1 / 7

Inimirce Réamhobair 1

Inimirce Réamhobair 1. Pléigí na ceisteanna: Cad as do do thuismitheoirí? An bhfuil Gaeilge ag do thuismitheoirí? Anois, samhlaígí gur chuir duine ó thír eile na ceisteanna seo a leanas oraibh, cén freagra a thabharfadh sibh orthu? Cad é an Ghaeltacht?

Télécharger la présentation

Inimirce Réamhobair 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Inimirce Réamhobair 1 Pléigí na ceisteanna: Cad as do do thuismitheoirí? An bhfuil Gaeilge ag do thuismitheoirí? Anois, samhlaígí gur chuir duine ó thír eile na ceisteanna seo a leanas oraibh, cén freagra a thabharfadh sibh orthu? Cad é an Ghaeltacht? Inis dom faoin nGaeilge.

  2. Inimirce Réamhobair 2 An féidir libh na píosaí beaga d’fhocail a chur leis an bhfocal Imirce chun focail nua a chumadh? Cad is brí leis na focail nua? Bhí athrú beag amháin le déanamh ar an bhfocal deireanach, cad é? -imirce-

  3. Inimirce Réamhobair 3 Tá Gaeilge agam. Aimsígí daoine sa rang a bhfuil na scileanna nó na buanna seo acu! Ach ar dtús, cuir tic leis na cinn atá agat féin!

  4. Inimirce Éisteacht Éist le Saoirse ag caint agus freagair na ceisteanna seo a leanas: An bhfuil Gaeilge ag tuismitheoirí na ndaltaí i scoil Shaoirse? An labhraítear Gaeilge sna siopaí i gceantar Shaoirse? Cén éifeacht atá ag na daoine nua, atá ag bogadh isteach sa cheantar, ar an nGaeilge? Cad iad na teangacha ar fad atá sa cheantar, dar le Saoirse? Cad a cheapann sí faoi na teangacha nua atá le cloisteáil sa cheantar?

  5. Inimirce Iarphlé 1 Bí ag obair leis an duine in aice leat. Féachaigí ar an liosta de na grúpaí inimirceach atá againn anseo in Éirinn. Cad é an grúpa is mó, dar libh? Cuirigí an liosta in ord de réir líon na n-inimirceach in Éirinn, trí 1 a chur leis an ngrúpa is mó agus mar sin ar aghaidh. Na Liotuánaigh Muintir na Ríochta Aontaithe Na Filipínigh Na Laitviaigh Na Gearmánaigh Na Polannaigh Na Francaigh Muintir na Stát Aontaithe Na Nigéaraigh Na Sínigh Cad é an uimhir uatha? Is é sin conas a scríobhfá duine amháin as gach tír? Mar shampla: Liotuánaigh - Liotuánach Ná déan dearmad den riail thábhachtach sin – caol le caol agus leathan le leathan!

  6. Inimirce Iarphlé 2 Líon na bearnaí sa bhosca. Tá cuid den eolas ar an gcéad sleamhnán eile.

  7. Inimirce Iarphlé 3 Seo roinnt eolais faoi na tíortha atá luaite ar an sleamhnán deireanach. Gearmáinis, Sínis, Béarla, Filipínis, Liotuáinis, Fraincis, Laitvis, Polainnis. Labhraítear a lán teangacha eile sna tíortha luaite go minic, ach níl anseo ach na teangacha oifigiúla. • Is í an ceathrú tír is mó ar domhan í. • Is é Vilnius príomhchathair na tíre seo. • Óltar a lán fíona sa tír seo. • Nuair a chastar le daoine den chéad uair sa tír seo, beannaítear don duine is sine nó is tábhachtaí ar dtús. • Is daoine an-phríobháideacha iad seo agus tá an ceol an-tábhachtach dóibh chomh maith. • Tá sé an-tábhachtach do na daoine seo a bheith eagraithe agus an teach slachtmhar. • Áirítear cathracha na tíre seo mar shamplaí den chomhleá cultúr (melting pot culture). • Tá 521 teanga cláraithe sa tír seo. • Tá daonra de 62 milliún sa tír seo. • Is tír Chaitliceach í.

More Related