1 / 21

Post Páirtaimsire

Post Páirtaimsire. Pictiúr a hAon. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon. Bhí Seán ag obair in Ollmhargadh Uí Néill. Bhí sé ag líonadh na seilfeanna sa phictiúr seo. Bhí sé san Idirbhliain. Bhí tairiscint speisialta ar fáil sa siopa an lá sin freisin. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon.

kiral
Télécharger la présentation

Post Páirtaimsire

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Post Páirtaimsire www.isfeidirleat.ie

  2. Pictiúr a hAon www.isfeidirleat.ie

  3. Abairtí simplí do Phictiúr a hAon • Bhí Seán ag obair in Ollmhargadh Uí Néill. • Bhí sé ag líonadh na seilfeanna sa phictiúr seo. • Bhí sé san Idirbhliain. • Bhí tairiscint speisialta ar fáil sa siopa an lá sin freisin www.isfeidirleat.ie

  4. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a hAon • Fuair Seán an deis taithí oibre a fháil in Ollmhargadh Uí Shé le linn na hidirbhliana. • Bhí lúcháir air go bhfuair sé an seans seo, agus bhí dúil mhór aige imprisean mór a dhéanamh ar an mbainisteoir. ‘Tús maith leath na hoibre’ a dúirt sé leis féin. • D’oibrigh sé go díograiseach nuair a bhí sé ann mar bhí gach seans go bhfaigheadh sé post ann le linn an tsamhraidh. • Ba é líonadh na seilfeanna an dualgas ba mhó a bhí aige. www.isfeidirleat.ie

  5. Pictiúr a Dó www.isfeidirleat.ie

  6. Abairtí simplí do phictiúr a Dó • An samhradh a bhí ann sa phictiúr seo. Bhí Seán an-ghnóthach sa siopa. • Bhí a lán dualgas aige. Bhí sé ag cur earraí go néata ar na seilfeanna. Bhí sé ag ceangal cairtchláir le chéile. • Bhí sé ag freastal ar na custaiméirí agus bhí sé ag obair ar an scipéad. www.isfeidirleat.ie

  7. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Dó • Bhí Seán ar mhuin na muice nuair a fuair sé post san ollmhargadh don samhradh. • Tugadh faoi deara gur bhuachaill dúthrachtach macánta é, agus mar thoradh air sin tugadh dualgais sa bhreis dó. • Ní raibh jab ar bith timpeall an tsiopa nach raibh sé in ann tabhairt faoi idir sheilfeanna a líonadh, fhreastal ar na custaiméirí, oibriú ar an scipéad agus chairtchár a phacáil. www.isfeidirleat.ie

  8. Pictiúr a Trí www.isfeidirleat.ie

  9. Abairtí simplí do Phictiúr a Trí • Bhí Seán ag obair óna leathuair tar éis a hocht go dtí a ceathair a chlog. • Bhí sé ag sábháil an airgid. • D’fhiafraigh an úinéir de an raibh sé sásta leis an airgead agus lena uaireanta oibre. www.isfeidirleat.ie

  10. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Trí • Ba léir go raibh an-suim ag úinéirí an tsiopa, Seán a choinneáil i ndiaidh an tsamhraidh. • Tugadh go leor oibre dó. Bhí sé ag obair óna leathuair tar éis a hocht go dtí a ceathair gach Satharn agus Domhnach. • D’fhiafraigh an t-úinéir de an raibh sé sásta lena choinníollacha oibre, ina measc siúd, an t-airgead agus na huaireanta oibre. • Bhí Seán breá sásta. Bhí sé ar intinn aige roinnt airgid a shábháil don choláiste. www.isfeidirleat.ie

  11. Pictiúr a Ceathair www.isfeidirleat.ie

  12. Abairtí simplí do Phictiúr a Ceathair • Cheap Seán go raibh an Cúigiú Bliain an-difriúil ón Idirbhliain. • D’fhiafraigh Ciara de; “an raibh sé fós ag obair san ollmhargadh”. • Cheap na daltaí eile go raibh a lán obair bhaile acu agus go raibh siad faoi bhrú cheana féin. www.isfeidirleat.ie

  13. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Ceathair • Bhí an Cúigiú Bliain iomlán dhifriúil ón Idirbhliain. Bhí mí na meala a bhí acu san Idirbhliain iomlán thart faoin am seo. • Bhí a lán obair bhaile acu gach oíche agus bhí na daltaí faoi bhrú. • D’fhiafraigh Ciara de Sheán an raibh sé fós ag obair san ollmhargadh. • Cheap sí go raibh sé as a mheabhair nuair a fuair sí amach go raibh. Bhí sé sin iomarcach dar léi. www.isfeidirleat.ie

  14. Pictiúr a Cúig www.isfeidirleat.ie

  15. Abairtí simplí do Phictiúr a Cúig • Bhí Seán ag obair tráthnóna Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. • Bhí tuirse an domhain air. • Dúirt an Gairmthreoraí leis gur thit a mharcanna, go raibh an iomarca ar siúl aige, agus gur cheart dó dul abhaile agus labhairt lena thuismitheoirí faoi. www.isfeidirleat.ie

  16. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Cúig • Bhí Seán tuirseach traochta i ndiaidh an deireadh seachtaine. Ba léir go raibh ualach na hoibre sa siopa ag cur isteach air. • D’oibrigh sé tráthnóna Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. • Bhí cruinniú ag Seán leis an Gairmthreoraí Dé Luain. • Dúradh leis go raibh na múinteoirí buartha faoi thitim a mharcanna • Moladh dó dul abhaile agus labhairt lena thuismitheoirí faoi gach rud. www.isfeidirleat.ie

  17. Pictiúr a Sé www.isfeidirleat.ie

  18. Abairtí simplí do Phictiúr a Sé • Dúirt Seán lena thuismitheoirí go raibh brú air agus go raibh tuirse air agus gur mhaith leis éirí as a phost. • Dúirt a thuismitheoirí leis go raibh pointí ag teastáil uaidh don ollscoil agus gurbh é a rogha féin é. • D’inis Seán an scéal do bhainisteoir an tsiopa. D’fhiafraigh sé de an raibh a phost ar fáil an samhradh seo chugainn. Bhí a phost ar fáil. www.isfeidirleat.ie

  19. Forbairt Foclóra ar Phictiúr a Sé • Labhair Seán lena thuismitheoirí faoina chruinniú leis an nGairmthreoraí. D’inis sé dóibh faoin mbrú a bhí air agus faoi cé chomh spíonta amach is a bhí sé. • Bhí a thuismitheoirí iontach tuisceanach dó. Dúirt a mháthair leis gurbh é a rogha féin é ach chuir sí i gcuimhne dó go mbeadh pointí ag teastáil uaidh san Ardteistiméireacht don ollscoil. • Phioc Seán suas an misneach agus labhair sé le bainisteoir an tsiopa. Mhínigh sé dó go raibh an iomarca brú air ach ba bhreá leis oibriú sa siopa an chéad samhradh eile. • Gheall an bainisteoir do Sheán go mbeadh post ann dó. www.isfeidirleat.ie

  20. Ceisteanna www.isfeidirleat.ie

  21. Ceisteanna Samplacha • Céard a bhí á dhéanamh ag Seán sa chéad phictiúr? • Céard iad na dualgais dhifriúla a bhí ag Seán i bPictiúr a dó? • Céard iad na ceisteanna a bhí ag úinéir an tsiopa do Sheán i bPictiúr a Trí? • Céard a cheap Seán faoin gCúigiú bliain? • Cad a dúirt an Gairmthreoraí le Seán i bPictiúr a Cúig? • Cad a dúirt Seán lena thuismitheoirí i bPictiúr a Sé? • Cad a dúirt Seán le bainisteoir an tsiopa i bPictiúr a Sé? www.isfeidirleat.ie

More Related