1 / 30

Is mise Vicky. Agus seo é m’athair. Fuair mé mo chéim i gColáiste na hOllscoile.

Is mise Vicky. Agus seo é m’athair. Fuair mé mo chéim i gColáiste na hOllscoile. Tá an-áthas orm agus tá bród ar dhaid. Bhí mé ar scoil i gColáiste Choilm. Bhí mé ansin go dtí 2005. (dhá mhíle is a cúig). Bhuail mé le Tony ansin. Dia daoibh! Is mise Tony. Tá mé i mo chara do Vicky.

erno
Télécharger la présentation

Is mise Vicky. Agus seo é m’athair. Fuair mé mo chéim i gColáiste na hOllscoile.

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Is mise Vicky. Agus seo é m’athair. Fuair mé mo chéim i gColáiste na hOllscoile. Tá an-áthas orm agus tá bród ar dhaid.

  2. Bhí mé ar scoil i gColáiste Choilm. Bhí mé ansin go dtí 2005. (dhá mhíle is a cúig). Bhuail mé le Tony ansin.

  3. Dia daoibh! Is mise Tony. Tá mé i mo chara do Vicky.

  4. Inniu tá mise agus Tony ag dul go dtí an Ghréig. Tá muid ag eitilt amach ar a sé a chlog anocht… tar éis bhronnadh na céime.

  5. Ar dtús thug Tony cuireadh dom teacht leis go dtí bialann dheas. Agus bhí dinnéar breá blasta againn.

  6. Aerfort Átha Cliath Tar éis an dinnéir…. chuaigh muid amach go dtí an t-aerfort.

  7. Ach tá brón ar Tony mar cuireadh moille ar an eitilt.

  8. Ná bíodh brón ort, Tony. Beidh muid ábalta ár mbagáiste a sheiceáil isteach agus ansin beidh cupán caife deas againn thuas staighre.

  9. Is maith an smaoineamh é sin! Ba bhreá liom cupán caife a ól!

  10. Téann muid suas an staighre beo.

  11. Bhí sin ag teastáil uaim go géar! Tá cupán caife againn… emm.. Tá sé go blasta!

  12. An bhfuil císte milis uait?

  13. Oh, níl! Táim lán go béal!

  14. Cad é an t-am anois?

  15. Tá greadadh ama againn fós

  16. Ba mhaith liom siúl timpeall…

  17. Cad fút féin?

  18. Is breá an smaoineamh é sin!

  19. AER SABINA AER FRANCE AER ÁRANN AER SABINA AER SABINA AER SABINA Tá uaim rud éigin a thaispeáint duit, Tony!

  20. Cad é seo, Vicky?! Seomra Comhdhála Seán Lemass

  21. Ba é sin mo shin-seanathair. Bhí sé ina Thaoiseach ar an tír seo idir 1959 agus 1966 Seomra Comhdhála Seán Lemass

  22. Inis dom beagán faoi do shin-sean-athair, Vicky!

  23. Rugadh é in 1899. Thóg se páirt san Éirí Amach i 1916. I 1926 chuir sé Fianna Fáil ar bun le hÉamonn De Valera. Chuir sé Bord na Móna ar bun freisin agus ba é a thug RTÉ dúinn. Chuir sé Aer Lingus ar bun. Dúirt m’athair liom go raibh bród air as sin. Rinneadh Taoiseach de i 1959. Ach bhí air éirí as an rialtas i 1966 mar bhí sé tinn.

  24. Vicky féach ar an am! Tá orainn rith! Tá an t-eitleán ag imeacht i gcennn fiche nóiméad!

  25. Tá an ceart agat! An bhfuil na cártaí bordála agat?

  26. Nach bhfuil siad agatsa?

  27. Thug mé duitse iad! Nach bhfuil siad sa mhála agat?

  28. O! Tá! Nach mise an t-amadán ceart!

  29. Nach bhfuil an oíche go hálainn, Tony?! Féach ar na réaltaí áille sa spéir! Ar ball, beidh muid thuas i measc na réaltaí!!

  30. Féach air sin! Tá muid ag tuirlingt cheana fein! An Ghréig don Nollaig! Tá an-áthas orm, Tony? An-áthas ar fad!

More Related