1 / 57

Bainistiú Tionscadail & Cáilíochta Lá 3 Teicneolaíocht Bainistíocht Tionscadail

Bainistiú Tionscadail & Cáilíochta Lá 3 Teicneolaíocht Bainistíocht Tionscadail. Croílár an tSiollabais: TCI. Trí Príomh Thopaic Bainistíocht Thionscadail Bainistíocht Cháilíochta Bainistíocht Iontaofachta. Struchtúr an Léiriúcháin. Bainistíocht Tionscadail

wallis
Télécharger la présentation

Bainistiú Tionscadail & Cáilíochta Lá 3 Teicneolaíocht Bainistíocht Tionscadail

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Bainistiú Tionscadail • & Cáilíochta • Lá 3 Teicneolaíocht • Bainistíocht Tionscadail

  2. Croílár an tSiollabais: TCI • Trí Príomh Thopaic • Bainistíocht Thionscadail • Bainistíocht Cháilíochta • Bainistíocht Iontaofachta

  3. Struchtúr an Léiriúcháin Bainistíocht Tionscadail • Forbhreathnú ar bhainistíocht tionscadail, • Pleanáil Thionscadail; • Struchtúr Míreanna Oibre • Cairt Gantt • Léaráid Líonra • Léaráid Chosáin Chriticiúil • Pleanáil Thionscadail do thionscnaimh Teicneolaíochta, • Tionscnamh Microsoft (bog earra) a úsáid chun cairteacha a ghiniúint.

  4. Cad is Bainistíocht Tionscadail ann? • Foireann teicníochtaí a úsáidtear chun tionscadail a bhainistiú • A Bhunús sa Tionscalaíocht : Tionscadail Ollmhóra • Tógáil Droichead • Forbairt Táirge Nua • Tógáil Bóithre

  5. Cad is Tionscadal ann? • “Aon tasc laistigh de eagraíocht nach cuid den ghnáth-ghnó laethúil é.’” • Tollán an Chalafoirt • Luas • Forbairt Innil Nua • Córas Cáilíochta a bhunú i gComhlacht • Tionscadal ‘Dear agus Déan’ sa Teicneolaíocht.

  6. Cad is Tionscadal ann? • Seo iad na tréithe atá ag Tionscadal: • Bíonn gach tionscadal sainiúil agus aonarach. • Bíonn earra sainiúil ionseachadtha ag gach tionscadal arna chríochnú. • Freagraíonn an t-earra seo do riachtanas sainiúil nó do chuspóir. • De ghnáth bíonn sprioc-dháta sainiúilchun an tionscadal a chríochnú. • Ní gá go díreach go mbeadh dearadh mar ghné • lárnach de ghníomhaíocht an tionscadail.

  7. Cad air a dhéantar Bainistíocht? • Tá béim sa BT ar bhainistiú acmhainní agus ama ar bhealach rianúil. • Riarachán an tionscadail • Maoirsiú an tionscadail • Eagrú an tionscadail

  8. Cad air a dhéantar Bainistíocht? • Don mhac léinn ciallaíonn sé: • Anailís a dhéanamh ar chuspóirí an tionscadail, • Na tasanna atá riachtanach chun an tionscadal a chur i gcrích a shainmhíniú, • Rialú ar chur i gcrích na dtascanna.

  9. Cé a dhéanann bainistíocht ar an tionscadal? • Bíonn foireann tionscadail i bhfeighil na dtionscadal mhóra de ghnáth.

  10. Cad a dhéanann Bainisteoirí Tionscadail? • Bíonn 3 aidhm ag Tionscadail, • Críochnú faoin sprioc-dháta. • Cloí leis na sonraí a leagadh síos sa choimre. • Gan dul thar bhuiséad. • Is iad na mic léinn atá mar bhainisteoirí ar a d’tascanna féin!

  11. Tábhacht Pleanála • Is minic go dtarlaíonn eachtraí gan choinne le linn • an tionscadail a chuireann moill ar chúrsaí. • Innealra briste, • Fadhbanna le acmhainní/soláirtí, • Easpa oibrí, etc. • Is féidir le pleanáil tionscadail droch-thorthaí na moilleanna gan choinne a laghdú.

  12. Pleanáil Tionscadail • Cad is plean tionscadail ann? • Is féidir leis a bheith chomh simplí le liosta de na céimeanna i dtionscadal beag • Is féidir leis a bheith níos casta le cairteanna, táblaí, costaisí etc. nuair atá an tionscadal mór

  13. Pleanáil Tionscadail • Déan anailís ar an gcoimre, • Liostáil na céimeanna atá i gceist, • Tarraing suas Struchtú Míreanna Oibre (SMO). • Séard atá sa SMO ná léaráid a thaispeánann • Príomh-thascanna • Fó-thascanna

  14. Eiseamláir • Tarraing suas Struchtúr Míreanna Oibre do thógáil seid ghairdín. • Beidh an seid réamhdhéanta ach caithfear é a chur le chéile. • Ní mór bunchloch a ullmhú roimhré.

  15. Liosta de na Tascanna

  16. Cuir an seid ar ordú Seid Ghairdín Ceannaigh Bloic agus Stroighin Ullmhaigh Bunchloch Cuir an seid le chéile nuair a thagann sé SMOdoSheid Gáirdín

  17. Cairt Gantt – Réamhfhéachaint • Séard atá sa Chairt Gantt ná barra-chairt chothrománach a thaispeánann na tréimhsí do gach tasc. Lá 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 Ordaigh an seid Ceannaigh bloic Tóg bunchloch Cuir le chéile

  18. Ciall a bhaint as Cairt Gantt • Tógann sé 9 lá chun an seid a sheachadadh, • Lá amháin chun ábhair a cheannach, • Dhá lá chun bunchloch a leagan, • Lá amháin chun an seid a chur le chéile. • Nóta: • Tógadh an bunchloch díreach roimh an cur le chéile. • D’fhéadfaí é a chríochnú níos luaithe dá ma mhian.

  19. Cleachtadh • Ath-tharraing an cairt Gantt sa tslí go bhfágfar an oiread agus is mó ama chun an bhunsraith a chruachan. Lá 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 Cuir seid ar ordú ón soláthraí Ceannaigh bloic Tóg bunsraith Cuir le chéile

  20. Cleachtadh • Seo thíos pictiúr de Réalt ar Chrann Nollag • Tarraing SMO don Réalt • Tarraing cairt Gantt do dhéantúsaíocht an Réalta

  21. Liosta de na Tascanna:Réalt

  22. SMO do Réalt Gearradh Amach & Líomhadh Marcáil Amach Druileáil Struchtúr Fó-thasc Cur le chéile Tástáil Réalt Fó-thasc Sádráil Ciorcad Ciorcad

  23. Cairt Gantt don Réalt Lá 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 Marcáil Amach Druileáil Gearr Amach & Líomhadh Sádráil Ciorcad Cuir le chéile Tastáil

  24. Léaráidí Líonra • Bíonn léaráid líonra riachtanach i gcás tionscadal níos mó nó níos casta. • Taispeánann Léaráidí Líonra: • Na gaolta idir na tascanna • An seiceamh ina ndéantar na tascanna • Na h-idirspleáchais idir na tascanna.

  25. Léaráid Líonra a Eagrú • Tosaigh le liosta tascanna agus leag amach SMO • Sochraigh ar ord na dtascanna SMO Léaráid Líonra Cairt Gantt

  26. SMO Samplach Ní mór anailís a dhéanamh ar SMO agus é a ath-tharraingt go minic chun teacht ar an seicheamh deantúsaíochta is fearr. (Úsáid ‘Post its’)

  27. Tábla Líonra Is féidir na tascanna agus a réamhtheachtaithe a leagan amach mar thábla

  28. Cuid de Léaráid Líonra Iomlán Tús Tabhair faoi deara go bhfuil A mar réamhtheachtaí ag tasc C Tá B mar réamhtheachtaí ag D and E. Níl aon réamhtheachtaí ag A nó B agus tá siad nasctha leis an tús-nód.

  29. Léaraid Líonra Cleachtadh:Críochnaigh an léaráid agus cuir isteach na tascanna eile Críoch Tús

  30. Léaráid Líonra don Seid Ghairdín • Leag amach léaráid líonra do thionscadal na seide ghairdín ar cuireadh síos air cheana. Críoch Ordaigh an Seid Tús Cur le chéile Tóg an bunchloch Ordaigh na Bloic

  31. Sainmhínithe agus Téarmaí • Téarmaí a úsáidtear sna léaráidí líonra: • Gníomhaíocht – Tasc nó grúpa tascanna riachtanach • don tionscadal. • Líonra – Léaráid de na nóid a sheasann do ghníomhaíochtaí atá nasctha le saigheada treo-aimsitheacha agus a dhéanann sainmhíniú ar an tionscadal agus a thaispeánann na gaolta idir na gníomhaíochta go léir. De ghnáth bíonn nód “Tús” ar chlé agus nód “Críoch” ar dheis ins na líonraí. • Cosán – Sraith de ghníomhaíochta nasctha lena chéile sa líonra • Cosán Criticiúil – Grúpa gníomhaíochta ar an gcosán idir an tús agus an críoch a chuirfeadh siar an sprioc-dháta má bhíonn moill ar aon ghníomhaíocht ar leith sa ghrúpa. • Am Criticiúil – An tréimhse ama atá riachtanach chun na gníomhaíochta go léir ar an gcosán criticiúil a chur i gcrích.

  32. Tréimhsí Ama a chur sa Léaráid Líonra • Is féidir an tréimhse ama do gach ghníomhaíocht a chur sa léaráid líonra • Uaidh seo, is féidir an t-am tosaigh agus an t-am deiridh a fháil do gach tasc • Is féidir tréimhsí ama inathraithe a bheith ag cuid de na tascanna gan cur isteach ar an tréimhse ama iomlán

  33. Eiseamláir Smaoiningh ar an tionscadal seo leanas:

  34. Líonra le Tascanna & Tréimhsí Ama Críoch Tús

  35. Breis Eolais a Chur Isteach • Is féidir linn an t-eolas seo a chur le gach nód sa léaráid: • Am Tosaigh is Luaithe (ATL) • Am Deiridh is Luaithe (ADL) • Am Tosaigh is Déanaí (ATD) • Am Deiridh is Déanaí (ADD) ATL ADL Ainm an Ghníomhaíocht Fad ATD ADD

  36. Léaráid don Chosán Criticiúil • Dath oráiste ar an gcosán criticiúil Críoch Tús • Féach míniúchán mionsonraithe ins na nótaí

  37. Cosán Criticiúil : Conclúidí ón Léaráid • Is é an Cosán Criticiúil ná an cosán a thógfaidh an tréimhse ama is faide • (A-E-H-J) • Am Criticiúil = 21 lá: seo an t-am is luaithe chun chríche • Aon mhoill ar an gcosán criticiúil agus beidh moill ar an dtionscadal ina iomlán • Is féidir cur suas le moill (teoranta) sna tascanna eile.

  38. Ordaigh an seid 9 Críoch Tús Cur le chéile 1 Tóg an bunchloch 2 Ordaigh na bloic 1 Léaráid : Cosán Criticiúil don Seid Ghairdín • Críochnaigh léaráid an chosáin chriticiúil don seid ghairdín • Luaigh an cosán criticiúil agus • an t-am criticiúil

  39. 0 9 Ordaigh an seid 9 0 9 Críoch 10 9 Tús Cur le chéile 1 1 3 9 10 0 1 Tóg an bunchloch 2 Ordaigh na bloic 1 9 7 6 7 Réiteach • CC: Seid ar ordú – Cur-le-chéile • AC= 10 Lá

  40. Eatramh Gníomhaíochta a Ríomh Eatramh nóTréimhse Foluana : an tréimhse ama gur féidir tasc neamhchriticiúil a mhoilliú Eatramh = Am Deiridh is Deanaí – Am Deiridh is Luaithe nó Am Tosaigh is Déanaí – Am Tosaigh is Luaithe Eatramh= ADD-ADL = ATD-ATL

  41. 0 9 Ordaigh an seid 9 0 9 Críoch 10 9 Tús Cur le chéile 1 1 3 9 10 0 1 Tóg an bunchloch 2 Ordaigh na bloic 1 9 7 6 7 Tréimhsí Eatraimh ó Eiseamláir na Seide • An t-eatramh céanna ag an dá thasc neamhchriticiúil, sé sin • (9-3)=(7-1)=(7-1)=(6-0) = 6 lá

  42. Cairt Gantt • Bunaithe ar léaráid líonra • Tugann sí léiriú infheicthe ar ghníomhaíochta agus ar amanna • Is féidir le cairteacha Gantt iad seo a thaispeáint: • Amlíne do gach tasc • Spléachais na dtascanna • An Cosán Criticiúil

  43. Léaráid Líonra • Bunaithe ar an Léaráid Líonra san eiseamláir roimhe seo Críoch Tús

  44. BT a chur i bhfeidhm ar Thionscadail Teicneolaíochta • Anois cuirfimid na teicníochtaí a chonaiceamar cheana i bhfeidhm ar thionscadal ardteistiméireachta hipitéiseach. • Is é an modh imeachta d’obair thionscadail ná • Liostáil na tascanna agus na fóthascanna ann • Tarraing suas SMO • Tarraing suas Tábla Líonra • Tarraing suas Léaráid Líonra • Cuir isteach na hamanna agus cinn an Cosán Criticiúil

  45. Smaoinigh ar an gCoimre Tionscadail seo leanas • Dear agus déan aláram pearsanta ina mbeidh ciorcad leictreonach chomh maith le clúdach oiriúnach • Trí anailís a dhéanamh ar an gCoimre: • Cum plean ginearálta ar chonas tabhairt faoin tionscadal • Aithin na príomh tascanna ann • Cruthaigh Sceideal Míreanna Oibre • Tarraing aníos Léaráid Líonra • Cuir isteach na hamanna agus faigh an cosán criticiúil, an t-am criticiúil agus an t-eatramh do na gníomhaíochta.

  46. SMO Féideartha don Tionscadal Taighde ar Chiorcad Dear an Ciorcad Cuir comhpháirteanna ar Ordú Ciorcad Fó-thasc Déan agus Cuir Le Chéile Tástáíl Aláram Pearsanta Fó-thasc Clúdach Suirbhé ar Úsáideoirí Dear an Sonraíocht Dear an Clúdach Cuir Ábhair ar Ordú

  47. Tábla Líonra • Ar dtús, liostáil na tascanna agus na réamhthascanna

  48. Léaráid Líonra 7

More Related