1 / 8

Cad atá i ndán duit? Réamhobair 1

Cad atá i ndán duit? Réamhobair 1. Féach ar na hábhair choitianta a ndéantar staidéar orthu san ollscoil. An bhfuil na focail ar eolas agaibh? An bhfuil aon ábhar eile nach bhfuil ar an liosta? Ailtireacht Altranas Bithcheimic Bitheolaíocht Ceimic Cumarsáid Cuntasaíocht Dlí

enya
Télécharger la présentation

Cad atá i ndán duit? Réamhobair 1

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Cad atá i ndán duit? Réamhobair1 Féach ar na hábhair choitianta a ndéantar staidéar orthu san ollscoil. An bhfuil na focail ar eolas agaibh? An bhfuil aon ábhar eile nach bhfuil ar an liosta? Ailtireacht Altranas Bithcheimic Bitheolaíocht Ceimic Cumarsáid Cuntasaíocht Dlí Eacnamaíocht Eolaíocht Eolaíocht an Chomhshaoil Innealtóireacht (leictreonaice/bogearraí/shibhialta/cheimiceach) Iriseoireacht Leigheas Matamaitic Múinteoireacht Na hEalaíona Staidéar Airgeadais Staidéar Gnó Caith dhá nóiméad ag foghlaim conas na hábhair ar an liosta a litriú. Ná déan dearmad den riail ‘caol le caol agus leathan le leathan’.

  2. Cad atá i ndán duit? Réamhobair2 Abairtí tábhachtacha • Ba mhaith liom céim / dioplóma / teastas a bhaint amach san eolaíocht. • Teastaím uaim staidéar a dhéanamh ar an eacnamaíocht. • Má éiríonn liom na pointí a fháil! • Tá mé ag athdhéanamh na hArdteistiméireachta mar theip orm na pointí a fháil anuraidh. Obair ghrúpa • Cumaigí ceisteanna oiriúnacha do na habairtí thuas. • Cuir na ceisteanna ar a chéile anois.

  3. Cad atá i ndán duit? Réamhobair3 Ach, is minic nach mbíonn a fhios ag daoine cad a dhéanfaidh siad tar éis na hArdteistiméireachta. Déan ransú smaointe ar na slite ar fad atá ar eolas agat chun níl a fhios agam a rá. Níl mé cinnte!

  4. Cad atá i dán duit? Éisteacht • Éist le Cormac agus Eimhear ag caint faoin mbliain tar éis na hArdteisteagus freagair na ceisteanna. • An chéad éisteacht: • Cad ba mhaith le Cormac a dhéanamh tar éis na hArdteistiméireachta? • Cad ba mhaith le hEimhear a dhéanamh tar éis na hArdteistiméireachta? Cén áit? • An dara héisteacht: • Cén fáth a gceapann Cormac go bhfuil teangacha tábhachtach sa lá atá inniu ann? • Cén fáth ar mhaith le hEimhear cúrsa ginearálta a dhéanamh? • Cad iad na rudaí a bhfuil Eimhear ag súil leo ina saol nua mar mhac léinn? • An tríú héisteacht: • Cén chanúint atá ag an mbeirt chainteoirí agus cén fáth a ndeir tú amhlaidh? • Bhí leagan eile de na frásaí seo sa mhír, cad iad? • - tá sé i gceist agam - an-tóir ar • - cóngarach do - bualadh le

  5. Cad atá i dán duit? Tasc • TASC • Léigh an ceistneoir ó 1 – 33 agus cuir faoin uimhir a léiríonn an tsuim a bheadh agat féin sa chineál oibre atá i gceist. Féach an eochair: • 1 = Bheadh an-suim agam ann. • 2 = Bheadh suim agam ann. • 3 = Bheadh suim mheasartha agam ann. • 4 = Ní bheadh mórán suime agam ann. • 5 = Ní bheadh suim dá laghad agam ann. • Nuair atá an méid sin déanta agat tabhair do cheistneoir don duine in aice leat. • Féach ar cheistneoir an duine in aice leat anois agus léigh tríd go cúramach. Beidh ort comhairle a thabhairt don duine sin ar an gcineál oibre a d'oirfeadh dó. Beidh ort tuairisc ghearr a scríobh. Bain úsáid as frásaí ar nós na gceann thíos: • Ba cheart / ba chóir duit… Tá lámh mhaith agat ar… • Mholfainn duit… Bheifeá go maith ag… • Is léir go bhfuil … Tá bua ________ agat…

  6. Cad atá i ndán duit? Ceistneoir 1

  7. Cad atá i ndán duit? Ceistneoir 2

  8. Cad atá i ndán duit? Iarphlé Pléigh na ceisteanna seo leis na daoine eile i do ghrúpa: An bhfuil barraíocht brú ar dhaltaí Ardteistiméireachta? Cén fáth? An féidir le daoine d’ocht mbliana déag d’aois fios ceart a bheith acu faoin bpost ceart dóibh? Abair gur tusa an tAire Oideachais, conas a d’athrófá an Ardteistiméireacht? Cé acu atá níos tábhachtaí duit féin: post buan le pinsean nó post suimiúil? Ar mhaith leat bheith ag obair thar lear lá éigin? Cén fáth?

More Related