1 / 10

“Abair liom faoi do scoil!”

Scoil thrítheangach Réamhobair 1. “Abair liom faoi do scoil!” Lig ort féin go bhfuil cuairteoir timpeall a chuireann ceist ort faoi do scoil. Cad a déarfaidh tú leis? Smaoinigh – níl tuairim dá laghad aige cad is gaelscoil/scoil Ghaeltachta ann!

avalon
Télécharger la présentation

“Abair liom faoi do scoil!”

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Scoil thrítheangachRéamhobair 1 “Abair liom faoi do scoil!” Lig ort féin go bhfuil cuairteoir timpeall a chuireann ceist ort faoi do scoil. Cad a déarfaidh tú leis? Smaoinigh – níl tuairim dá laghad aige cad is gaelscoil/scoil Ghaeltachta ann! Pléigh é seo leis an duine in aice leat ar feadh cúpla nóiméad.

  2. Scoil thrítheangachRéamhobair 2 Smaoinigh anois ar thrí thír eile a bhfuil pobail ina gcónaí iontu a bhfuil teanga dá gcuid féin acu. 1. ___________________ 2. ___________________ 3. ___________________ (b) An bhfuil a fhios agat cén rud í mionteanga agus cén rud í mórtheanga? (c) Idir an Ghaeilge agus an Béarla, cé acu ceann an mhionteanga agus cé acu ceann an mhórtheanga?

  3. Scoil thrítheangachRéamhobair 3 An dóigh leat go bhfuil aon mhionteangacha i Meiriceá? Cé hiad na daoine, a déarfá a mbeadh mionteanga á labhairt acu ann?

  4. Scoil thrítheangachRéamhobair 3 ar lean An aithníonn sibh na hainmneacha seo? Cad iad? Cherokee Choctaw Cree Hopi Navajo

  5. Scoil thrítheangachRéamhobair 3 ar lean Beidh tú ag léamh ailt mar gheall ar scoil thrítheangach i Meiriceá anois. Tá an scoil suite ar an mbaile seo (Flagstaff): Sa stát seo, Arizona:

  6. Scoil thrítheangachLéamh Bunaithe ar mhír in Knau Arizona Public Radio (www.knau.org) I Flagstaff, Arizona, tá bunscoil an-neamhghnáthach ar fad – scoil thrítheangach. Foghlaimíonn gach duine Béarla ann ach foghlaimíonn siad Spáinnis nó Navajo ann chomh maith. Múineann Eileen Ryan sa scoil agus an chéad teanga atá ag Eileen ná Diné, an teanga Navajo. Deir sí nach mbíonn seans ag an méid céanna leanaí Diné a chloisteáil is a bhíodh nuair a bhí sí féin ina leanbh. “Is dóigh liom go dtugann an scoil seo seans do na leanaí a thuiscint go bhfuil teanga leo féin ag a muintir agus cultúr leo féin,” a deir sí. Tá sé seo an-tábhachtach mar is mionlaigh iad 50% de dhaonra an scoilcheantair – daoine a bhfuil cúlra Spáinnise acu agus daoine a bhfuil cúlra bundúchasach acu. Deich mbliana ó shin i Flagstaff, is minic a theipeadh ar dhaltaí nach raibh Béarla acu mar mháthairtheanga sa scrúdú stáit Béarla. D’fhág go leor acu scoil.

  7. Scoil trítheangachLéamh ar lean “ An tuairim a bhí taobh thiar de Puente de Hozho ná áit a chruthú go bhféadfadh daltaí ó chúlraí difriúla teanga agus cultúrtha foghlaim le chéile agus áit nach mbeadh daoine ag ceapadh gur ‘fadhbanna’ iad cainteoirí mionteanga ach gurb iad croí na scoile iad”, a deir Michael Fillerup, Stiúrthóir Oideachas Dátheangach na scoile. Faoi láthair, tá ag éirí le formhór na ndaltaí i Puente de Hozho sna scrúduithe stáit agus iad ag foghlaim dhá theanga ag an am céanna. Caitheann na daltaí a roghnaigh Spáinnis leath an lae i seomra ranga ina labhraítear Béarla amháin agus an leath eile i seomra ranga ina labhraítear Spáinnis amháin. Tá ag éirí chomh maith leis an scoil go bhfuil liosta fada feithimh chun áit a fháil ann. Caitheann siad 80 duine a chur ó dhoras gach bliain. Léiríonn taighde go bhfuil buntáistí ann do leanaí a fhoghlaimíonn an dara teanga. Deirtear go mbíonn siad níos fearr ag réiteach fadhbanna agus go bhfuil scileanna cognaíocha níos forbartha acu.

  8. Scoil thrítheangachLéamhthuiscint Freagair na ceisteanna seo a leanas. • Úsáidtear thrí theanga sa bhunscoil Puente de Hozho. Cad iad? • Cé hiad na mionlaigh is mó atá i Flagstaff? • Is cainteoir dúchais Diné í an múinteoir Eileen Ryan. Cad a deir sí mar gheall ar chainteoirí Diné sa lá atá inniu ann? • An bhfuil ag éirí go maith leis an scoil Puente de Hozho? Conas atá a fhios agat? • An rud maith é cúpla teanga a bheith ag duine, dar leis an alt? Cén fáth?

  9. Scoil thrítheangachIarphlé (a) Cad is brí le teanga dhúchais / máthairtheanga? (b) Cén cur síos is fearr a oireann duitse? • Is cainteoir dúchais Gaeilge mé. Labhraím Gaeilge sa bhaile le mo chlann agus táim líofa sa Bhéarla. Is mionteanga í mo mháthairtheanga. • Is cainteoir dúchais Béarla mé. Labhraím Béarla sa bhaile le mo chlann ach táim líofa sa Ghaeilge chomh maith. Is mórtheanga í mo mháthairtheanga. • Is cainteoir dúchais Gaeilge agus Béarla mé. Labhraím Gaeilge le tuismitheoir amháin agus Béarla leis an tuismitheoir eile sa bhaile. Tá mionteanga agus mórtheanga ó dhúchas agam.

  10. Scoil thrítheangachScríobh Scríobh ríomhphost chuig cara pinn leat i meánscoil i do rogha tír. Inis dó/di faoi do scoil: cén saghas scoile í, cad a cheapann tú den scoil, na rudaí a thaitníonn agus nach dtaitníonn leat faoin scoil agus bí cinnte a mhíniú dó/dí faoi chúrsaí Gaeilge sa scoil.

More Related