat tús a chur le ceist cosúil leis an gceist a roghnaigh tú: __________________________________________ ____________________________________________________________________________________ __________________________________________ __________________________________________

  8. Mé féin & scrúduithe Iarphlé 2 • Ní féidir aiste mhaith a scríobh gan pleanáil mhaith! Féach ar na pointí seo: • Léigh gach teideal go cúramach. • Roghnaigh teideal a bhfuil cur amach agat air. • Déan iarracht scríobh faoi theideal a bhfuil suim agat ann. • Déan ransú smaointe, agus breac síos na tuairimí ar fad a ritheann leat. • Scríobh amach plean ansin don aiste a scríobhfaidh tú. Cuir na pointí a leanas san áireamh agus tú ag scríobh do phlean: • Alt 1: Cuireann tú tús leis an scéal nó argóint agus déanann tú iarracht aird an léitheora a mhealladh. • Alt 2 – 4: Is sna hailt seo a insíonn tú do scéal, go soiléir agus go tarraingteach; nó is sna hailt seo a chuireann tú do chuid pointí agus tuairimí ina luí ar an léitheoir. • Alt 5: Cuireann tú críoch leis an aiste agus déanann tú iarracht suim an léitheora a choinneáil go dtí an nóiméad deireanach. Más óráid díospóireachta nó píosa iriseoireachta í d’aiste, déanann tú achoimre ar do chuid pointí ar fad agus cuireann tú an dlaoi mhullaigh ar d’argóint san alt seo. Más ceapadóireacht atá i gceist, déanann tú iarracht geit a bhaint as an léitheoir le cor sa scéal.

  9. Mé féin & scrúduithe Scríobh Ransú smaointe: Plean na haiste: Alt 1 (Intreoir): Alt 2: Alt 3: Alt 4: Alt 5 (Críoch, conclúid): Teideal na haiste

More Related