1 / 7

Ar scáth a chéile Réamhobair

Ar scáth a chéile Réamhobair. A: Beidh tú ag éisteacht le dalta ag cur síos ar obair charthanachta a rinne sí. Déan féin agus an duine in aice leat liosta d’aon obair charthanachta a rinne sibhse.

Télécharger la présentation

Ar scáth a chéile Réamhobair

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Ar scáth a chéile Réamhobair A: Beidh tú ag éisteacht le dalta ag cur síos ar obair charthanachta a rinne sí. Déan féin agus an duine in aice leat liosta d’aon obair charthanachta a rinne sibhse. B: An bhfuil tú i do bhall d’aon charthanacht/ eagraíocht? Cad í an charthanacht/eagraíocht is tábhachtaí ar fad, dar leat? Cén fáth an ceann sin? Cad a shíleann an duine in aice leat?

  2. Ar scáth a chéile Éisteacht Éist le Clíodhna agus freagair na ceisteanna seo: • Cad iad na himeachtaí éagsúla a eagraíodh le haghaidh Chernobyl's Children’s charity? • Cad a rinne Clíodhna le haghaidh Cancer Care West? • Cad a deir Clíodhna faoi Amnesty International? • Cén fáth a bhfuil a oiread measa ag Clíodhna ar St. Vincent de Paul? • Cad a deir sí faoi mhuintir na háite agus carthanachtaí? • Cén fáth a bhfuil daoine sa cheantar flaithiúil, dar le Clíodhna?

  3. Ar scáth a chéile Iarobair 1 Abair ar shlí eile é! Tá canúint Chonnacht ag Clíodhna agus úsáideann sí leaganacha áirithe a bhaineann leis an gcanúint sin. An féidir leatsa agus an duine in aice leat na leaganacha seo a rá ar shlí éigin eile? • Bhíomar ag péinteáil éadain • Lena aghaidh (for it) • Muintir atá ag fulaingt • Táimid tosaithe ag bailiú beatha lena aghaidh • Tá siad an-ghroímhar (gnaíúil) thart anseo • Dhéanfadh siad aon cheo do dhaoine eile • Rud éicint

  4. Ar scáth a chéile Iarphlé 2 • Tá saibhreas teanga iontach ag Clíodhna. Ciallaíonn saibhreas • teanga nach bhfuil tú ag brath ar an tslí is simplí chun rud • éigin a rá. Má tá saibhreas teanga agat beidh tú ábalta • tarraingt ar fhocail dhifriúla, ar leaganacha cainte éagsúla agus • beidh níos mó ná slí amháin agat chun tuairim éigin a chur in • iúl. • Seo mar a léirigh Clíodhna an saibhreas teanga atá aici: • Chuir an t-agallóir ceist uirthi faoin gcarthanacht is ‘tábhachtaí’ dar léi. D’fhreagair Clíodhna leis an leagan ‘is suntasaí’ ag léiriú go dtagann leaganacha éagsúla chuici go nádúrtha. • Thaispeáin sí go bhfuil stór focal leathan aici (ag fulaingt; go fadtéarmach; go gearrthéarmach, ag fáil leas as srl.). • Bhí sí ábalta an rud céanna a rá ar shlite difriúla: “rud gearrthéarmach [a bhí ann], rud le gairid”. • D’úsáid sí leaganacha nádúrtha nach bhfuil leadránach: “bíonn siad fíorshásta scaradh lena gcuid airgid” seachas rud éigin cosúil le ‘airgead a thabhairt’. • Úsáideann sí cúpla aidiacht i ndiaidh a chéile (nós comónta sa Ghaeilge) “Tá siad an-ghroímhar agus an-fhlaithiúil thart anseo.” • Tá leaganacha canúnacha ar a toil aici “dhéanfadh siad aon cheo do dhaoine eile.” • Anois pléigh na ceisteanna ar an gcéad sleamhnán eile.

  5. Ar scáth a chéile Iarphlé 3 • Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: • Nuair a bhíonn daoine an-líofa i dteanga is féidir a rá go bhfuil saibhreas teanga acu. Conas a bhaineann duine líofacht amach i dteanga ar bith? Cad a bhíonn ag teastáil chuige sin? Pléigh. • Smaoinigh ar an líofacht atá agat sa Bhéarla – an bhfuil solúbthacht agat sa teanga sin? (i.e. An féidir leat a bheith searbhasach? An féidir leat joke a dhéanamh? An aithníonn tú leaganacha cainte ó áiteanna éagsúla (canúintí tuaithe vs cathrach in Éirinn / focail a úsáideann grúpaí daoine i Sasana nó i Meiriceá nó san Astráil)? An aithníonn tú nuair a bhíonn daoine drochbhéasach nó neamhthuisceanach ina gcuid cainte? Más féidir leat na rudaí sin ar fad a dhéanamh sa Bhéarla, tá saibhreas cainte agat! Le plé: conas a bhfuil an líofacht sin agat? Cén t-ionchur teanga a bhí i gceist ó bhí tú i do leanbh go dtí anois? • Anois smaoinigh ar an nGaeilge – an bhfuil an tsolúbthacht chéanna agat sa teanga sin? Cén fáth? Cén t-ionchur teanga a bhí i gceist ó bhí tú i do leanbh go dtí anois? • Scríobh síos na slite ar fad a chabhródh leat cur le do shaibhreas cainte sa Ghaeilge.

  6. Ar scáth a chéile Iarobair 4 Cad is pobal maith ann? Bí ag obair leis an duine in aice leat. Scríobhaigí síos cad is pobal maith ann do na daoine thíos – bíodh na rudaí seo in aigne agaibh: na riachtanais a bheadh ag na daoine éagsúla agus na rudaí a mbeadh spéis acu iontu agus a bheadh tábhachtach dóibh. Tuismitheoirí le leanaí óga Lánúin aerach Seanbhean Déagóirí Moslamach in Éirinn Duine den lucht taistil

  7. Ar scáth a chéile Iarobair 5 • Féach ar na daoine seo thíos arís agus an uair seo scríobh amach (sa chéad phearsa) na rudaí is mó a bheadh ag dó na geirbe orthu faoin tsochaí ina maireann siad. Tá cúpla frása tugtha duit chun tús a chur leis... • An rud is mó a chuireann isteach orm faoinár sochaí ná... • Chuideodh sé go mór liom dá... • Ní thuigeann daoine gur... • Tuismitheoirí le leanaí óga Lánúin aerach • Seanbhean Déagóirí • Moslamach in Éirinn Duine den lucht taistil

More Related