1 / 7

Córas na bPointí Réamhobair

Córas na bPointí Réamhobair. Beidh tú ag éisteacht ar ball le Conor ag déanamh cur síos ar an mbrú a bhaineann leis an Ardteistiméireacht a dhéanamh agus a thuairimí faoi chóras na bpointí in Éirinn. Féach ar thorthaí suirbhé a bhí sa nuachtán Foinse inar cuireadh an cheist:

kyrie
Télécharger la présentation

Córas na bPointí Réamhobair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Córas na bPointíRéamhobair Beidh tú ag éisteacht ar ball le Conor ag déanamh cur síos ar an mbrú a bhaineann leis an Ardteistiméireacht a dhéanamh agus a thuairimí faoi chóras na bpointí in Éirinn. Féach ar thorthaí suirbhé a bhí sa nuachtán Foinse inar cuireadh an cheist: Ar cheart deireadh a chur le córas na bpointí san Ardteistiméireacht? Cad é an céatadán ceart do gach freagra, dar leat? Cén fáth? Cad a cheapann an duine in aice leat? Ba cheart, teastaíonn athrú ar an gcóras: _____ Níor cheart, tugtar cothrom na féinne leis: _____ Is cuma liom: _____ 29.7% 5% 70.3%

  2. Córas na bPointíÉisteacht Féach ar Chonor anois faoi dhó agus freagair na ceisteanna: • Cén fáth a shíleann Conor go bhfuil an Ardteistiméireacht cothrom? • Ach, deir sé go bhfuil brú ag baint le lá na scrúduithe, cén brú é sin? • Cad atá deacair faoi chóras na bpointí, dar le Conor? Bhain Conor úsáid as an bhfrása mura n-éiríonn leat. An féidir leat an forainm réamhfhoclach cuí a chur leis na focail thíos chun nath úsáideach a chruthú. Theip D’éirigh Chlis Thaitin (rud éigin) Rith (rud éigin) Anois cuir ceisteanna ar an duine in aice leat san aimsir chaite, ag úsáid na nathanna thuas. Mar shampla: Ar éirigh leat sa scrúdú tiomána? D’éirigh / Níor éirigh

  3. Córas na bPointíLéamh 1 Le Baccalaureate • Déantar staidéar ar 7 n-ábhar (an Fhraincis, Mata, Stair, Tíreolaíocht, Eolaíocht, Fealsúnacht agus teanga iasachta). • Tá trí rogha ann taobh istigh den chóras – an baccalaureate L (béim ar an litríocht), an baccalaureate S (béim ar an eolaíocht) agus an baccalaureate ES (béim ar chúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta). • Ní scrúdú dheireadh chóras na meánscolaíochta é ach scrúdú chun freastal ar institiúidí éagsúla tríú leibhéal. • Tá éileamh níos mó ag na hinstitiúidí orthu siúd a bhfuil an ‘bac S’ acu agus bíonn seans níos fearr ag na daltaí seo freastal ar na coláistí is fearr – les Grandes Écoles. • Is gá 10 as 20 nó níos mó a fháil chun pas a fháil. • Is leor pas a fháil chun fáil isteach sna gnáth-ollscoileanna. • Tá na class préparatoires mar an chéad chéim tar éis an bac le fáil isteach sna Grandes Écoles agus braitheann an seans atá ag dalta fáil isteach iontu ar agallaimh a dhéantar i bhfad roimh an bac. • De bhrí freagraí na gceisteanna sa bac a bheith i bhfoirm aiste den chuid is mó, fiú san eolaíocht, is féidir leis na marcanna a bhronntar a bheith claonta nó suibiachtúil. • Mura n-éiríonn le dalta ach idir 8-10 a fháil in ábhar ar bith tugtar an seans dó scrúdú breise cainte a dhéanamh ar an ábhar sin. • Cé gur féidir le gach dalta a fhaigheann pas freastal ar na gnáth-ollscoileanna (chun leigheas nó múinteoireacht a dhéanamh, mar shampla) ní éiríonn ach le leath acu dul isteach sa dara bliain.

  4. Córas na bPointíLéamh 2 A-Levels • Déantar staidéar ar 3-5 ábhar de ghnáth ag brath ar cad ba mhaith leis an dalta a dhéanamh san ollscoil. • Déantar é idir 16-18 bliain d’aois agus maireann sé dhá bhliain. Ní dhéantar staidéar ar níos mó ná 3 ábhar de ghnáth sa dara bliain. • Cuireann na múinteoirí marcanna sealadacha ar fáil do na hinstitiúidí tríú leibhéal agus ní bhíonn siad cruinn i gcónaí. Glacann na hinstitiúidí leis na daltaí ar bhonn sealadach ag brath ar na marcanna a chuireann na múinteoirí ar fáil. • Caithfidh na daltaí na marcanna sin a thuar na múinteoirí a fháil, chun áit a fháil sna coláistí. • Is féidir leis na daltaí a rogha ábhar a dhéanamh. • Ní roghnaíonn ach 17% de dhaltaí ábhair san eolaíocht. • Tá torthaí na ndaltaí ag éirí níos fearr le blianta anuas. • Déantar cuid de na scrúduithe anois ag deireadh na chéad bhliana agus is féidir na scrúduithe sin a athdhéanamh go dtí go bhfuil marc maith faighte. • Cuireann ollscoileanna áirithe scrúduithe iontrála dá gcuid féin ar siúl chun eolas níos fearr a fháil ar chumas an dalta féin. • Is ábhar roghnach é teanga iasachtach a dhéanamh tar éis ceithre bliana déag d’aois.

  5. Córas na bPointíIarphlé1 • Léigh an dá shleamhnán faoi chóras na bpointí sa Fhrainc agus sa Ríocht Aontaithe. Breac síos achoimre de na pointí faoin dá thopaic i do chóipleabhar. • Anois, ag obair leis an duine in aice leat scríobhaigí pointí cosúil leis na pointí ar an dá shleamhnán dheireanacha ach faoin Ardteistiméireacht. • Cad é an córas is fearr, dar libh? An bhfuil sibh beirt ar aon intinn faoi sin? • Breacaigí síos dhá bhuntáiste agus dhá mhíbhuntáiste a bhaineann le gach córas. • Féachaigí ar phróifíl na ndaltaí ar an gcéad shleamhnán eile. Cad é an córas is fearr a oireann do gach duine? Bígí in ann a rá cén fáth ar roghnaigh sibh amhlaidh.

  6. Córas na bPointíIarphlé2

  7. Córas na bPointíIarphlé3 • Bí ag obair i ngrúpaí. • Ba mhaith leis an Aire Oideachais córas na bpointí a athrú agus d’fhostaigh sé/sí sibhse chun moltaí a chur le chéile le haghaidh córas nua. • Cuirigí na moltaí le chéile anois agus ná déanaigí dearmad de na pointí seo a leanas: • Cén fáth a bhfuil córas na bpointí ann? • An féidir freastal ar gach saghas duine? Conas? • Cad é an t-am is fearr le scrúdú iontrála do na hinstitiúidí a dhéanamh? • An bhfuil airgead ag an rialtas faoi láthair níos mó áiteanna sna hollscoileanna a chur ar fáil? Ní dócha. • An bhfuil aon slí chun scileanna eile (ní scileanna acadúla amháin) na ndaltaí a thástáil? • Cad faoi shocrúchán oibre nó taithí oibre? • Scríobh: Nuair atá na smaointe agus pointí bailithe agaibh, scríobhaigí (in bhur n-aonar) tuairisc don Aire.

More Related