SlideServe
Menu
Préférences
© SlideServe · v2026

An Teanga Laghdaithe An Corp 1

ranae avatar
8 diapositives · 805 Views · Sep 21, 2014

An Teanga Laghdaithe An Corp 1. Ag obair leis an duine in aice leat, breacaigí síos gach ball den chorp atá ar eolas agaibh. An Teanga Laghdaithe An Corp 2.

An Teanga Laghdaithe	 An Corp 1 - slide 1
01 / 8An Teanga Laghdaithe An Corp 1
1 / 17

Télécharger la présentation

An Teanga Laghdaithe An Corp 1
Une image / un lien ci-dessous est fourni (tel quel) pour télécharger la présentation

Politique de téléchargement : le contenu du site vous est fourni TEL QUEL pour votre information et votre usage personnel ; il ne peut être vendu, concédé sous licence ni partagé sur d’autres sites sans l’accord de son auteur.Le contenu vous est fourni TEL QUEL, pour votre information et votre usage personnel uniquement. Téléchargez la présentation en cliquant sur ce lien. Lors du téléchargement, si vous ne parvenez pas à télécharger une présentation, l’éditeur a peut-être supprimé le fichier de son serveur.Pendant le téléchargement, si vous ne parvenez pas à obtenir une présentation, le fichier a peut-être été supprimé par l’éditeur.

F I N

Plus de contenu associé

Transcription de la présentation
  1. An Teanga Laghdaithe An Corp 1 Ag obair leis an duine in aice leat, breacaigí síos gach ball den chorp atá ar eolas agaibh.

  2. An Teanga Laghdaithe An Corp 2 Scríobh fear darb ainm Ciarán Leonach alt ina phléann sé na fadhbanna a bhaineann le mionteanga agus deir sé nuair a bhíonn teanga faoi bhrú gur leagan ‘laghdaithe’ den teanga a labhraíonn na daoine óga. Cad is brí le ‘teanga laghdaithe’? Tabhair buille faoi thuairim! Pointe eile a dhéanann sé san alt ná go bhfuil cineálacha áirithe focal ann nach mbíonn ar eolas rómhaith ag cainteoirí óga. An féidir leatsa agus an duine in aice leat Gaeilge a chur ar na baill choirp seo:

  3. An Teanga Laghdaithe Léamh 1 Léigh féin agus an duine in aice leat na pointí thíos a dhéanann achoimre ar an alt a scríobh Ciarán Leonach. Cén rud Gaeilge Laghdaithe? • Ní fhoghlaimíonn an ghlúin óg an Ghaeilge chomh maith ná chomh hiomlán is a d’fhoghlaim daoine níos sine é. • Ní bhíonn na daoine óga ábalta an méid céanna struchtúr a úsáid agus bíonn níos mó focal ón mBéarla in úsáid acu. • Ní bhraitheann na cainteoirí óga go bhfuil baint mhór ag an teanga lena bhféiniúlacht mar dhaoine agus iad ag fás aníos. • Braitheann siad go bhfuil baint ag an mBéarla lena bhféiniúlacht agus is í an teanga sin is mó a labhraíonn siad. • Ní thuigeann cainteoirí na teanga laghdaithe agus na teanga traidisiúnta a chéile go minic. • Ní bhíonn ach an t-aon stíl amháin acu sa Ghaeilge den chuid is mó (cineálacha stíle: neamhfhoirmiúil /foirmiúil/teanga teaghlaigh/teanga acadúil srl.).

  4. An Teanga Laghdaithe Léamh 2 • Is minic nach mbíonn siad ábalta smaointe ná coincheapa casta a chur in iúl sa mhionteanga agus caithfidh siad iompú ar an mórtheanga chun é sin a dhéanamh. • Is é laghdú teanga an chéim dheiridh i dtreo aistriú iomlán go teanga eile (.i. ó Ghaeilge go Béarla). Príomhphointí an ailt: • Gaeilge laghdaithe atá ag daoine a rugadh ó 1990 i leith. • Más Gaeilge laghdaithe atá ag duine is Gaeilge níos laghdaithe fós, nó Béarla amháin, a bheidh ag a chlann agus ag clann a chlainne. Ag obair leis an duine in aice leat fós, tugaigí samplaí de na pointí thuas ó bhur saol féin.

  5. An Teanga Laghdaithe Iarphlé 1 Bíonn deacrachtaí i gcónaí ag daoine cur síos a dhéanamh ar a gcuid mothúchán i dteanga eile atá á foghlaim acu nó i mionteanga nuair a bhíonn an mhórtheanga an-láidir. Féachaigí ar na samplaí seo ó dhaoine níos sine a bhfuil an Ghaeilge acu ó dhúchas (ó alt Chiaráin): • Níl mé in ann iad a bhearáil. • Tá boladh beautiful ann. • Cén chaoi a bhfuil tú ag feel-áil? Agus samplaí ó pháistí ó 2012: • Tá sé shocked. • Tá sé mad. • Tá sí kind of annoyed. • Tá sí ag breathnú shocked. • Tá sí confused. • Tá sé angry. • Tá sí surprised. Cén Ghaeilge atá agaibh féin ar na samplaí thuas?

  6. An Teanga Laghdaithe Iarphlé 2 Cad a déarfá leis na daoine seo:

  7. An Teanga Laghdaithe Cluiche 1 Cad a déarfá le do chara? Déan comhghairdeas nó comhbhrón leis nó léi. 14 13 16 15 12 9 11 10 7 8 6 5 2 1 4 3

  8. An Teanga Laghdaithe Cluiche 2