1 / 13

Scríobh go díreach cé nó cad é is Oibrí Imirceach ann dar leat.

Cad é go díreach is Oibrí Imirceach ann ?. Scríobh go díreach cé nó cad é is Oibrí Imirceach ann dar leat.

kaiyo
Télécharger la présentation

Scríobh go díreach cé nó cad é is Oibrí Imirceach ann dar leat.

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Cad é go díreach isOibrí Imirceachann? Scríobh go díreach cé nó cad é is Oibrí Imirceach ann dar leat.

  2. Is duine é oibrí imirceach a imíonn as a t(h)ír dhúchais féin le fostaíocht a chuardach áit éigin eile. Baineann na focail de ghnáth sa lá atá inniu ann le daoine nach bhfuil sé de rún acu fanacht go buan sa tír nua. I dTuaisceart Éireann líonann oibrithe imirceacha folúntais sna hearnálacha acadúlachta, feirmeoireachta, táirgeacht bia, sláinte agus lónadóireachta.

  3. Cé acu de na folúntais seo a leanas a líonfadh oibrí imirceach dar leat?

  4. Cé acu seo thíos ar oibrí imirceach é/í dar leat?

  5. Tá roinnt téarmaí difriúla ann a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar dhaoine a imíonn óna dtír dhúchais agus a thagann go Tuaisceart Éireann le fostaíocht a fháil. Oibrí Imirceach Iarrthóir Tearmainn Dídeanaí Inimirceach An dtig leat an difear idir na cineálacha seo oibrithe imirceacha a aithint? Comhlánaigh Áis 2 "Meaitseáil na Téarmaí" le cuidiú leat cinneadh a dhéanamh

  6. An dtig leat tír a ainmniú óna dtiocfadh oibrí imirceach go Tuaisceart Éireann? Na 10 dtír dhúchais óna dtagann oibrithe imirceacha go Tuaisceart Éireann den chuid is mó, liostaítear iad ar an chéad sleamhnán eile. Cá mhéad acu is féidir leat a ainmniú?

  7. Na 10 dtír dhúchais is mó as ar tháinig oibrithe imirceacha go Tuaisceart Éireann 2003-2006

  8. Cad chuige a roghnaíonn daoine Tuaisceart Éireann mar áit fostaíochta? Na fáthanna a bhfágann daoine a dtíortha dúcháis Na fáthanna a dtagann daoine go Tuaisceart Éireann Áis 3 in úsáid in bhur ngrúpaí de 4 daltaí, an dtig libh roinnt de na tosca 'brú 'agus 'tarraingt' seo a ainmniú?

  9. Cad chuige a roghnaíonn daoine Tuaisceart Éireann mar áit fostaíochta? • Easpa fostaíochta sa tír dhúchais • Cogadh nó bochtanas sa tír dhúchais • Caighdeán maireachtála íseal sa tír dhúchais • Míshocracht pholaitiúil • Tuarastail níos airde anseo • Earcaíocht ghníomhach as siocair easpa foirne • Deiseanna le scileanna a fheabhsú agus gairmeacha a chur chun cinn • Costas maireachtála níos ísle i dTuaisceart Éireann • An deis le tír úr a thriail

  10. Ní gá doNáisiúnaighón Limistéar EorpachEacnamaíochcead a iarraidh cónaí agus obair a dhéanamh anseo.Orthu siúd tá daoine ónAontas Eorpach (AE), ó Limistéar Saorthrádála na hEorpa(ar a n-áirítear an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin) agus ónEilvéis. Roinnt fíricí orthu siúd a bhfuil cead acu fostaíocht a chuardach i dTuaisceart Éireann

  11. Tá saoirse gluaiseachta de cheart ag Náisiúnaigh ó na Stáit Aontachais AE Nua i stáit eile de chuid an AE ach caithfidh siad clárú le Gníomhaireacht Teorann an RA san Oifig Gnóthaí Baile nuair a fhaigheann siad post. Orthu siúd tá daoine ó na Tíortha A8 a tháinig isteach san AE i mí na Bealtaine 2004: Poblacht na SeiceAn Liotuáin An EastóinAn Pholainn An UngáirAn tSlóvaic An LaitviaAn tSlóivéin (Tháinig an Chipir agus Máltaisteach in 2004 fosta, ach ní chuirtear na srianta seo i bhfeidhm orthu agus caitear leo mar a bheadh stáit a tháinig isteach roimhe.)

  12. Caitheadh ar dhóigh dhifriúil leis na tíortha aontachais is déanaí, an Bhulgáir agus an Rómáin (A2) leis na tíortha A8. Tig le náisiúnaigh ó na tíortha sin a bheith anseo ach tá cead oibre de dhíth orthu do bhunús gach cineál fostaíochta. Is náisiúnaigh choigríche iad Sealbhóirí Ceadanna Oibre ó thíortha diomaite díobh siúd a luadh cheana féin. Déantar ceadanna a eisiúint nuair a chruthaíonn fostóirí nach raibh siad ábalta an folúntas a líonadh ar bhealach ar bith eile. Tá sé de cheart ag mic léinn ón choigríoch obair pháirtaimseartha a dhéanamh. Oibríonn siad go minic mar chúntóirí teanga i scoileanna. Comhlánaigh Áis 5 lena fháil amach cé aige a bhfuil cead a bheith ag obair i dTuaisceart Éireann.

  13. Tasc TFC: Cuireann Áis 6 roinnt fíricí agus figiúirí ar fáil ar threochtaí imirce i dTuaisceart Éireann. Úsáid an fhaisnéis le gluaiseacht daoine isteach agus amach as Tuaisceart Éireann agus na poist a dhéanann oibrithe imirceacha a léiriú. Treochtaí imirce go Tuaisceart Éireann ó 1991-2008

More Related