1 / 11

An féidir leat a rá go cruinn cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat?

Mo theaghlach Réamhobair 1. An féidir leat a rá go cruinn cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat? Uaireanta bíonn an úsáid a bhaintear as na huimhreacha pearsanta (beirt, triúr, ceathrar etc.) beagán éagsúil ó Ghaeltacht go Gaeltacht agus sa Chaighdeán. Cinntigh,

ziva
Télécharger la présentation

An féidir leat a rá go cruinn cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat?

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Mo theaghlach Réamhobair 1 An féidir leat a rá go cruinn cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat? Uaireanta bíonn an úsáid a bhaintear as na huimhreacha pearsanta (beirt, triúr, ceathrar etc.) beagán éagsúil ó Ghaeltacht go Gaeltacht agus sa Chaighdeán. Cinntigh, mar sin, go bhfuil an méid a deir tú ceart ó thaobh na canúna de nó ó thaobh an Chaighdeáin de. Ná bíodh rud éigin á rá agat nach bhfuil anseo ná ansiúd! 2. An féidir leat a rá go cruinn cén áit a dtagann tú sa teaghlach? i.e. An duine is sine, an duine sa lár, an duine is óige, páiste aonair agus araile. Beidh an briathar ‘Is’ ag teastáil uait.

  2. Mo theaghlach Réamhobair 2 Bí ag obair leis an duine in aice leat agus cuirigí an leagan ceart den fhocal ‘bliain’ sna bearnaí. Aon ____________ déag Dhá ____________ déag Trí ____________ déag Ceithre ____________ déag Cúig ____________ déag Sé ____________ déag Seacht ____________ déag Ocht ____________ déag Naoi ____________ déag Fiche ____________

  3. Mo theaghlach Réamhobair 3 Lig ort féin gur tusa an duine atá i gceist le ‘Mise’ thíos i ngach cás. Abair cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat agus cén áit a dtagann tú sa chlann. Bíodh an méid a deir tú cruinn, ceart. Mise: 15, Pádraig: 13, Séamus: 11. Caitríona:17, Mise: 14. Michelle: 18, Sinéad: 16, Mise: 13. Niall: 19, Donncha: 17, Mise: 15, Sorcha: 12, Jimí: 9. Mise: 14.

  4. Mo theaghlach Léamh Tá deartháir amháin ag Róisín Ní Chéileachair ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Léigh an cur síos seo a thugann sí ar an gcaidreamh atá eatarthu: An bhfuil deartháireacha agus deirfiúracha agat? Tá deartháir amháin agam. Tá sé níos óige ná mé. Tá sé sa tríú bliain. Agus conas a réitíonn sibh le chéile? Go maith, is dócha, ach uaireanta déanaimse rud éigin nó déanann sé sin rud éigin agus bímid i muineál a chéile. Conas a réitigh sibh le chéile nuair a bhí sibh beag? Ó nuair a bhíomar beag bhí gach rud go breá. Ní chuirimis isteach ar a chéile go deo. Bhíomar an-mhór le chéile nuair a bhíomar óg. Cathain a d’athraigh rudaí ansin? Is dócha nuair a tháinig mé go dtí an mheánscoil. Ní rabhamar chomh mór le chéile ansin is a bhíomar nuair a bhíomar níos óige. Agus ansin, is dócha nach raibh puinn ama againn dá chéile. D’athraigh rudaí an uair sin.

  5. Mo theaghlach Iarphlé 1 Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: An bhfuil deartháireacha agus deirfiúracha agat? An réitíonn sibh go maith le chéile na laethanta seo? An bhfuil suim agaibh sna rudaí céanna? Cén cineál rudaí a thaitníonn leo siúd (ceol, cláracha teilifíse, caitheamh aimsire)? An bhfuil dealramh agat le do dheartháireacha / deirfiúracha? An tusa an duine is sine nó an duine is óige? Cé acu is fearr, dar leat?

  6. Mo theaghlach Iarobair 2 A: Gan féachaint siar ar an bpíosa a bhí le rá ag Róisín, an féidir leat na rudaí seo a leanas a rá as Gaeilge? Scríobh síos i do chóipleabhar iad. How do you get on with one another? Do you get on well with one another? We’re very close. We fight. B: Cuir Gaeilge ar na focail seo: first cousin: _______________________ second cousin: _______________________ mother in law: _______________________ father in law: _______________________ godmother: _______________________ godfather: _______________________ twins / half-twin: _______________________ a couple: _______________________ adopted: _______________________

  7. Mo theaghlach Iarobair 3 Féach ar na nathanna cainte seo a úsáidtear chun cur síos ar chaidrimh. An dtuigeann tú iad ar fad? An féidir leat cur leis an liosta tú féin? Bímid i muineál a chéile. Bímid ag achrann. Éiríonn troideanna eadrainn. Bíonn sé/sí ag scéachtaint (sceitheadh) orm go dtí Mam is Daid. Cuirimid isteach go mór ar a chéile. Réitímid go breá. Táimid an-mhór le chéile. Ní chuirimid isteach ná amach ar a chéile.

  8. Mo theaghlach Iarobair 4 Tá córas speisialta in Éirinn ann do shloinnte. Is córas é atá in úsáid leis na mílte bliain. A: Tugann sloinnte Éireannacha eolas dúinn faoin duine. Féach ar na ráitis thíos agus abair an bhfuil siad fíor nó bréagach. Bíonn a fhios againn ón sloinne pé acu an bean nó fear atá i gceist. FÍOR nó BRÉAGACH Bíonn a fhios againn ón sloinne pé acu an bhfuil an fear pósta nó nach bhfuil. FÍOR nó BRÉAGACH Bíonn a fhios againn ón sloinne pé acu an bhfuil an bhean pósta nó nach bhfuil. FÍOR nó BRÉAGACH Bíonn na sloinnte céanna le fáil i ngach áit sa tír. FÍOR nó BRÉAGACH B: Úsáidtear córas speisialta ainmnithe sa Ghaeltacht – in ionad sloinne an duine a úsáid, úsáidtear ainm baiste a athar (nó uaireanta a mháthar). Pléigh é seo leis an duine in aice leat agus (i) smaoinígí ar shamplaí ó bhur gceantar féin (má tá sibh in bhur gcónaí sa Ghaeltacht) agus (ii) déanaigí amach cén t-ainm Gaeltachta atá/a bheadh ort féin!

  9. Mo theaghlach Iarobair 5 Féach ar an dá lánúin phósta agus freagair na ceisteanna: Síle Ní Chonchúir agus Aodán Ó Muirí Aoife Nic Craith & Seamus Mac Giolla Bhríde Cén sloinne atá ar Shíle agus ar Aoife anois agus iad pósta? Cén sloinne a bheadh ar mhic na lánúineacha? Cén sloinne a bheadh ar iníonacha na lánúineacha? Cén sloinne atá ort féin? An mbaineann tú úsáid as do shloinne i nGaeilge nó i mBéarla, cén fáth?

  10. Mo theaghlach Iarobair 6 D’ainm as Gaeilge A: Léigh an píosa gearr seo agus déan nóta de na focail nach dtuigeann tú. Fadó, ní bhíodh cead ag muintir na Gaeltachta a n-ainm a thabhairt as Gaeilge le haghaidh aon ghnó oifigiúil. Bhíodh dualgas orthu an leagan Béarla dá sloinne a chur ar theastas breithe a leanaí, mar shampla, agus ar cháipéisí a bhain le húinéireacht tí – aon rud oifigiúil agus dlíthiúil. Deirtí le muintir na Gaeltachta a d’insíodh a n-ainm as Gaeilge, rudaí ar nós “You must put your name in English. This is an official document.” Tháinig athrú ar an riail sin de réir a chéile ach thóg sé tamall fada ar oifigigh rialtais a meon a athrú. Fiú sa lá atá inniu ann, cloisfidh tú oifigigh ag rá rudaí cosúil le ‘What’s that in English?” nó “The computer can’t do fadas.” Tá an drochnós sin ag laghdú i gcónaí a bhuíochas do chúrsaí traenála agus feasachta atá déanta le daoine atá ag obair san Earnáil Phoiblí. B: Pléigh an cheist seo leis an duine in aice leat. An mbíonn deacrachtaí agatsa riamh nuair a úsáideann tú do shloinne i nGaeilge? Tabhair samplaí.

  11. Mo theaghlach Iarobair 7 Earráid chomónta! Uaireanta cloiseann tú foghlaimeoirí Gaeilge ag rá rudaí cosúil le *‘beirt dhaoine’ nó *‘ceathrar daoine’. Tá sé sin mícheart – is dócha gur aistriúchán díreach ón mBéarla is cúis leis an earráid. Ná déan dearmad go gciallaíonn an focal beirt two people agus triúrthree people agus mar sin de. Dá bhrí sin, ní féidir an focal ‘daoine’ a úsáid leis na huimhreacha pearsanta. Is féidir, áfach, an cineál duine atá i gceist a lua. Mar shampla: triúr daltaí ceathrar dochtúirí seisear peileadóirí

More Related