1 / 13

Cáca Milis

Cáca Milis. Scannán le Brian Lynch. Le staidéár. Achoimre Téamaí Carachtairí agus Caidreamh Mothúcháin Teicnicí scannánaíochta. Achoimre. Bhí Catherine ag éalú óna máthair don lá. Bhí sí sásta a leabhair grá a léamh ar an traein.

kishi
Télécharger la présentation

Cáca Milis

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Cáca Milis Scannán le Brian Lynch

  2. Le staidéár • Achoimre • Téamaí • Carachtairí agus Caidreamh • Mothúcháin • Teicnicí scannánaíochta

  3. Achoimre • Bhí Catherine ag éalú óna máthair don lá. Bhí sí sásta a leabhair grá a léamh ar an traein. • Tháinig Paul isteach agus thosaigh sé a caint léi gan stad. Duine soineanta é. • D’éirigh Catherine mífhoighneach frustrach leis. • Bhí Paul ag cur isteach uirthi. • Bhí Catherine an-chrualách nuair a bhí sí ag insint bréige do Phaul faoi na rudaí a bhí lasmuigh den fhuinneog. • Thosaigh an asma ag cur isteach ar Paul. • Ar dheireadh nuair a d’inis sí dó go raibh péist ina cháca bhí sí uafásach. • Fuair sé taom asma agus sciob Catherine an t-análóir ó Paul. Ní raibh Paul ábalta anáil gan é. • Fuair an fear bocht bás. D’imigh Catherine ón traen gan féachaint siar. Ba chuma léi faoi Paul.

  4. Téama - Cruálacht • Ba í Catherine cúis le bás Paul. Bhí sí cruálach mífhoighneach leis. Chuir sé isteach uirthi ón gcéad nóiméad a leag sí súil air. Is léir go raibh sos uaithi ó bheith ag déaláil lena máthair agus bhí sé ar intinn aici a scíth a ligint agus a leabhar a léamh ar an traein ach chur Paul críoch le sin lena caint leanúnach. • Níorbh fhada gur éirigh sí cruálach agus thosaigh sí ag insint bréige dó faoi na rudaí lasmuigh den fhuinneog agus ansin go raibh péist ina cháca. Ní hamháin go raibh sí ag iarraidh Paul a chrá, ach ba léir ón meangadh sásúil ar a haghaidh gur bhain sí pleisiúr mailíseach as. • Ghéaraigh an suíomh nuair a chéas Catherine Paul don uair deireanach. D’éirigh Paul fíor bhuartha faoin ‘bpéist’ ina cháca agus bhuail taom asma trom air arís. D’fhéach Catherine air go cruálach, fuarchúiseach. Bhí Paul ag cneadach agus ag streachailt chun anáil. Lorg sé an t-análóir ar an mbord ach bhog Catherine é, de réir dealraimh, feall ina croí agus d’fhág sí an charráiste. • Níl mórán amhras ar an lucht féachana ach gur mharaigh Catherine Paul lena cruálacht agus a cuid mífhoighne agus ba mheasa fós nár chuir an feall dúnmharfach isteach uirthi ar chor ar bith.

  5. Míchumas Ní féidir féachaint ar an ngearrscannán seo gan smaoineamh ar an slí a chaitear le seandaoine ná daoine le míchumas sa tsochaí sa lá atá inniu ann. Ní hamháin nach bhfuil Catherine sásta bheith foighneach agus tuisceanach lena máthair féin, ach níor thaispeáin an altra Nora mórán de na tréithe sin ach an oiread. Labhair an bheirt faoin seanbhean ar nós drochbhéasach, míthrócaireach agus í ina suí in aice leo sa charr. Ina theannta sin, feictear mífhoighne Catherine arís nuair a bhí uirthi cur suas le Paul suite os a comhair amach. Níor chuidigh sí leis lena málaí, ná leis an gcaifé. Níor léirigh sí puinn foighne ná trua dó fiú nuair a d’impigh sé uirthi cabhrú leis, leis an gcaifé ná leis an siúcra. Tá léargas sa scannán seo ar mheon daoine áirithe ar na daoine is leochailí inár sochaí.

  6. Saol Nua Aoiseach Déarfainn go bhfuil tagairt faoi leith don saol nua aoiseach sa ghearrscannán seo. Seasann an traein do neamhphearsantacht an tsaoil agus don slí ina bhfuil meon na ndaoine athruithe ó tábhacht an phobail go tábhacht an duine aonair. Cur i gcás an dán ‘An tEarrach Thiar’ le Mairtín Ó Díreáin ina raibh bua an phobail ag comhoibriú curtha ós ár gcomhair go héifeacht, ealaíonta, i gcomparáid le Cáca Milis ina raibh fonn ar Catherine an turas traenach a chaitheamh ina haonair ag léamh an leabhar grá gan labhairt l’éinne. Is féidir an rud céanna a fheiceáil mórthimpeall na hÉireann sa lá atá inniu ann ar an gcóras taistil. Cuireann gach éinne nachmór, na cluasán isteach, nó léann siad an kindle gan cumarsáid leis na daoine in aice leo. Tá ceacht sa scannán seo, i mo thuairim, a insíonn dúinn faoin dochar a bhaineann le sochaí ina bhfuil an duine aonair níos tábhachtaí ná an daonra. Deireann sé linn go bhfuil sé níos éasca bheith fuarchúiseach agus cruálach sa sochaí inniu agus nach rud maith é ar chor ar bith.

  7. Catherine Cén sort duine í? - ag an tús - ag an deireadh Gnáthduine le saol deacair Cruálach Mífhoighneach Paul Cén sort duine é? - ag an tús - ag an deireadh Fear le míchumas, ciotach, cainteach, cairdiúil. Páistiúil, soineanta. Carachtairí

  8. Catherine…Cén sórt duine í Catherine? • Is duine…..í – cruálach, teannasach, gránna, cancrach, gnáthdhuine, mífhoighneach, feargach, cumhachtach, drochbhéasach, míchabhrach, ceanndána, mailíseach. • (pointe) Is duine mailíseach agus cruálach í Catherine sa scannán Cáca Milis le Brian Lynch. • (sampla) Feicimid an cruálachas nuair a bhí sí ag insint bréige don fear dall Paul faoi na radhairc agus faoin péist. • (míniú) Bhí sé sin an-chruálach mar d’éirigh Paul trína chéile agus bhí taom asma aige. Bhí sé muiníneach as Catherine. Chreid sé í. • (sampla) Bhí Catherine mailíseach chomh maith mar sciob sí análóir Paul nuair a bhí taom asma aige. • (míniú)Ní raibh Paul ábalta anáil gan é agus fuair sé bás. Bhí Catherine ina chúis le bás Paul. Bhí sí an-mhailíseach.

  9. Paul, …Cén sórt duine é? • Dall, meánaosta, soineanta, cainteach, cairdiúil, ciotach, gealgháireach, páistiúil, muiníneach, truamhéalach, drochbhéasach, marbh, leochaileach. • Is duine drochbhéasach é Paul. Nuair a bhí sé ag ithe d’fhéach sé déistineach. Líon sé a bhéal le cáca, ansin slog sé siar an caife. Níor dhún sé a bhéal. Rinne sé a lán torann.

  10. Caidreamh • Cén sórt caidreamh a bhí idir na carachtairí agus conas a ndéantar forbairt air? • Cumhacht v leochaileach • Cumasach v míchumasach • Mailíseach v gealgháireach • Fuarchroích v muiníneach • Cruálach v soineanta

  11. Céard iad na mothúcháin a mhothaigh na carachtairí? Céard iad na mothúcháin a mhothaigh tú ag féachaint ar an scannán? Frustrachas, míshonas, áthas, uafás, trua. Samhnas, déistin, frustrachas, brón, trua, ionadh, ciontach Mothúcháin

  12. Teicnící Scannánaíochta • Stíl – Murder on the Orient Express • Atmaistéar – dorcha, dúghreann • Suíomh – traein, neamhphearsanta, meafar • Críoch – obann, sceirdiúil, méaldrámata • Teicnící – garamharc, teannas, suíomh, fuaim, dathanna, gonta/íostach

  13. Ceisteanna don obair bhaile… • An maithleat Catherine? 3 fath. • An maithleat Paul? 3 fath. • Cén sort duine é Paul, i d’fhocalféin? • Cad iadnafadhbannasláinte a bhíag Paul? • Cén sort leabhair a bhíag Catherine? Cénfáth go raibhsé sin tábhachtachsascéal? • Cad iadnabréige a d’inis Catherine do Paul? • Bhí Paul brodúil as cúplarud. Cad iad? • Cad a tharlaagdeireadh an scannáin?

More Related