1 / 4

Tar éis am scoile Réamhobair

Tar éis am scoile Réamhobair. Tá canúint Uladh ag Caoimhe, an cailín a mbeidh sibh ag éisteacht léi ar ball. An féidir leat féin agus an duine in aice leat na leaganacha Ultacha a cheangal leis na leaganacha caighdeánacha?.

allene
Télécharger la présentation

Tar éis am scoile Réamhobair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Tar éis am scoileRéamhobair Tá canúint Uladh ag Caoimhe, an cailín a mbeidh sibh ag éisteacht léi ar ball. An féidir leat féin agus an duine in aice leat na leaganacha Ultacha a cheangal leis na leaganacha caighdeánacha? Líon an bosca fút féin ar dtús agus ansin labhair le duine amháin eile sa rang leis an eolas faoin duine sin a fháil.

  2. Tar éis am scoileÉisteacht(1) Éist leis an mír agus freagair na ceisteanna: • Cé mhéad ábhar atá á staidéar ag Caoimhe? _________________________________________________ 2. An éireoidh go maith léi sna scrúduithe, dar leat? Cén fáth? _________________________________________________ • Cé mhéad uair a chaitheann sí ag staidéar? _________________________________________________ • Cad a dhéanann Caoimhe nuair a bhíonn am saor aici? _________________________________________________ • Cén fáth a luann sí The Lion King? _________________________________________________ 6. An ndéanann mórán daltaí sa scoil bailé? _________________________________________________

  3. Tar éis am scoileÉisteacht(2) Féach ar an sliocht seo ón mír. Líon na bearnaí leis an leagan caighdeánach (nó an leagan atá agat féin) de na focail ón mbosca ó leathanach ‘Tar éis am scoile – réamhobair’. Caoimhe Tá mé ag an am seo ag staidéar deich n-ábhar __________ an Teastas Sóisearach. Tá __________le staidéar agam agus bím i mo shuí mall san oíche, agus tá súil agam go ndéanfaidh mé go maith mar tá tréan oibre curtha isteach agam ann. Caitlín Oh, tá sin __________. Cé mhéad uair a mheasann tú féin a chaitheann tú ag staidéar? Caoimhe Bhuel, ar na laethanta seo a bhím ar scoil, i ndiaidh am scoile caithim __________trí n-uaire ag staidéar agus ag an deireadh seachtaine ó cúig go sé uaire ag staidéar fá choinne an Teastas Sóisearach. Éist leis an mír arís le feiceáil ar líon tú na bearnaí i gceart. Cuir ceist ar do mhúinteoir le bheith cinnte. Féach ar an nath cainte seo ón mír: ‘bím i mo shuí mall san oíche’ Cad faoi d’athair agus do mháthair féin? Scríobh amach an abairt arís ag tagairt do bhaill éagsúla ó do theaghlach. _____________________mall san oíche (máthair) _____________________mall san oíche (athair) _____________________mall san oíche (deirfiúr) _____________________mall san oíche (deartháir)

  4. Tar éis am scoileIarphlé • Cuir na ceisteanna seo ar an duine in aice leat: • Cé mhéad ábhar atá á staidéar agat? • Cad é an t-ábhar is fearr leat? Cén fáth? • Cad é an t-ábhar nach maith leat ar chor ar bith? Cén fáth? B. Féach ar na ceisteanna seo agus breac síos abairt nó dhó atá fíor fút féin. An ndéanann tú mórán botún agus tú ag labhairt i nGaeilge? An ndéanann tú mórán botún agus tú ag labhairt i mBéarla? Cé acu teanga is deacra duit féin a labhairt – an Ghaeilge nó an Béarla? Cén fáth?

More Related