1 / 5

Na hÁbhair Scoile Réamhobair

Na hÁbhair Scoile Réamhobair. Féach ar na hábhair scoile seo thíos . An bhfuil siad ar fad ar fáil i do scoil féin? Adhmadóireacht Eacnamaíocht Bhaile Teicneolaíocht Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil Mata Gaeilge Tíreolaíocht Gearmáinis

molimo
Télécharger la présentation

Na hÁbhair Scoile Réamhobair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Na hÁbhair Scoile Réamhobair Féach ar na hábhair scoile seo thíos. An bhfuil siad ar fad ar fáil i do scoil féin? Adhmadóireacht Eacnamaíocht Bhaile Teicneolaíocht Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil Mata Gaeilge Tíreolaíocht Gearmáinis Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte Reiligiún Fraincis Stair Staidéar Gnó Spáinnis Ealaín An bhfuil aon ábhar nach bhfuil sa liosta? An ndéanann tú féin agus an duine in aice leat na hábhair chéanna?

  2. Na hÁbhair ScoileÉisteacht Éist le Jaic ag cur síos ar na hábhair scoile a dhéanann sé agus líon na bearnaí. Aoife: Tá tú sa chéad bhliain anois, a Jaic. Jaic:    Táim. Aoife: An bhfuil i bhfad níos mó ábhar á dhéanamh anseo agat anois ná mar a bhí sa bhunscoil? Jaic:    Tá i bhfad níos mó ábhar. __________________, ealaín, P.E., __________________, __________________, nó __________________. Aoife: An ndéanann tú eacnamaíocht bhaile? Jaic:     Ní dhéanaim. Aoife:  Ní dhéanann? Cad a dhéanann tú ina ionad? Jaic: Déanaim ceol. Aoife:  Ó ceol. An-mhaith. An seinneann tú aon __________________ tú féin? Jaic:     Seinnim an __________________.

  3. Na hÁbhair Scoile Éisteacht Éist le Jaic arís, an raibh an ceart agat? Aoife: Tá tú sa chéad bhliain anois, a Jaic. Jaic:    Táim. Aoife: An bhfuil i bhfad níos mó ábhar á dhéanamh anseo agat anois ná mar a bhí sa bhunscoil? Jaic:    Tá i bhfad níos mó ábhar. Eolaíocht, ealaín, P.E., adhmadóireacht, teicneolaíocht nó ceol. Aoife: An ndéanann tú eacnamaíocht bhaile? Jaic:     Ní dhéanaim. Aoife:  Ní dhéanann? Cad a dhéanann tú ina ionad? Jaic: Déanaim ceol. Aoife:  Ó ceol. An-mhaith. An seinneann tú aon uirlis tú féin? Jaic:     Seinnim an pianó.

  4. Na hÁbhair Scoile Iarphlé 1 Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat. • Cad as é Jaic – Ciarraí, Gaillimh, Dún na nGall, nó áit éigin eile sa tír? Conas a dhéanfá amach cad as é? • Cén slite eile a deirtear ‘to play’ (an instrument) as Gaeilge? Cén leagan a úsáideann tusa? • Féach ar an tslí a fhreagraíonn Jaic na ceisteanna a chuireann Aoife air – ní úsáideann sé ‘sea’ agus ‘ní hea’ in aon chor agus sin comhartha gur cainteoir an-mhaith Gaeilge é! An bhfuil a fhios agat cén fáth é sin?

  5. Na hÁbhair Scoile Iarphlé 2 Bí ag obair leis an duine in aice leat agus breac síos cén t-ábhar scoile atá i gceist sna pictiúir. Scríobhaigí 3 rud atá le feiceáil sna pictiúir a thugann le fios cén t-ábhar atá i gceist.

More Related